Sárchoimhlintí romhainn i mBóthar na Trá agus i gCluain Eois

Imreoidh Gaillimh in aghaidh Ros Comáin i gcluiche ceannais Chonnacht agus tabharfaidh Doire agus Dún na nGall aghaidh ar a chéile níos deireanaí i gcluiche ceannais Uladh

Sárchoimhlintí romhainn i mBóthar na Trá agus i gCluain Eois

Gaillimh v Ros Comáin – Staid an Phiarsaigh, 1.45pm (Beo ar RTÉ)

Imreoidh peileadóirí na Gaillimhe agus Ros Comáin a chéile den cheathrú huair i mbliana nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar a chéile i Staid an Phiarsaigh tráthnóna i gcluiche ceannais Chonnacht. Na Gaillimhigh a bhuaigh an chéad choimhlint nuair a thug siad leo corn Shraith FBD i lár mhí Eanáir ach, ó shin i leith, bhí an lámh in uachtar ag Ros Comáin. 

Bhuaigh foireann Anthony Cunningham ar a gcomharsana sa bhabhta deireanach den tsraith. B’in an chéad chluiche a chaill Gaillimh i mbliana ach bhí roinnt imreoirí tábhachtacha fágtha ar an mbinse ag Pádraic Joyce an lá sin agus a fhoireann ag fáil réidh do chluiche ceannais na sraithe an tseachtain dár gcionn. 

Ní dhearna an scíth sin mórán maitheasa dóibh, ba léir, mar sháraigh Ros Comáin arís iad i bPáirc an Chrócaigh. Ciarán Murtagh a scóráil an cúl cinniúnach ag deireadh na himeartha

Léirigh an dá chluiche sin san earrach cúpla rud. Ar an gcéad dul síos, tá tosaithe den scoth ag Ros Comáin. Scóráil siad 1-20 sa dá chluiche in aghaidh na Gaillimhe agus nuair atá leithéidí Conor Cox, na Smiths agus na Murtaghs ag dul go maith, is deacair iad a stopadh. Bhí tosaithe Ros Comáin thar a bheith cruinn sa dá chluiche in aghaidh na Gaillimhe agus ba dheacair d’aon chosantóir súil a choinneáil orthu sna cluichí sin.

An fhadhb a bhí ag cosantóirí na Gaillimhe ná gur chlis orthu a ndúshlán a thabhairt. Bhí sé de nós ag Pádraic Joyce a chosantóirí a fhágáil ag marcáil a gcéilí comhraic duine ar dhuine. Níl léir go bhfuil na himreoirí ag Gaillimh go fóill le tabhairt faoin gcineál sin córais. An toradh a bhí air in aghaidh Ros Comáin gur fágadh cosantóirí na Gaillimhe ag iarraidh srian a choinneáil ar shárthosaithe a bhí ag imirt ar fheabhas, agus iad ar bheagán cúnaimh. Bheadh trua agat dóibh.

In aghaidh Mhaigh Eo sa chraobh, bhain Joyce úsáid as córas nua inar tugadh treoir do Kieran Molloy agus Dylan McHugh sa líne leathchúil teacht isteach ó na cliatháin agus an spás os comhair chúl na Gaillimhe a líonadh. Bhí tionchar mór ag an athrú sin ar an gcluiche agus cuma níos láidre ar chosaint na Gaillimhe, cé go ndearna Maigh Eo iarracht teacht aniar a dhéanamh ag deireadh an chluiche. Ní hionann stíl imeartha Mhaigh Eo agus Ros Comáin ach déarfá go mba stuama an beart breis tacaíochta a thabhairt do chosantóirí na Gaillimhe. 

Beidh misneach ag Gaiilimh de bharr an bhua sin i gCaisleán an Bharraigh ach níl dream níos fearr chun lá na nGaillimheach a mhilleadh ná Ros Comáin.

Doire v Dún na nGall – Cluain Eois, 4pm (Beo ar RTÉ & BBC)

Má éiríonn le Doire Craobh Shinsir Peile Uladh a thabhairt leo níos deireanaí tráthnóna, níl amhras ar bith ach go mbeidh sí tuillte go maith acu. Tá an ceann is fearr faighte ag foireann Rory Gallagher ar Thír Eoghain, seaimpíní na hÉireann faoi láthair, agus ar Mhuineachán cheana féin agus má sháraíonn siad Dún na nGall i gCluain Eois, beidh na foirne a bhain 12 den 13 Craobh Uladh a imríodh ó 2009 sáraithe acu.

I bhfad siar i 1998, nuair a bhuadar ar fhoireann ó Dhún na nGall a bhí faoi cheannas Declan Bonner, an uair dheireanach ar éirigh le Doire Corn an Anglo-Celt a bhuachan agus tá breis is deich mbliana ann ó bhí siad fiú i gcluiche ceannais ach tá an fhoireann ag neartú de réir a chéile faoi bhainistíocht Gallagher.

Bhí an-mhí-ádh orthu nár éirigh leo ardú céime a fháil i Roinn 2 ach bhí Gaillimh agus Ros Comáin beagáinín chun cinn orthu. Níor chuir an díomá a bhain leis sin isteach ar Dhoire nuair a tháinig an chraobh, áfach. Rinne siad scrios ar Thír Eoghain i mbabhtaí ceathrú ceannais Uladh agus bhí siad rómhaith do Mhuineachán sa chéad bhabhta eile nuair a theip ar a gcéilí comhraic coinneáil le himirt fhuinniúil Dhoire.

Tá dúshlán mór rompu tráthnóna, áfach. Ar Dhoire agus an dul chun cinn breá atá déanta acu atá go leor den chaint roimh an gcluiche ceannais seo. Ar ndóigh ní nuacht ar bith Dún na nGall a bheith sa chluiche ceannais mar go bhfuil sin déanta acu deich n-uaire le 12 bliain anuas.

Chloígh na Conallaigh Ard Mhacha éasca go maith sa chluiche ceathrú ceannais agus cé gur thug an Cabhán neart le déanamh dóibh sa chluiche deireanach, bhí an taithí agus an stuaim ag Dún na nGall chun an cluiche a bhuachan faoi dheireadh.

Sin iad na tréithe cinniúnacha céanna a léirigh siad anuraidh nuair a fuaireadar an ceann is fearr ar Dhoire i ngéarchoimhlint. Thug Doire dúshlán Dhún na nGall i rith an  chluiche ar fad ach rinne Michael Murphy difríocht ollmhór nuair a tháinig sé isteach sa dara leath agus fuair an naoscaire Paddy McBrearty an cúilín cinniúnach ag fíordheireadh na himeartha, cúilín a d’fhág an bua ag Dún na nGall.

D’éirigh le Doire tús den scoth a chur lena gcuid cluichí go dtí seo sa chraobh ach bí cinnte nach i ngan fhios do na Conallaigh a rinne siad sin. Tá siadsan sách glic leis an imirt a mhoilliú ag an tús agus seilbh a choinneáil ar an bpeil agus cuid den ghoimh a bhaint as Doire. Tá an mianach i bhfoireann Rory Gallagher ach caithfidh siad feabhsú arís agus an mianach sin a thaispeáint.  

Fág freagra ar 'Sárchoimhlintí romhainn i mBóthar na Trá agus i gCluain Eois'