Rialtas sealadach do Covid-19 agus olltoghchán eile an leigheas

Is beag údarás morálta a bheadh ag rialtas a bheadh curtha i dtoll a chéile ag páirtithe a chaill an oiread sin tacaíochta san olltoghchán

Rialtas sealadach do Covid-19 agus olltoghchán eile an leigheas

Teach Laighean. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Tá Comhaontas Glas faoi ionsaí nimhneach leanúnach faoi láthair ag na meáin mhóra toisc go bhfuil siad ag diúltú páirt a ghlacadh i gcomhrialtas de chuid Fhianna Fáil is Fine Gael.

Tá siad ag déanamh neamhshuim dá ndualgas, a deirtear, rialtas seasmhach a bhunú a choinneodh lucht Shinn Féin ó dhoras.

Go deimhin bíonn na tráchtairí agus craoltóirí – leithéidí Stephen Collins, Kevin Doyle, Philip Ryan agus Seán O’Rourke – in iomaíocht lena chéile faoi cé acu is géire a thabharfaidh faoi na Glasaigh fhealltacha seo.

Nach dteastaíonn uathu a bheith i rialtas ar mhaithe le slánú na haeráide? a fhiafraítear. Roinnt de na daoine seo atá ag ceistiú na nGlasach níl meas madra acu ar thuairimí na nGlasach i leith na haeráide.

Gan dabht is féidir le Fianna Fáil is le Fine Gael rialtas a bhunú le tacaíocht na neamhspleách. Seo iad na daoine a bhféadfaí brath orthu chuige sin i mo thuairimse: an bheirt Healy-Rae, Mattie McGrath, Michael Collins, Richard O’Donoghue (de mhianach Fhianna Fáil), Denis Naughten, Peter Fitzpatrick, Michael Lowry (mianach Fhine Gael), Noel Grealish (iar-PD), Seán Canney agus Cathal Berry.

Sin aon duine dhéag i dteannta an 72 atá ag Fine Gael is Fianna Fail le chéile. Nó 83 as 159.  Leo siúd b’fhéidir go dtiocfadh Verona Murphy is Michael McNamara ar bord, fiú Marian Harkin is Michael Fitzmaurice, cé nach dócha go rachadh Peadar Tóibón ná Carol Nolan leo.

Mar sin is féidir idir 83 is 87 a fháil do rialtas FF/FG, bheadh in aghaidh 76 nó 72.

Ach deir Leo Varadkar go bhfuil tacaíocht ó pháirtí amháin eile ag teastáil le seasmhacht a thabhairt do rialtas dá leithéid. In ainneoin sin, tá sé ráite go lom ag Neasa Hourigan, duine de na Teachtaí Dála nua atá ag Comhaontas Glas, nach léir go bhfuil an dá mhórpháirtí i ndáiríre faoi chlár na nGlasach i dtaobh na haeráide is nach mbeadh sa bpáirtí mar sin ach pludgharda don dá cheann eile.

Ní leor sin, a deir sí, agus ní ceart é.

Toisc go bhfuil na Glasaigh ag diúltú dul leo, tá iarracht ar siúl le beocht a shéideadh i bPáirtí an Lucht Oibre a bhfuil seisear Teachtaí Dála acu. Thabharfadh sé sin móramh compordach, idir 19-27, don rialtas seo.

Díreach i ndiaidh an olltoghcháin, dúirt Brendan Howlin agus Aodhán Ó Ríordáin nach nglacfadh an páirtí páirt i rialtas. (Bhí caint ag an am go dtiocfaidís leis an iarracht le rialtas den eite chlé faoi cheannas Shinn Féin a bhunú).

Ach tá ceannaire nua acu anois, Alan Kelly, is tuigtear go bhfuil seisean i bhfabhar dul le FF/FG.  Tá tacaíocht aige ó Sheán Sherlock, ach labhair Aodhán Ó Ríordáin (an té a bhuail sé don cheannaireacht), Ged Nash, Brendan Howlin agus Duncan Smith ina choinne.

É sin go léir ráite, cé go bhfuil na figiúirí ann agus an t-údarás ó thaobh dlí ann chuige, is beag údarás morálta a bheadh ag rialtas a bheadh curtha i dtoll a chéile ag páirtithe a chaill an oiread sin tacaíochta san olltoghchán.

Cén rogha eile atá ann?

Is léir gur toil le cuid mhaith den phobal go mbeadh Sinn Féin san áireamh agus aon rialtas á chruthú agus is í an t-aon cheist ar chóir a bheith ann ná an féidir leis na páirtithe teacht ar aon tuairim maidir le clár rialtais. Is ceart deireadh ar fad a chur le bheith ag déanamh deamhain de Shinn Féin (nó aon pháirtí eile) mar gheall ar do dhearcadh faoi thréimhse na streachailte armtha.

Feictear domsa freisin, ámh, gur beag deifir atá ar Fhine Gael an scéal seo a bhrostú. Tá siad fós i mbun rialtais, agus ag déanamh go maith i súile cuid mhór den phobal.

Leis an oiread sin easaontais idir na páirtithe, go háirithe faoi na tosaíochtaí caiteachais, is cosúil gurb é an rud is fearr ná toghchán eile a thabharfadh cinnteacht éicint dúinn.

Ach ní féidir, is léir, toghchán a reáchtáil agus muid i lár na géarchéime Covid-19.

Sa gcás sin nach mbeadh sé ciallmhar go n-oibreodh an rialtas sealadach mar atá leis na páirtithe eile go léir i dtaobh Covid-19, agus toghchán eile a reáchtáil sa bhfómhar nuair a bheadh, tá súil againn, an chuid is measa den phaindéim seo thart?

Má tá na tráchtairí agus na polaiteoirí dáiríre faoi leas an náisiúin a chur roimh leas na seanpháirtithe, sin í an tslí is fear sin a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Rialtas sealadach do Covid-19 agus olltoghchán eile an leigheas'

  • Pól Ó Braoin

    Cinnte dearfa. Táimid ag iarraidh fáil réidh le FFFG a fuair a seans i gcumhacht thar thréimhse rófhada uilig sa tír seo. Vótáil muid le haghaidh athrú rialtais agus ba cheart sin a thabhairt dúinn. Mar sin féin tá géarghá le seasmhacht in am seo na práinne agus tá an moladh atá tugtha ansin agat, a Eoin, thar cionn uilig. Is í an cheist atá ann ná an ndéanfar amhlaidh…

  • S

    Cá bhfuil sé?

  • Críostóir Ó Faoláin

    Alt suimiúil…

  • MacAnRí

    Cacamas. Ag cosaint Sinn Féin atá an scríbhneoir seo, in ainneoin nil páirtí d’eite chlé iad ach páirtí pobalach a bhí ann ag iarraidh “Border Poll” I lár géarchéim eile le déanaí (Breatimeacht)…Mhaígh Mary Lou tar eis an toghcháin gur chomhrialtas ar chlé a bhí i gceist aici (gan FF/FG) …cá bhfuil siad ? Níl meas madra ag SF nó fíor lucht SF ach Éire aontaithe agus cumhacht …. B’fhéidir go bhfuil sin ceart go leor de chuid den phobail ach ná bígí saonta…níl aon cheart ag éinne comhrialtas a chur le chéile muna mbíonn na suíocháin acu.

  • An Lár

    Léirigh an vóta is deireanaí ná fuil a lán daoine sásta glacadh le SF … i bhfad níos mó ná leath an phobail, déarfainn. B’fhearr dosna Glasaigh leas an tíre a chur os cionn a mianta féin agus iad féin a iompar mar dhaoine fásta.