Scéal grá faoi cheirnín, Máirtín Ó Cadhain agus Jennifer Lopez inste i ndráma nua

‘Máirtín agus Jenny from The Block’ is teideal do dhráma nua le Eoin P Ó Murchú agus Emma Ní Chearúil a bheidh le feiceáil i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn

Scéal grá faoi cheirnín, Máirtín Ó Cadhain agus Jennifer Lopez inste i ndráma nua

Inseofar i ndráma nua scéal grá faoi cheirnín a rinne Máirtín Ó Cadhain, agus ar thángthas air i siopa i Londain.

Máirtín agus Jenny from The Block is teideal don dráma ilmheáin nua atá á chur ar stáitse ag Eoin P Ó Murchú, Emma Ní Chearúil, Cúán de Búrca agus Aoife Ní Dhiarmada a bhfuil sé mar aidhm aige saothar Mháirtín Uí Chadhain a chur ar fáil d’intinn “dópaimín-ídithe ghlúin TikTok”.

Ag cuardach pictiúir de Mháirtín Ó Cadhain le cur le físeán ar líne a bhí údair an dráma nuair a fuair siad amach faoin gceirnín a sheol “ar thuras bleachtaireachta” iad.

Toradh an turais sin ná dráma ilmheáin agus “aistear físe agus fuaime ó litríocht na Gaeilge go hip hap Laidineach”.

“Meascfar leis an iomlán sleachta ó shaothair agus ó thaifeadtaí Uí Chadhain agus fiosróimid conas mar a nascann ár scéal pearsanta le scéal an cheirnín,” a deir na húdair.

“Beidh gné an cheoil tábhachtach tríd síos, agus meascfar an nuachumadóireacht cheoil leis an gcaint, leis an sean-nós agus le rithimí lo-fi.

“Ba mhaith linn a léiriú gur féidir le scéal éachtach a bheith i gceist i ní beag neafaiseach inár saol, go bhfuil iontaisí an domhain timpeall orainn ach breathnú go mion ar an méid atá faoi láimh.”

Gealltar go dtabharfaidh Máirtín agus Jenny from The Block síos “poll coinín digiteach” thú, áit a bhfaighfear amach faoin gceangal atá idir an uile rud agus faoin mbaint atá ag an amhránaí agus an t-aisteoir Jennifer Lopez le scéal Mháirtín Uí Chadhain, duine de mhórscríbhneoirí na hÉireann.

Deir na húdair gur dráma Gaeilge neamhghnách atá romhat má théann tú chuig amharclann an Smock Alley an tseachtain seo chugainn – “uathfhicsean, dráma faisnéise, sruth comhfhiosachta, áiféis, meascán mearaí de ghnéithe analógacha, digiteacha agus an duine féin measctha le hábhar aimsithe.”

Máirtín agus Jenny from The Block ar siúl sa Boys’ School in Amharclann Smock Alley Dé Máirt agus Dé Céadaoin seo chugainn, an 27 agus 28 Feabhra.

Fág freagra ar 'Scéal grá faoi cheirnín, Máirtín Ó Cadhain agus Jennifer Lopez inste i ndráma nua'