Rogha de phitseámaí deasa teolaí do shéasúr na Nollag

Idir €15 agus €80 an ceann atá ar na pitseámaí atá roghnaithe ag ár gcomhfhreagraí

Rogha de phitseámaí deasa teolaí do shéasúr na Nollag

Ar chúis éigin nach dtuigim go hiomlán bíonn ceangal i m’intinn féin idir an Nollaig agus pitseámaí nua a fháil. Seans go dtagann sin ó phitseámaí a fháil i measc na mbronntanas aimsir na Nollag agus mé i mo pháiste ach is cuma faoin tsíceolaíocht a bhaineann leis is minic pitseámaí nua ar mo liosta an tráth seo bliana. Ar ndóigh, is bronntanas deas iad freisin agus is beag duine nach gcuirfeadh fáilte rompu, go háirithe cinn a bheadh deas bog compordach teolaí don gheimhreadh seo romhainn.

Seo cuid de na cinn a mheall mo shúil le gairid.

 

Pitseámaí sróil ó Rosie ag Marks & Spencer ar €49

Is breá liom na pitseámaí sa stíl chlasaiceach seo atá deartha ag an sármhainicín Rosie Huntington-Whiteley do M&S. Tá an péire seo an-fhaiseanta agus galánta agus ní don leaba amháin iad. Bheidís go breá agus tú á gcaitheamh mar éadaí scíthe ar fud an tí. Tá siad seo daor go leor ach is infheistíocht mhaith iad mar go mairfidh siad ar feadh na mblianta.

 

Pitseámaí dearga ó New Look ar €29.99

Pitseámaí sa stíl chlasaiceach arís, dath álainn dearg orthu le croíthe beaga bídeacha atá an-oiriúnach do shéasúr na féile. Fabraic bhog gheirsí atá iontu seo agus iad thar a bheith compordach.

 

Pitseámaí veilbhite ó Dunnes Stores ar €14.76

Más pitseámaí spraíúla don Nollaig atá uait seo cinn dheasa ó Dunnes, lán de phictiúir bheaga de réinfhianna agus an fhabraic dheas veilbhite chomh compordach le do chneas. Is dócha nach mbeifeá á gcaitheamh don chuid eile den bhliain ach bheidís tráthúil do laethanta agus d’oícheanta shéasúr na Nollag.

 

Pitseámaí síoda ó Zara ar €79.95

Is dócha nach bhfuil mórán againn in acmhainn €80 a chaitheamh ar phitseámaí síoda, ach iadsan a bhfuil sparán teann acu seo péire álainn ó Zara. Síoda maoildeirge atá sna pitseámaí bána seo agus níor mhaith duit gloine fíon dearg a dhoirteadh orthu sula dtéann tú a chodladh!

 

Gúna Oíche seicear ó Penneys ar €12

Seo gúna oíche deas ó Penneys don té sin nach maith léi pitseámaí.  Tá an patrún seicear agus na dathanna dearg agus glas tráthúil an t-am seo bliana. Tá an gúna oíche seo fíorchompordach agus é ar fháil ar phraghas an-réasúnta.

 

Fallaing sheomra ar dhath burgúnach ó Next ar €35

Is cuma an pitseámaí nó gúna oíche do rogha is deas an rud fallaing sheomra chompordach a bheith ag duine le caitheamh os a gcionn. Tá an dath álainn burgúnach seo agus an fionnadh bréige ar imeall an chochaill an-ghalánta ar fad. Ní don Nollaig amháin í seo ach don bhliain ar fad.

 

Fallaing sheomra dhúghorm ó Littlewoods Ireland ar €32

Fallaing sheomra mhór theolaí an ceann seo a choinneoidh teolaí thú an lá is fuaire sa ngeimhreadh. Tá patrún deas calóga sneachta uirthi agus ní compord go dtí í.

Fág freagra ar 'Rogha de phitseámaí deasa teolaí do shéasúr na Nollag'