Saothraithe go maith a bheadh bua i bPáras

Cé go raibh bua éasca le ceithre úd ag na Francaigh ar na hIodálaigh, níl siad dosháraithe ná baol air

Saothraithe go maith a bheadh bua i bPáras

Joey Carbery. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Thug foireann na hÉireann neart cúiseanna ceiliúrtha agus gleo dúinn an Satharn seo caite agus iad ag scriosadh na mBreatnach bocht i Staid Aviva. Mar a bhí súil againn leis, lean siad leis an tsárimirt a chonaic muid uathu i gcluichí an fhómhair. Go deimhin seans gur chuir siad leis sin agus iad ag léiriú scileanna ardleibhéil láimhseála agus coisíochta. Chinntigh bua sa gcéad chluiche gur muid ceann de na trí fhoireann – Albain, An Fhrainc agus muid féin – atá fós sa gcomhaireamh don chomórtas agus don ‘Grand Slam’ sin atá chomh deacair sin teacht air. Beidh a fhios againn anocht tar éis cluiche Bhabhta 2 i gcoinne na bhFrancach i bPáras an mbeidh muid fós sa rás sin.

Seans gurb é cluiche an lae inniu i gcoinne na Fraince an dúshlán is mó atá roimh na nÉireannaigh i gcomórtas na bliana seo. Ba iad na Francaigh rogha na coitiantachta don chomórtas óna thús agus níor tháinig aon athrú ar an tuairim sin tar éis a gcéad chluiche i gcoinne na hIodáile. Cé gur éirigh leis na hIodálaigh tús dearfach a chur lena gcuid iarrachtaí i bPáras, ní raibh siad in ann an fód a sheasamh i gcoinne scileanna ná fisiciúlacht na bhFrancach ar feadh ochtó nóiméad.

Seans gurb í an fhisiciúlacht chéanna an imní is mó atá ag cur as d’fhoireann na hÉireann agus iad ag réiteach don choimhlint seo. Cé go raibh bua éasca le ceithre úd ag na Francaigh ar na hIodálaigh, ní féidir a rá go bhfuil siad dosháraithe. Ar fhianaise na himeartha a chonaic ón dá fhoireann seo i mBabhta 1 creidim go raibh cúlaithe na hÉireann chomh maith leis na Francaigh agus níos fearr fiú i gcúpla cás, Ringrose mar shampla. 

Sin nó gurb chuala mé nach raibh fáil ar chaptaen na foirne Johnny Sexton de bharr gortú traenála ar an gCéadaoin seo caite. Ní an taithí chéanna ag Joey Carbery, a bheas ag imirt in áit Sexton, ná ag Jack Carty atá ar an mbinse, ar a bheith ag imirt ag an leibhéal seo. Is léir go mbeidh tionchar ag an athrú sin ar chur chuige agus ar imirt na hÉireann.

Sin ar fad ráite, seans gur i measc na dtosaithe a bheas buachan nó cailliúint an chluiche seo, agus go mbeidh an cluiche ag pé paca a thugann an lá leo thar ochtó nóiméad agus nach dtugann an iomarca ciceanna éirice uathu. Beidh tionchar mór freisin ag imirt Antoine Dupont, leathchúlaí clibirte na Fraince, ar imeachtaí. Má éiríonn le foireann na hÉireann srian a chur ar an imreoir is fearr ar domhan faoi láthair is ag feabhsú a bheas a seans.

Níl aon dabht ann ach gurb í an choimhlint seo cluiche an deireadh seachtaine. Beidh pé foireann a thugann an lá leo chun cinn sa chomórtas, ach beidh an bua sin saothraithe acu tar éis cluiche a bheas thar a bheith fisiciúil óna thús. Cuimhnigh nár bhuaigh muid i bPáras ó mhí Feabhra 2018.

Roimh chluiche na hÉireann inniu, cuirfidh na Breatnaigh chun páirce i Staid na Mílaoise agus iad i gcoinne na hAlban. Cé gurb iad na cuairteoirí rogha na coitiantachta don choimhlint seo, de bharr a mbua ar na Sasanaigh i mBabhta 1, ní féidir aiséirí na mBreatnach a chur as an áireamh. Is ag na Breatnaigh atá buntáiste an bhaile agus tá a ndroim go mór le balla. Má theipeann orthu arís inniu seans go mbeidh siad ag súil le cuairt na nIodálach ar an 19 Márta mar go mbeidh orthu na Sasanaigh agus na Francaigh a imirt roimhe sin.

Cuirfidh na hIodálaigh fáilte chun na Róimhe roimh na Sasanaigh amárach. Is deacair tada seachas bua do na cuairteoirí a thuar.

Fág freagra ar 'Saothraithe go maith a bheadh bua i bPáras'