Saothar stuifiúil millte sa deireadh ag an méaldráma agus an áiféis

Imíonn rudaí amach ón gcairt ar fad agus sinn ag tarrac ar cheann scríbe i ‘Dark River’

Saothar stuifiúil millte sa deireadh ag an méaldráma agus an áiféis

Dark River
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Clio Barnard
Cliar: Ruth Wilson, Mark Stanley, Sean Bean.

Sa chéad radharc címid deimheas á bheartú go deaslámhach ag Alice (Wilson). Í ag bearradh caorach gob ar ghob lena leathbhádóirí fireanna. Níos faide anonn agus a cip is a meanaí á dtógaint as a mála aici címid go bhfuil tús áite ag an deimheas céanna. Is siombail é den tslí go bhfuil gairm na feirmeoireachta go smior is go smúsach inti;  cé gur thréig sí an fód dúchas, níor lig sí an cheird a bhí sa bhfuil aici le sruth.

Go deimhin táimid ag brath go mór ar shiombailí, ar chiúnas agus ar sheatanna teanna de chuntanóis leis an scéal a insint dúinn anseo mar is saothar beagfhoclach é táirge Clio Barnard. Go deimhin mhaífinn gur mó focal atá i dtreoracha na scripte ná mar atá sa chomhrá. Ní hin é le rá nach saothar stuifiúil é. 

I ndiaidh dá hathair imeacht ar shlí na fírinne filleann Alice ar an bhfód dúchais in Yorkshire tar éis cúig bliana déag  ar deoraíocht. Baintear siar aisti nuair a chíonn sí go bhfuil an áit imithe chun ainnise; drochbhail ar an tigh agus na foirgnimh, francaigh ar fud na háite agus na caoirigh, nach bhfuil iontu ach na cnámha ag imeacht ar bóiléagar. 

Cuireann an deartháir, Joe (Stanley,) fáilte dhoicheallach roimpi. Ní fada nó go dtéann siad in adharca a chéile faoi thionóntacht na feirme. Grá don nádúr ag Joe ach níl aon acmhainn gnó ann. An deirfiúr níos réalaíche agus fonn uirthi an fheirm a chur i mbarr a réime arís.

Tugann seat teann, fánach den drisiúr le fios gurb í seo an tríú glúin, ar a laghad, atá ag saothrú na talún agus tagann an nasc sin leis an talamh chun cinn go minic. Treisíonn seatanna leanúnacha, taibhsiúla de thírdhreach an cheantair an tuiscint sin.

Tá toise i bhfad níos dorcha ná sin ag baint leis an scéal, áfach. Tugann iardhearcaí le fios go ndein an t-athair (Bean) mí-úsáid ghnéis ar Alice nuair a bhí sí sna déaga. Tá na míreanna seo an-shuaiteach ach nílid gáirsiúil.

Ní haon iontas mar sin go bhfuil gaol mífheidhmiúil idir Joe agus Alice. Léiríonn na hiardhearcaí go mbíodh dlúthcheangal agus dlúthchairdeas idir an deartháir agus an deirfiúr agus gur fhág an ciorrú coil rian ar Joe leis.  Éiríonn an fear cráite seo níos suaite agus níos míshocra de réir mar a ghluaiseann an scéal ar aghaidh. An bheirt acu beagfhoclach, stobarnáilte agus cúrsaí ag teacht go cnámh na huillinne. 

Thosaigh rudaí ag imeacht amach ón gcairt ar fad agus sinn ag tarrac ar cheann scríbe agus é á thaibhreamh dom nárbh fheadar don mheitheal cén tslí leis an scéal a thabhairt chun críche. Blas méaldrámata, áiféiseacha ar na heachtraí; rud a tháinig salach ar an gcur chuige tomhaiste, caolchúiseach a bhí againn go dtí sin. Tugtar aghaidh ar thragóidí agus éagóir na staire agus fágtar sinn le críoch a bhfuil ardú meanman beag ag baint leis.

Fág freagra ar 'Saothar stuifiúil millte sa deireadh ag an méaldráma agus an áiféis'