Rialtas na Spáinne chun an riail dhíreach a chur i bhfeidhm ar an gCatalóin

Thug Rialtas na Spáinne le fios go dtabharfar feidhm d’Alt 155 de Bhunreacht na Spáinne toisc nach bhfuil Uachtarán na Catalóine sásta géilleadh mar gheall ar cheist an neamhspleáchais

Rialtas na Spáinne chun an riail dhíreach a chur i bhfeidhm ar an gCatalóin

Mariano Rajoy, Príomh-Aire na Spáinne

Tá Rialtas na Spáinne chun féinriail na Catalóine a chur ar fionraí agus an riail dhíreach a chur i bhfeidhm Dé Sathairn.

Cinneadh go dtabharfar feidhm d’Alt 155 de Bhunreacht na Spáinne mar gheall ar fhógra Uachtarán na Catalóine, Carles Puigdemont, go ndearbhófaí an Chatalóin ina tír neamhspleách toisc nach bhfuiltear sásta dul i mbun cainteanna faoin gceist.

I litir a chuir Carles Puigdemont faoi bhráid Phríomh-Aire na Spáinne Mariano Rajoy ar maidin, dúirt Uachtarán na Catalóine go bhféadfadh go reáchtálfaí vóta i bParlaimint na Catalóine faoi neamhspleáchas a dhearbhú mura gcuirfí deireadh leis an “cos ar bolg” agus an “bac” ar chainteanna.

Go gairid ina dhiaidh sin ar maidin, thug Rialtas na Spáinne le fios go gcuirfí an riail dhíreach i bhfeidhm ar an gCatalóin mura mbeifí toilteanach an bhagairt faoi dhearbhú neamhspleáchais a tharraingt siar.

Tá géarchéim polaitíochta sa Spáinn ó reáchtáladh an reifreann neamhspleáchais sa Chatalóin ar an 1 Deireadh Fómhair agus d’fhéadfadh gur in olcas a rachadh an scéal dá gcuirfí féinriail i bhfeidhm.

Fág freagra ar 'Rialtas na Spáinne chun an riail dhíreach a chur i bhfeidhm ar an gCatalóin'