San Afraic Theas a bheidh na Muimhnigh ar thóir a dtríú bua as a chéile

Idir an Corn Domhanda agus an Pro 14 níl aon easpa rugbaí ar lucht leanta an chluiche sa tír seo faoi láthair 

San Afraic Theas a bheidh na Muimhnigh ar thóir a dtríú bua as a chéile

Liam Coombes. Pictiúr: INPHO/Frikkie Kapp

Maidin Dé Sathairn beidh muid ar fad sáite i scéal na Seapáine nuair a bheas an fhoireann idirnáisiúnta in iomaíocht leis an tSamó sa gCorn Domhanda. 

Ach roimhe sin, anocht, beidh rogha de thrí chluiche againn ina mbeidh foireann chúige ón tír seo ag imirt i mBabhta 3 den Pro 14. 

San Afraic Theas, beidh na Muimhnigh ar thóir a dtríú bua as a chéile agus iad in iomaíocht leis na Cheetahs. Is cinnte gurb iad na Cheetahs an fhoireann is láidre den dá fhoireann ón Afraic Theas atá san iomaíocht sa bPro 14. Ni raibh stró ar bith orthu greadadh náireach (63 – 26) a thabhairt do na hUltaigh an Satharn seo caite. 

Seans freisin gurb iad na Cheetahs an fhoireann is fearr a chas ar na Muimhnigh sa gcomórtas go dtí seo. Tá na Cheetahs iad féin ar thóir a dtríú bua agus is buntáiste ar leith dóibh a bheith ag imirt sa mbaile in Bloemfontein, áit a bhfuil taithí mhaith acu ar an aer tanaí a bhíonn ag an airde sin. Creid uaim é, cuirfear tástáil an-dian ar na Muimhnigh ansin anocht. Nílim cinnte an bhfuil siad réidh dó fós.

Sa mBreatain Bheag a bheas na Connachtaigh anocht ar thóir a ndara bua as a chéile agus a gcéad bhua as baile an séasúr seo. 

Cinnte, tabharfaidh siad neart muiníne agus dóchais leo ón mbua cuimsitheach (41- 5) a bhí acu ar Treviso seachtain ó shin. Ach is ar an mBóthar Beag a bhí an choimhlint sin agus is fiú a mheabhrú nach bhfuil tuairisc rómhaith ar fhoireann na Gaillimhe agus iad as baile i gcoinne na Dragons.

Le cur leis an mbrú beidh eireaball na Dragons go hard san aer de bharr an bhua (52 – 21) a bhí acu ar Zebre i mBabhta 2, an chéad bhua as baile acu le fada an lá. Sea, tástáil mhaith eile do na Connachtaigh.

Seans gurb í an choimhlint idir Dún Éideann agus na Laighnigh is mó a mheallfas lucht féachana anocht.

Níl cluiche caillte sa gcomórtas ag ceachtar den dá fhoireann seo fós an séasúr seo. Ní hamháin sin ach tá sean-aithne ag an mbeirt thraenálaithe, Cullen agus Cockerill, ar a chéile ón am ar imir siad le chéile do na Leicester Tigers.

Bhí na Laighnigh an-snasta go deo nuair a scrios siad na Ospreys san RDS seachtain ó shin ach is tástáil de chineál eile a bheas sa gcluiche seo.

Tá athrú millteanach ar Dhún Éideann faoi stiúir Cockerill. Tá siad crua agus fisiciúil agus thar a bheith iomaíoch anois. Ní ghéillfidh fir an bhaile tada bog do na cuairteoirí agus beidh pointe ar bith a thugann fir Átha Cliath abhaile leo sách tuillte acu.

Tá mise ag tuar bua do na cuairteoirí ach ní bheadh iontas orm dá n-éireodh le foireann na hAlban geit a bhaint astu.

Ar an Satharn a bheas na hUltaigh ag cur chun páirce san Afraic Theas i gcoinne na Southern Kings. Beidh siad ar a míle dícheall ag iarraidh cuimhne na lagiarrachta a chonaic muid uathu seachtain ó shin a chur as a gcuimhne. Tá an t-ádh orthu gur i gcoinne ceann de na foirne is laige sa gcomórtas a bheas siad amárach.

Mar sin féin caithfidh siad a bheith cúramach, bíonn baol ann i gcónaí agus foirne ag imirt as baile.

Fág freagra ar 'San Afraic Theas a bheidh na Muimhnigh ar thóir a dtríú bua as a chéile'