‘Rei, hajime, osaekomi, as ucht Dé ort, coinnigh do ghreim!’ – fáilte go dtí Club Júdó na Ceathrún Rua…

Bliain go ham seo díreach a chuaigh mé ar ais chuig spórt ar éirigh mé as suas le 30 bliain ó shin.  Ag deireadh na n-ochtóidí agus tús na nóchaidí ba bheag deiseanna a bhí ag cailíní beaga spórt a chleachtadh i gCeantar na nOileán.  Ní raibh fiú foireann ban ag Naomh Anna an t-am […]

‘Rei, hajime, osaekomi, as ucht Dé ort, coinnigh do ghreim!’ – fáilte go dtí Club Júdó na Ceathrún Rua…

Bliain go ham seo díreach a chuaigh mé ar ais chuig spórt ar éirigh mé as suas le 30 bliain ó shin.  Ag deireadh na n-ochtóidí agus tús na nóchaidí ba bheag deiseanna a bhí ag cailíní beaga spórt a chleachtadh i gCeantar na nOileán.  Ní raibh fiú foireann ban ag Naomh Anna an t-am sin ná caint air, ní áirím foireann faoi aois do chailíní. Ach bhí club amháin sa gceantar nach ndearna aon idirdhealú idir cailíní agus buachaillí agus ba shin é an Club Judo. Faoi dhó sa tseachtain, théinn féin, mo dheartháir agus gasúir eile an bhaile ar an mbicycle agus thugadh ár n-aghaidh ar Halla Thír Fhia áit a mbíodh muid ag aclaíocht, ag pramsáil, ag tabhairt faoi bhabhtaí cor choraíochta ar feadh uair go leith in éineacht le gasúir eile na nOileán. Bhaineamar beilteanna amach agus d’éirigh go maith leis an gclub trí chéile ag comórtais éagsúla ach faraor,  de bharr cúrsaí imirce agus eile, scor an club agus ba shin sin domsa go ceann tríocha bliain arís.

An té sheasfadh sa gCrompán ar an gCeathrú Rua san oíche Dé Máirt nó Dé hAoine agus a chloisfeadh “Rei, hajime, osaekomi agus as ucht Dé ort, coinnigh do ghreim!” níl a fhios agam an dtuigfeadh sé baileach céard a bheadh ar bun.  Is anseo atá Club Júdó na Ceathrún Rua faoi stiúir Noreen agus Marty Ó Lochlainn, beirt mháistrí sa spórt, spórt a cheap an Dr. Jigoro Kano sa tSeapáin i dtús na 1880í.  Is é Kano athair mór an júdó a rinne staidéar ar an ealaín chomhraic Jujitsu, a thug leis an chuid is fearr de agus cheap an Judo Kodokan.  Faoi 1911 bhí júdó ar churaclam na scoile ar fud na Seapáine, ina spórt Oilimpeach i 1965 agus ba ghearr go raibh sé á chleachtadh fud fad an domhain. 

Ag filleadh dom ar an spórt anois, san aois a bhfuilim ann, is ea a thuigim an t-údar. An bhunaidhm atá le gach ealaín chomhraic a bheith in ann tú féin a chosaint ach thuig Kano gur smaointeoireacht sheanchaite a bhí ansin, go raibh ré na laochra troda sa tír thart agus theastaigh uaidh ealaín a thabhairt chun cinn a d’fhéadfadh daoine a chleachtadh ar feadh a saoil, a neartódh ní hamháin an cholainn ach an intinn agus ag an am céanna prionsabail na seanealaíne comhraic a choinneáil –  dílseacht, onóir agus cúirtéis.

Is spórt fisiciúil an júdó, an aidhm atá agat do chéilí comhraic a thabhairt go talamh trína gcaitheamh nó eile agus iad a choinneáil ansin nó go gcaithfidh siad géilleadh.  Tá bealaí ann le do pháirtí a chaitheamh agus bealaí ann le titim.  Caitear an teicníc sin a fhoghlaim ar dtús ionas nach ngortóidh aon duine a chéile.  Troidfidh tú do leathcheann eile féin, i dtaobh do mheáchain agus do bheilte.  Caithfidh tú bheith aclaí, láidir, scafánta agus grinn agus is cinnte gur fíor an seanfhocal ‘an té nach bhfuil láidir ní mór dó a bheith glic’ i saol an júdó. 

