Rialtais na hÉireann agus na Breataine ‘ag obair go dlúth’ ar dheacrachtaí Fhoras na Gaeilge a réiteach

EISIACH: Fágfar folamh leath de na suíocháin timpeall Bhord Fhoras na Gaeilge ach a dtiocfaidh deireadh le tréimhse cúigear comhaltaí an mhí seo chugainn

Rialtais na hÉireann agus na Breataine ‘ag obair go dlúth’ ar dheacrachtaí Fhoras na Gaeilge a réiteach

Tá Rialtas na hÉireann ag “obair go dlúth” le rialtas na Breataine le teacht ar réiteach ar na deacrachtaí atá ag Foras na Gaeilge agus na heagraíochtaí trasteorann eile de bharr na sáinne polaitiúla in Stormont.

Beidh dúshlán eile le sárú ag Foras na Gaeilge an mhí seo chugainn nuair a thiocfaidh deireadh le tréimhse cúigear comhaltaí ar bhord na heagraíochta, folúntais nach mbeidh cead iad a líonadh.

Is gá faomhadh na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas do cheapacháin dá leithéid, rud nach féidir a fháil toisc nach bhfuil an chomhairle thrasteorann sin ag feidhmiú faoi láthair.

Fágann sin go mbeidh leath de na suíocháin timpeall Bhord an Fhorais folamh ach a dtiocfaidh deireadh le tréimhse an chúigir ar an 12 Nollaig.

Ochtar, seachas seisear déag, a bheidh fágtha ar an mbord agus ní ceadmhach baill a athcheapadh ná síneadh ama a thabhairt dóibh ach oiread toisc an fholúis pholaitiúil.

Tá deacrachtaí buiséid chomh maith ag Foras na Gaeilge le tamall mar gheall ar an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh agus iad i dtaobh leis an leibhéal céanna maoinithe gach bliain ó 2016.

Thug urlabhraí ón Roinn Gnóthaí Eachtracha le fios do Tuairisc.ie gur phléigh an Rialtas Dé Máirt na deacrachtaí atá ag Foras na Gaeilge agus eagraíochtaí trasteorann eile.

Dúirt an t-urlabhraí go rabhthas ag súil teacht ar “réiteach eatramhach”, i gcomhar le Rialtas na Breataine, ar na deacrachtaí maidir leis an gcomhoibriú Thuaidh/Theas.

“Tabharfaidh an Rialtas faoi chosaint a thabhairt don chomhoibriú Thuaidh/Theas d’ainneoin nach bhfuil aon chinntí aireachta á ndéanamh faoi láthair ag an gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas agus leanfaimid orainn ag obair go dlúth le Rialtas na Breataine chun teacht ar réiteach eatramhach ar na ceisteanna seo,” arsa urlabhraí ón Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Agus ceisteanna faoi Fhoras na Gaeilge á bhfreagairt aige, dúirt an t-urlabhraí go raibh an Rialtas “meáite gach rud is féidir a dhéanamh chun institiúidí Chomhaontú Aoine an Chéasta a chur ar a gcosa arís”, an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas san áireamh. 

Ní dócha, áfach, go mbeidh aon réiteach eatramhach ar dheacrachtaí Fhoras na Gaeilge sa ghearrthréimhse agus gurb amhlaidh go gcuirfear tús leis an athbhliain agus gan ach ochtar comhaltaí boird acu.

Seisear déag ar fad atá in ainm is a bheith ar Bhord Fhoras na Gaeilge, an cathaoirleach agus an leaschathaoirleach ina measc.

13 atá ar Bhord an Fhorais faoi láthair agus trí fholúntas do na sé chontae ann le tamall.

Fágann sin nach mbeidh ach leath de na suíocháin boird lán nuair a thiocfaidh deireadh le tréimhse cúig bliana cúigear de na comhaltaí an mhí seo chugainn.

Is iad an cúigear a dtiocfaidh  deireadh lena dtréimhse cúig bliana ar an 12 Nollaig, na craoltóirí Bláthnaid Ní Chofaigh agus Gráinne McElwain, na príomhoidí Seán Ó hArgáin agus Seán Mícheál Ó Domhnaill agus Príomhoifigeach Muintearas, Seán Ó Coistealbha.

Fág freagra ar 'Rialtais na hÉireann agus na Breataine ‘ag obair go dlúth’ ar dheacrachtaí Fhoras na Gaeilge a réiteach'