Réiteach aon stáit an t-aon fhuascailt ar an bhfáinne fí fuilteach sa Mheánoirthear

Léiríonn ionradh Hamas ar Iosrael nach féidir sábháilteacht na nGiúdach in Iosrael/an Phalaistín a chinntiú go fadtéarmach trí smacht a choimeád ar an bpobal Palaistíneach le beartais slándála

Réiteach aon stáit an t-aon fhuascailt ar an bhfáinne fí fuilteach sa Mheánoirthear

Bunaíodh Iosrael chun tearmann a chur ar fáil do na Giúdaigh tar éis uafás an uileloiscthe.

Is é íoróin an scéil gurb é Iosrael an áit is dainséaraí ar domhan anois do Ghiúdaigh. An chúis atá leis sin ná gur bunaíodh stát a thugann tús áite do leas agus cearta na nGiúdach i dtír ina raibh tromlach neamh-Ghiúdach ina gcónaí cheana féin, agus tír (an Phalaistín mar a bhíodh) ina bhfuil tromlach neamhGhiúdach fós in ainneoin doras oscailte Iosrael do Ghiúdaigh ar fud na cruinne. Léiríonn ionradh Hamas ar Iosrael nach féidir sábháilteacht na nGiúdach in Iosrael/An Phalaistín a chinntiú go fadtéarmach trí smacht a choimeád ar an daonra Palaistíneach le beartais slándála.

Ó thús na coimhlinte tá iarrachtaí réitigh bunaithe ar chríochdheighlt agus dhá stát – ceann amháin do Ghiúdaigh/Iosraelaigh agus ceann eile d’Arabaigh/Palaistínigh. Go deimhin téann an smaoineamh seo siar fiú go dtí roimh an Dara Cogadh Domhanda.

I 1937 bhunaigh rialtas na Breataine Coimisiún Ríoga chun todhchaí na Palaistíne a scrúdú. Mhol siad an talamh a roinnt idir stát Giúdach agus stát Arabach ach ní fhéadfadh siad teacht ar bhealach ar bith chun é a dhéanamh gan ceathrú milliún Arabach a dhíbirt as an stát Giúdach – rud a dtabharfaí glanadh eitneach sa lá atá inniu ann.

Mar gheall ar an deacracht dhosháraithe sin i 1939 d’eisigh rialtas na Breataine plean nua – stát aontaithe ina mbeadh na cearta céanna ag Arabaigh agus ag Giúdaigh.

Ní mar sin a tharla dar ndóigh.

Bunaíodh stát Iosraelach don mhionlach Giúdach ar an gcuid is mó agus an chuid is fearr de thalamh na Palaistíne. Ní bheadh an stát sin inmharthana murach gur díbríodh nó gur theith 700,000 Palaistíneach. Ina ainneoin sin áfach tá an dá phobal fós fite fuaite ina chéile – is Arabaigh/Palaistínigh fós iad breis agus 20% de dhaonra Iosrael oifigiúil, agus tá nach mór 800,000 Giúdach Iosraelach ina gcónaí i lonnaíochtaí ar na tailte atá in ainm is a bheith mar bhunús do stát Palaistíneach amach anseo.

Leanann muid orainn ag caint faoi réiteach An Dá Stát agus leis an gcreideamh go bhfuil plean críochdheighilte éigin amuigh ansin áit éigin a bheadh inghlactha don dá thaobh ach an toil pholaitiúil a bheith ann chuige. Ach cad faoi má tá an rud a thuig rialtas na Breataine i 1939 fíor i gcónaí agus nach bhfuil, agus nach mbeidh go deo, aon bhealach a oibreoidh ann chun an talamh a roinnt ina dhá stát éagsúla?

I bpobalbhreith i ndiaidh pobalbhreithe, deir tromlach na nIosraelach go bhfuil siad i bhfabhar stát Palaistíneach agus deireadh a chur le lonnaíochtaí sa Bhruach Thiar ach ansin coinníonn siad orthu ag toghadh rialtais a thógann níos mó lonnaíochtaí fós. Cén míniú atá air sin? Nuair a bhíonn Iosraelaigh ag caint faoi stát Palaistíneach ní bhíonn siad ag caint faoi stát ar na tailte ar fad nach bhfuil mar chuid d’Iosrael de réir an dlí idirnáisiúnta.

Nuair a bhíonn siad ag smaoineamh ar lonnaíochtaí a thabhairt suas bíonn siad ag smaoineamh ar antoiscigh Ghiúdacha i lonnaíochtaí beaga atá scartha i bhfad amach ar an mBruach Thiar – níl siad ag smaoineamh ar na lonnaíochtaí is mó, nach bhfuil iontu anois dar leo ach ‘bruachbhailte’ de chuid Iarúsailéim, bruachbhailte a bhfuil gaolta agus cairde leo ina gcónaí iontu.

Ach is iad na lonnaíochtaí sin atá tar éis Palaistínigh a ghearradh amach ó Iarúsailéim agus óna chéile.

Mar sin mura bhfuil Iosrael chun cinedhíothú nó glanadh eitneach a dhéanamh ar scála ollmhór nó mura bhfuil an dá phobal chun fanacht sáinnithe go deo san fháinne fí fuilteach ina bhfuil siad, luath nó mall tiocfaidh ceist an stáit aonair ar ais ar an gclár oibre arís. Is faoi mhuintir na Palaistíne/Iosrael a bheadh sé sonraí an stáit sin a oibriú amach ach bheadh gá le cosaint bhunreachtúil don dá phríomhphobal agus gné éigin de roinnt na cumhachta ag baint leis, mar atá sa Bheilg mar shampla.

Tír il-eitneach agus ilchreidmheach ab ea an Phalaistín/Iosrael riamh anall agus is ea fós sa lá atá inniu ann. Breathnaíonn sé go bhfuil fís na tíre comhroinnte ina mbeadh cearta agus comhionannas ag cách níos faide uainn ná riamh i bhfianaise an doirteadh fola is déanaí.

Ach ní bhainfear síocháin ná daonlathas amach do chách go dtí go n-aithnítear go bhfuil sé i ndán don dá phobal seo an paiste beag céanna den domhan seo a roinnt eatarthu.

Fág freagra ar 'Réiteach aon stáit an t-aon fhuascailt ar an bhfáinne fí fuilteach sa Mheánoirthear'

  • Criostóir Mac Cárthaigh

    Cén chaoi a bhféadfaí réiteach aon stáit a chur i bhfeidhm nuair nach n-aithníonn na húdaráis Phalaistíneacha ceart Iosrael a bheith ann in aon chor mar thír agus nuair atá siad naimhdeach i leith na nGiúdach? An dóigh leat go dtabharfaidís cothrom na Féinne do Ghiúdaigh i réiteach aon stáit?

  • Seán ÓM

    Maith an t-alt agus maith an fear Fachtna.