Scannán Gaeilge faoi amhránaí Gaeltachta roghnaithe do na Oscars

'Song of Granite', scannán faoi Joe Éinniú, an t-amhránaí clúiteach sean-nóis as Carna, atá roghnaithe le dul san iomaíocht do na Gradaim Oscar

Scannán Gaeilge faoi amhránaí Gaeltachta roghnaithe do na Oscars

Is é Song of Granite, scannán faoi Joe Éinniú, an t-amhránaí clúiteach sean-nóis as Carna i gConamara, atá roghnaithe chun dul san iomaíocht ar son na hÉireann don Ghradam Oscar don Scannán Is Fearr i dTeanga Eachtrannnach. Dhá scannán eile  a bhí ar ghearrliosta IFTA do na Oscars, Aithrí (Penance) agus Rocky Ros Muc

Choimisiúnaigh TG4 an scannán ina dtugtar léargas ar shaol Joe Éinniú agus ar na hamhráin a chanadh sé. Scríobh Pat Collins, Eoghan Mac Giolla Bhríde agus Sharon Whooley script an scannáin agus is iad Macdara Ó Fatharta, Colm Seoighe agus na hamhránaithe sean-nóis Mícheál Ó Confhaola agus Pól Ó Ceannabháin atá sna príomhrólanna ann. Tá ceol le cloisteáil ann freisin ó Shéamus Ó Beaglaoich, Damien Dempsey, agus Lisa O’Neill.

Ba é Pat Collins a stiúraigh.

Fógrófar an gearrliosta do na hainmniúcháin Oscar ar an 5 Eanáir 2018 agus fógrófar na hainmniúcháin féin ar an 23 Eanáir. Beidh searmannas na Oscars féín ar siúl ar an 4 Márta.

Fág freagra ar 'Scannán Gaeilge faoi amhránaí Gaeltachta roghnaithe do na Oscars'