Scaoileadh na dianghlasála á phlé ag an Rialtas agus dóchas go bhfuil líon na gcásanna ag laghdú arís

Bhuail triúr ceannairí na bpáirtithe comhrialtais lena chéile aréir agus d'aontaigh siad go raibh an stát ullamh chun na srianta dianghlasála a scaoileadh

Scaoileadh na dianghlasála á phlé ag an Rialtas agus dóchas go bhfuil líon na gcásanna ag laghdú arís

Pléifear ag cruinniú Rialtais inniu conas a dhéanfar maolú ar shrianta Leibhéal 5 atá le dul in éag an tseachtain seo chugainn.

Meastar go mbeidh cead oscailte ag siopaí, ionaid aclaíochta agus gruagairí ar dtús ach go mbeidh ar bhialanna agus tithe tábhairne a mbíonn bia ar fáil iontu fanacht seachtain eile sula mbeidh cead acu dul i mbun gnó arís.

Meastar gur de réir a chéile a mhaolófar na srianta taistil agus na srianta maidir le cuairteanna tí chun go mbeidh deis ag daoine seal a chaitheamh lena muintir aimsir na Nollag féin.

Bhuail triúr ceannairí na bpáirtithe comhrialtais lena chéile aréir agus d’aontaigh siad go raibh an stát ullamh chun na srianta dianghlasála a scaoileadh.

Tá an cruinniú rialtais ar siúl tráth a bhfuil an chuma ar chúrsaí go bhfuil laghdú ag teacht arís ar líon na gcásanna den Covid-19 sa stát.

252 cás nua den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné agus ní raibh aon bhás eile de dheasca an ghalair le fógairt acu. Seo an chéad uair le coicís go raibh líon na gcásanna faoi bhun 300.

109 ráta coicíse an ghalair sa Stát faoi láthair, laghdú 40% agus an ráta is ísle san Eoraip seachas san Fhionlainn.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, go raibh an ráta coicíse maidir le scaipeadh an ghalair “íseal agus ag éirí níos ísle” ach go bhféadfadh sin athrú an-tapa dá dtiocfadh fiú ardú beag ar ráta atáirgthe an ghalair.

Dá ísle a bheidh na figiúirí maidir le scaipeadh an ghalair faoi dheireadh na seachtaine, is ea is mó saoirse a bheidh ann maidir le scaoileadh na srianta Leibhéal 5, a dúirt an Dr Holohan.

D’impigh sé ar dhaoine cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí agus spreagadh a thabhairt dá chéile seachas a bheith ag cur an locht ar dhaoine eile i dtaobh scaipeadh an ghalair.

Chomh maith le cruinniú an lae inniu, beidh cruinniú eile rialtais ann an tseachtain seo sula bhfógrófar Dé hAoine cad iad na socruithe nua atá le tabhairt isteach.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inné go raibh 280 cás nua den choróinvíreas deimhnithe acu, an líon is lú in aon lá amháin ón chéad lá de mhí Dheireadh Fómhair.

D’fhéadfadh an saol a bheith ‘ar ais ar a chosa arís faoi lár na bliana seo chugainn’ agus vacsaín éifeachtach eile forbartha

Tá an Covid-19 anois tolgtha ag níos mó ná 50,000 duine sa Tuaisceart.

2,958 duine a raibh an Covid-19 orthu atá básaithe in Éirinn ó thosach na paindéime, 2,022 duine ó dheas den teorainn agus 936 ó thuaidh di.

120,775 cás den Covid1-9 atá deimhnithe go nuige seo, 70,711 cás ó dheas agus 50,064 cás sa Tuaisceart.

Dúirt an Taoiseach go ndéanfaidh an Rialtas cinneadh Déardaoin nó Dé hAoine faoi conas a mhaolófar na srianta Leibhéal 5 an tseachtain seo chugainn.

D’oibrigh na srianta ar chuairteanna teaghlaigh cheana agus chaithfí é sin a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh, a dúirt sé.

“Caithfimid é sin a thuiscint. D’oibrigh na srianta Leibhéal 3 agus na srianta ar chuairteanna teaghlaigh a thugamar isteach agus ansin d’oibrigh srianta Leibhéal 5…

“Tá na huimhreacha íslithe go maith againn. Is cinnte gur mhaith linn dul níos ísle. Agus tá seachtain eile againn chun na figiúirí a ísliú a thuilleadh,” arsa Micheál Martin.

Dúirt an Taoiseach gur thuig sé a dheacra is a bhí na srianta ar chuairteanna tí ar dhaoine.

“An dea-scéal ná go bhfuil an méid atá á dhéanamh agaibh ag obair. Tá cúrsaí faoi smacht sna hospidéil fad is a bhaineann sé le huimhreacha ICU agus líon na n-othar sna hospidéil. Tá ár scoileanna coimeádta oscailte againn,” a dúirt sé.

Dúirt Martin chomh maith gur léirigh taighde a bhí ag an Rialtas go raibh baint ag cruinnithe daoine a raibh alcól á ól acu leis an ardú a tháinig ar líon na gcásanna Covid-19 sa bhfómhar.

Ní raibh sé sásta a rá cad a chiallódh sé sin do lucht na dtithe tábhairne agus na mbialann a bhfuil súil acu cead oscailte a fháil an mhí seo chugainn.

Dúirt an Taoiseach gur thug ceann an tascfhórsa a bunaíodh chun plé le cúrsaí vacsaíne, an tOllamh Brian Mac Craith, le fios dó go mbeadh a gcéad tuarascáil á cur ar fáil ag an ngrúpa faoin 11 Nollaig.

Dúirt Martin go dtógfadh sé “iarracht mhór náisiúnta” vacsaín a dháileadh.

Fág freagra ar 'Scaoileadh na dianghlasála á phlé ag an Rialtas agus dóchas go bhfuil líon na gcásanna ag laghdú arís'