Saothar cumhachtach tráthúil faoi chiníochas thréimhse Jim Crow

Chuir dúnmharú brúidiúil Emmett Till i 1955 alltacht ar phobal Mheiriceá agus chuir sé dlús le feachtas na gcearta sibhialta

Saothar cumhachtach tráthúil faoi chiníochas thréimhse Jim Crow

Till
Stiúrthóir: Chinonye Chukwe
Cliar: Danielle Deadwyler, Jaln Hall, Haley Bennett, Whoopi Goldberg

Rógaire croíúil, neamhurchóideach ba ea Emmett Louis Till a rugadh in Chicago na bliana 1941. Maraíodh a athair i dtreo dheireadh an Dara Cogadh Domhanda agus ba iad a mháthair Mamie agus a sheanmháthair Alma a thóg é. D’éalaigh Mamie agus Alma as Mississippi ciníoch na bhfichidí mar chuid den ‘Great Migration’ agus chuireadar fúthu in Chicago. Ag tosach an scannáin címid go bhfuil Mamie (Deadwyler) ag bisiú sa saol in ainneoin na ndúshlán a bhí aici i gcaitheamh a saoil. Post, éadaí agus tigh breá aici.

Meabhraítear ciníochas na tréimhse seo dúinn go luath agus go caolchúiseach, áfach. Garda slándála i siopa ilrannach ag tathant uirthi dul síos staighre lena bróga a cheannach.

Déanann sí an fód a sheasamh go cúirtéiseach ach go diongbháilte. Comhartha faoina bhfuil i ndán dúinn sa scannán, ó thaobh an chiníochais neamhbhailbh agus teanntás na mná araon.

I samhradh na bliana 1955 agus gan Till ach ceithre bliana déaga, cinntear go rachadh sé ar cuairt leis féin chuig daoine muinteartha i Mississippi. Ní nach ionadh tá an mháthair faiteach óir go bhfuil cos ar bolg Jim Crow in ard a réime.

Cuirtear seo abhaile orainn i radharc traenach nuair a thosnaíonn na daoine daite ar fad ag bogadh go cúl na traenach nuair a théitear síos thar líne Mason-Dixon.

“Be small” i gcomhluadar daoine geala is ea comhairle na máthar dá mac agus é ag bualadh bóthair.

Saol eile ar fad atá ó dheas agus daoine muinteartha ag maireachtaint ón lámh go dtí an béal ag piocadh cadáis mar scairshaothraithe talún.

Ansin tarlaíonn eachtra chinniúnach agus Till i siopa mar a bhfuil bean óg phósta, Carolyn Bryant (Bennett), ag tindeáil air. Címid é ag caint léi go tiarnúil agus ina dhiaidh sin ligeann sé fead ghraosta léi.

Sa radharc scanrúil seo aithníonn na daoine muinteartha áitiúla an sárú geasa agus an chontúirt a bhaineann le gníomh Till.

Cúpla lá ina dhiaidh sin d’fhuadaigh fear céile Carolyn agus a leasdeartháir Till. Fuarthas a chorp briste brúite in abhainn an Tallachatchie ina dhiaidh sin.

Cé gur Till atá mar ainm ar an scannán, sí Mamie príomhcharachtar an scannáin agus is é a brón is a diongbháilteacht siúd in aghaidh an chiníochais na príomhthéamaí. Tá ar Deadwyler go leor den scannán a iompar agus tugann sí taispeántas ábalta uaithi agus táthar ag caint ar ainmniúchán Oscar ar a laghad.

Éilíonn sí go mbeadh an chónra oscailte ag tórramh Till agus tugann sí cuireadh do ghrianghrafadóir pictiúr a thógaint le go gcífidh an saol mór an drochíde a tugadh dá mac.

Cuireann seo alltacht ar an bpobal agus cuirtear suim sa chás. Seans go raibh tionchar aige ar an gcinneadh dúnmharú a chur i leith an bheirt fhear.

Címid an feachtas cearta sibhialta ag bailiú nirt ag cur i gcoinne an chiníochais atá go rábach, ó dheas ach go háirithe.

Saothar tochtmhar, corraitheach atá againn anseo. Ceann de na rudaí is scanrúla faoin saothar seo ná nach bhfuil na heachtraí seo chomh fada sin siar sa stair. Go deimhin maireann Caroline Bryant i gcónaí.

Meabhraíonn eachtraí a tharla le linn réimeas Trump dúinn go maireann an dearcadh ciníoch i gcónaí. Saothar cumhachtach tráthúil.

Fág freagra ar 'Saothar cumhachtach tráthúil faoi chiníochas thréimhse Jim Crow'