Tá eitic agus cúirtéis go leor ag baint leis an spórt.  Caitear a bheith pointeáilte, a bheith in am don seisiún, do chulaith agus do bheilt a bheith glan, caitear umhlú ag dul isteach ar an mata agus ag dul amach agus do do chéile comhraic agus ag deireadh gach babhta troda, fág an gaisce i do dhiaidh agus ná bíodh náire ar bith ort má rinne tú do dhícheall. Caithfidh tú obair agus anró a chur ort fhéin má theastaíonn uait dul chun cinn agus caithfidh misneach a bheith agat.

Club óg é Club Júdó na Ceathrún Rua, nach bhfuil an dá bhliain fós agus atá cláraithe faoi Chónaidhm Júdó na hÉireann (IJA), craobh na hÉireann den scátheagraíocht dhomhanda júdó. Tá suas le dhá scór ball sa gclub idir ghasúir agus dhaoine fásta.   Is teagascóirí ardoilte iad Marty, máistir 2ú dan agus Noreen, máisitr 1ú dan,  a bhfuil aithne mhór orthu agus a mbeirt iníonacha sa spórt ar fud na tíre.  Bíonn saineolas ar fáil freisin ó Eddie Ó Lochlainn,  máistir den 3ú dan san ealaíon agus atá ar cheann de na réiteoirí is mó éileamh sa tír ag comórtais náisiúnta.   Gach Aoine tagann an club le chéile sa gCrompán – gasúir ó 5 bhliana aníos – ag 7.00 agus na seanfhondúirí ina dhiaidh sin ag 8.00.  

Thug an club faoina chéad chomórtas an tseachtain seo caite, comórtas do thosaitheoirí i nGaillimh agus d’éirigh thar barr leis an gclub.   Tugadh boinn go leor abhaile gan trácht ar an gcleachtadh a bhain leis an ócáid.  Thar aon ní eile b’iontach na gasúir a fheiceáil ar an mata, ag imeacht amach ó sciathán Mhama agus Dhaide,  ag tabhairt aghaidh ar a gcéile comhraic agus ar an saol mór,  ag seasamh ar a dhá gcos féin ag foghlaim ceachtanna crua an tsaoil – agus iad á dhéanamh sin go cúirtéiseach, macánta, roinnt acu buacach, roinnt nach raibh ach iad ar fad sásta ag dul abhaile.

Tá bliain mhór agus obair mhór amach roimh an gclub i mbliana.  Táthar ag súil an club a fhorbairt, tuilleadh ball a mhealladh, ár gcuid áiseanna a fheabhsú agus fiú comórtas náisiúnta a eagrú – an chéad chomórtas dá leithéid i gConamara le 35 bliain.   

Maidir leis na seanfhondúirí agus an tairbhe atá le baint againne as – is deacair é a shárú mar sheisiún aclaíochta.  Is iontach an faoiseamh é tar éis seachtain chrua oibre bualadh isteach ar an mata agus strus agus imní na seachtaine a chur díot in allas, a bheith do shearradh agus do shíneadh féin,  a bheith ag fáil níos aclaí agus na matáin agus na cnámha á neartú, ní áirím an ghné shóisialta agus an spraoi a bhíonn againn sa gclub. Spórt do chuile dhuine an júdó – do shean agus óg, fir agus mná, cailíní agus buachaillí– níl ann sa deireadh ach ‘Caith, nó bí caite’!

  • Club Júdó na Ceathrún Rua – Gasúir 7.00-8.00pm,  gach Aoine, daoine Fásta, 8.00-9.30pm, gach Aoine. Gach eolas le fáil https://www.facebook.com/CJCJudo/

087 937 8268

Fág freagra ar '‘Rei, hajime, osaekomi, as ucht Dé ort, coinnigh do ghreim!’ – fáilte go dtí Club Júdó na Ceathrún Rua…'

  • Marty

    Thar barr