Tá comhairle dlí á lorg ag Séamus Ó Domhnaill, a bhí san iomaíocht i dtoghchán na Comhairle do Bhord Údarás na Gaeltachta i dTír Chonaill inné, maidir leis an raic a chruthaigh an toghchán céanna.
Chinn an ceann comhairimh, gurbh é John Shéamuis Ó Fearraigh, Comhairleoir de chuid Shinn Féin, a sheas in aghaidh Uí Dhomhnaill, a thug an lá leis sa toghchán, ach tá an Dálach den tuairim gurbh eisean a fuair an méid ba mhó vótaí ó chomhairleoirí contae Dhún na nGall.
Dúirt Ó Domhnaill le Tuairisc.ie inniu nach mbeidh rud ar bith le rá aige faoin scéal go dtí go mbeidh an chomhairle dlí atá á lorg aige faighte aige, ach dúirt go bhfuil sé cinnte go bhfuair seisean an líon ab airde vótaí.
Tuairiscíodh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gur chuir 14 Comhairleoir de chuid Fhianna Fáil dearbhú i scríbhinn faoi bhráid fheidhmeannaigh na Comhairle, ag deimhniú gur chaith siad vóta do Shéamus Ó Domhnaill
Tá cruinniú speisialta á eagrú ag an gComhairle Contae le ceist an toghcháin a phlé agus meastar nach mbeidh aon réiteach ar an scéal go dtí an tseachtain seo chugainn.
Caithfidh an Chomhairle scríobh chuig Roinn na Gaeltachta leis an mball tofa a ainmniú go hoifigiúil, ach tuigtear do Tuairisc.ie nach ndéanfar é sin go dtí an tseachtain seo chugainn ar a laghad.
Cé go bhfuil dearbhú faighte i scríbhinn ag Ó Domhnaill gur vótáil 14 comhairleoir dó, ní bhfuair sé ach 11 vóta de réir thaifead oifigiúil na Comhairle. Fuair John Shéamuis Ó Fearraigh 12 vóta.
Tuairiscítear go raibh mearbhall ar Chomhairleoirí le linn agus i ndiaidh an vóta inné agus thug comhairleoirí áirithe le fios nach raibh a fhios acu in aon chor go raibh an toghchán ar siúl.
Tá seans ann anois go mbeidh gá le vóta eile leis an gceist a réiteach.
Cuireadh deireadh leis an toghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta in 2012.
Faoi Acht na Gaeltachta 2012, laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Faoin Acht, ceapann Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, ar bhord an Údaráis agus ainmníonn na comhairlí contae, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse, cúigear comhalta.
Beidh tréimhse cúig bliana an bhoird reatha istigh ar an 20 Samhain.
Fág freagra ar 'Réiteach ar bith go fóill ar raic faoi thoghchán Údarás na Gaeltachta i gComhairle Dhún na nGall'