Réalta óg na bliana le roghnú agus iomaíocht ghéar ann

Téann cuid mhaith de na hógánaigh a bhuann ‘Imreoir Óg na Bliana’ ar aghaidh chun a thuilleadh gaiscí a dhéanamh

Réalta óg na bliana le roghnú agus iomaíocht ghéar ann

Eoin Cody (Cill Chainnigh), Aidan McCarthy (Contae an Chláir) agus Shane Barrett (Corcaigh). Pic: INPHO

Ag deireadh gach séasúr iomána scríobhtar mórán faoi fhoireann na Réaltaí agus faoi iománaí na bliana.  

Ach ní hamhlaidh an cás le gradam Iománaí Óg na Bliana. Tosaíodh an gradam seo i 1996 agus ba é Mark Foley Luimnigh an chéad imreoir ar bronnadh an gradam air.  

 

Ó shin i leith chuaigh cuid mhaith de na hógánaigh atá ar liosta na mbuaiteoirí ar aghaidh chun a thuilleadh éachtaí a dhéanamh. Bhuaigh Eoin Kelly Thiobraid Árann an gradam faoi dhó. Bhuaigh Joe Canning é in 2008 agus captaen buacach shinsir Thiobraid Árann, Brendan Maher, a fuair é in 2010. Ach dár ndóigh, is iad Tony Kelly agus Austin Gleeson na buaiteoirí is cáiliúla mar gur bhuadar gradam Imreoir Sinsir na Bliana sna blianta céanna leis an gceann ‘Óg’. 

I mbliana tá contae Chill Chainnigh ar thóir an tríú bua i ndiaidh a chéile agus Eoin Cody, Imreoir Óg 2020, ar an ngearrliosta le Adrian Mullen, buaiteoir 2019.  

Mar seo atá gearrliosta 2021 – Eoin Cody Chill Chainnigh, Shane Barrett Chorcaí agus Aidan McCarthy ó chontae an Chláir.  

Agus ag féachaint ar na rialacha don duais seo deirtear go mbronnfar an gradam ar an imreoir atá 21 nó níos óige ag tús na bliana agus a bhí an-tábhachtach i gcraobhchomórtas na bliana. Amhail na gradaim shinsir is iad na himreoirí idirchontae a chaitheann vótaí chun na buaiteoirí a phiocadh. 

Le linn na céad bhliana ag Brian Lohan mar bhainisteoir ar an gClár in 2020, thug sé isteach Aidan McCarthy mar thosaitheoir do na cluichí i gcoinne Laoise, Loch Garman agus Phort Láirge agus bhí sé an-mhaith sna cluichí sin mar a bhí freisin i mbliana. Bhí sé sa líne leathchúl anuraidh ach bhog Lohan suas chuig an leathlíne thosaithe é i mbliana agus bhí an-séasúr aige. Tá sé breá ábalta a liathróid féin a bhuachan, bíonn seilbh na liathróide go minic aige agus déanann sé an t-uafás oibre. Nuair a bhí gortú ag cur isteach ar Tony Kelly sa chluiche i gcoinne Laoise ba é McCarthy a thóg na pocanna saora agus chríochnaigh sé le 0-13 an lá sin. Scóráil sé ceithre cinn ón imirt i gcoinne Átha Cliath agus trí cinn i gcoinne Chill Chainnigh agus é ag imirt go diail ar fad. Dar ndóigh bhí sé lárnach lena chlub Eidhneach-Cill Na Móna i mbliana agus iad ar a dturas go dtí cluiche ceannais an chontae. Faraor chailleadar é sin seachtain i ndiaidh do McCarthy imirt sa chraobh pheile le Cill Mhuire Uí Bhreacáin. B’fhéidir go mbeadh níos mó den ádh air nuair a bheidh na gradaim á mbronnadh i gceann seachtaine. 

I ndiaidh feachtas faoi 20 le Corcaigh, a thug leo craobh na hÉireann 2020, bhuaigh Shane Barrett, ó chlub na Blarnan a chéad mhórbhonn. Bhuaigh sé áit bhuan ar an bpainéal sinsir freisin cé gur imir sé a chéad chluiche craoibhe i gcoinne Átha Cliath in 2020. Thosnaigh sé cúpla cluiche craoibhe i mbliana ach ní dóigh gur fhág sé lorg go leor orthu chun gradam ‘Imreoir na Bliana’ a fháil. 

Is é Eoin Cody rogha na n-údar don duais agus lán mála bonn agus gradam aige cheana féin. I measc na mbonn sin tá ceann choláistí na hÉireann le Coláiste Chiaráin in 2019 mar aon le ceithre bhonn contae, dhá bhonn Laighean agus bonn na hÉireann lena chlub Seamróga Bhaile Héil. Bhuaigh sé bonn Laighean le Cill Chainnigh in 2020 mar aon le gradam ‘Imreoir Óg na Bliana’. 

Ach is i mbliana a bhláthaigh sé mar thosaí dainséarach sinsir. Bhí sé go hiontach i gcoinne Loch Garman i gcluiche ceannais eipiciúil Laighean a chuaigh go ham breise. Scóráil sé 1-5 ón imirt an tráthnóna sin. Agus dar ndóigh bhí baint mhór aige le gaiscí Bhaile Héil a bhuaigh craobh an chontae don cheathrú bliain as chéile mí ó shin. 

Faraor tá an bronnadh beo curtha ar ceal arís i mbliana de bharr cúrsaí Covid-19 ach beidh clár speisialta All Stars ar RTE 2 ar an deichiú lá de mhí na Nollag. 

Tá an chéad aicsean beo teilifíse (RTE 2) an deireadh seachtaine seo ag teacht ó Phort Laoise um thráthnóna agus seaimpíní Laoise, Clough-Ballacolla ag imirt Ropairí na Réaltsoilse Loch Garman ag a 5.30i.n. Agus ansin amárach  beidh TG4 i nDurlas Éile agus Luachma-Caisleán Laighnigh ag iarraidh an dara craobh a thabhairt leo agus iad i ndiaidh an chraobh peile a bhuachaint seachtain ó shin. Dar ndóigh beidh rud éigin le rá ag na Sáirséalaigh faoi sin. 

Déarfainn go mbeidh slua mór ann agus iad ag súil le níos mó den tsiamsaíocht iontach a bhí ann coicís ó shin. 

Fág freagra ar 'Réalta óg na bliana le roghnú agus iomaíocht ghéar ann'