Roinnt craoltóirí agus clár Gaeltachta ar ghearrliosta ghradaim raidió

673 iontráil a fuarthas do ghradaim IMRO na bliana seo agus 102 moltóir a rinne scagadh orthu

Roinnt craoltóirí agus clár Gaeltachta ar ghearrliosta ghradaim raidió

Tá roinnt craoltóirí agus clár Gaeltachta i measc na n-ainmniúchán do ghradaim raidió IMRO i mbliana.

Dhá ainmniúchán sa rannóg don chraoltóireacht Ghaeilge atá faighte ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, ceann do Bladhaire, an clár irise a bhíonn á chur i láthair ag Áine Ní Bhreisleáin, agus ceann do Ár bPéire, clár faisnéise a rinne Dónall Mac Ruairí faoi lánúin a d’uchtaigh beirt pháistí.

Tá BBC Radio Uladh ainmnithe sa rannóg chéanna d’eagrán de Blas Ceoil a craoladh ó Bhóthar Seoighe agus tá KCLR ainmnithe don chlár Ceol Anocht. Tá an clár cúrsaí reatha Splanc ar Newstalk san iomaíocht chomh maith don ghradam Gaeilge.

Tá beirt chraoltóirí aitheanta as an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara luaite le gradaim na bliana seo. Tá eagrán de  Saturday with Cormac Ó hEadhra a phléigh ceist an PPE in ionaid altranais ainmnithe sa rannóg clár cúrsaí reatha na bliana agus tá Máire Treasa Ní Cheallaigh ainmnithe sa rannóg ‘Craoltóir Spóirt na Bliana’ dá saothar le Newstalk.

Tá an scríbhneoir aitheanta Darach Mac Con Iomaire i measc na ndaoine atá ainmnithe sa rannóg drámaíochta agus é san iomaíocht dá dhráma Leaba an Bháis.

673 iontráil a fuarthas do ghradaim IMRO na bliana seo agus 102 moltóir a rinne scagadh orthu. Ar líne a bheidh searmannas bronnta na bliana seo de bharr na paindéime Covid-19.

Fág freagra ar 'Roinnt craoltóirí agus clár Gaeltachta ar ghearrliosta ghradaim raidió'