Saothar Gaeilge ar bharr an liosta leabhar is mó díol do dhaoine óga sa tír

Bhí ‘Cluasa Capaill ar an Rí’ ar an gcéad leabhar Gaeilge riamh a roghnaíodh mar chuid de Lá Domhanda na Leabhar

Saothar Gaeilge ar bharr an liosta leabhar is mó díol do dhaoine óga sa tír

Bhain leabhar Gaeilge barr an liosta amach an mhí seo agus é ar cheann de na leabhair is mó díol sa tír.

Tá an leabhar Cluasa Capaill ar an Rí le Bridget Bhreathnach, colúnaí le Tuairisc, ar bharr an liosta díolacháin is déanaí don ‘Fhicsean d’aosaigh óga agus gasúr’, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ag an gcomhlacht Nielsen.

Idir 12-19 Márta, díoladh 714 cóip den leabhar le Bridget Bhreathnach, leabhar a bhuaigh Gradam Réics Carló anuraidh.

Bhí Cluasa Capaill ar an Rí ar liosta na leabhar do Lá Domhanda na Leabhar 2022 agus cuireadh eagrán speisialta ar fáil mar chuid den fhéile bhí ar siúl ag tús na míosa. 

Bronnadh dearbhán ar gach dalta scoile sa tír chun leabhar a fháil ón liosta.

Bhí na leabhair uile eile a bhí ar liosta na leabhar is mó díol roghnaithe d’fhéile Lá Domhanda na Leabhar freisin ach ba é an ceann Gaeilge an ceann ba mhó tóir.

Is é an comhlacht foilseacháin Futa Fata a d’fhoilsigh Cluasa Capaill ar an Rí agus is í Shona Shirley MacDonald a mhaisigh an leabhar. Bhain leabhar eile a foilsíodh in Éirinn, Deadly! Irish History: Fun with the Celts and the Vikings! le John Farrelly áit amach ar an liosta freisin.

Chuir Clár na Leabhar Gaeilge ag Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil chun an t-eagrán speisialta a sholáthar do Lá Domhanda na Leabhar 2022.

Fág freagra ar 'Saothar Gaeilge ar bharr an liosta leabhar is mó díol do dhaoine óga sa tír'

  • KH

    Comhghairdeachas le Bridget.