Rás Stormont chóir a bheith rite?

Is baolach nach fada go mbeidh Stormont i gcríocha na marbh agus Cerberus á fhaire mar gharda

4/2/2010 Stormont in Northern Ireland. Pictured is Stormont, home of the Northern Ireland Assembly. Photo: Mark Stedman/Photocall Ireland

Ceapadh cheana go raibh Stormont faoi stiúir an DUP agus Shinn Féin ar an dé dheiridh ach mhair sé más go leochaileach é.

Cé go bhfuil an rialtas díláraithe lagaithe de dheasca an scannail faoi mhargadh NAMA le Cerberus, ní hé sin an buille feille ach éagumas an rialtais féin.

Tá fógra oifigiúil faighte ag Stormont ón Státchiste go nglacfaidh Londain ceannas ar chúrsaí airgeadais muna dtagann an Tionól ar chomhaontú faoin mbuiséad gan mhoill. Tá Sinn Féin ag rá le fada nach féidir an chéim sin a thabhairt, ach tá siad diongbháilte faoi freisin nach gcuirfidh siad ciorruithe ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh i bhfeidhm. Anois, tá cor nua curtha sa scéal ag Peter Robinson a mhaígh, cheal réitigh ar an mbuiséad, nach mbeadh de rogha fágtha ach riail dhíreach ó Westminster.

Dé hAoine seo caite rinne Peter Robinson, ceannaire an DUP agus Céad-Aire Thuaisceart Éireann, sraith agallaimh theilifíse. Bhí sé ar a chosaint, é maslaithe, a dúirt sé, ag líomhaintí agus sioscadh ar na meáin shóisialta. Shéan sé go raibh oiread is pingin de bhuntáiste le baint aige féin nó duine ar bith ina theaghlach as margadh conspóideach NAMA leis an gcomhlacht Meiriceánach, Cerberus. Dúirt sé gur ar mhaithe leis an bpobal fré chéile a ghníomhaigh gach Aire a bhí bainteach ar aon bhealach leis an scéal. D’fháiltigh sé roimh fhiosrú na hÁisíneachta Coireachta, an NCA .

Níorbh údar iontais an méid sin, ach b’údar suntais a chaint faoin Tionól. Tá an Chéad-Aire ag teacht chuige fein tar éis taom croí. Nuair a fiafraíodh de an seasfadh sé sa chéad toghchán eile don Tionól (atá in ainm is a bheith ann sa Bhealtaine seo chugainn), ní hamháin nár dhúirt sé go seasfadh sé ach chothaigh sé aimhreas faoi thoghchán eile a bheith ann ar chor ar bith.

Má fhágann Sinn Féin Stormont toisc Londain a bheith ag tógáil ceannais ar chúrsaí airgeadais –  beart doghlactha, dar leo – ní bheidh an DUP toilteanach a dhul ar ais go Stormont gan na fadhbanna reatha ar fad a bheith fuascailte, a dúirt Robinson. Níorbh fhiú toghchán Tionóil eile a bheith más ag filleadh ar na fadhbanna céanna a bheidís, dar leis. Ba é breithiúnas Robinson gurb í an riail dhíreach ó Westminster an t-aon rogha chiallmhar.

Sa chás go mbeifí ag filleadh ar an riail dhíreach b’fhearr don DUP duine atá ina fheisire parlaiminte a bheith mar cheannaire uirthi, a dúirt sé. Bhíothas ag tuairimíocht cúpla bliain ó shin gur ghearr go n-éireodh Robinson as an bpolaitíocht, ach ba chosúil ar feadh tamaill anuraidh go raibh dúil mhór aige fanacht sa Chéad-Aireacht agus i gceannas ar a pháirtí. Anois, toisc go bhfuil sé tinn agus seacht mbliana is trí scór aige, agus toisc parailís pholaitiúil a bheith ar Stormont, seans go bhfuil deireadh a ré ag druidim linn.

Ba é an t-údar suntais ba mhó ag daoine gur chosúil go raibh sé ag fágáil a bhfuil i ndán dó i lámha Shinn Féin agus na céimeanna a bhí á dtuar aige ag brath ar chinneadh an pháirtí sin. Is aisteach an dearcadh é. Is maith atá a fhios aige, mar a fuair David Trimble amach, gur beag is fiú le Sinn Féin leas a bpairtnéirí. Ar ndóigh, bhí an dearcadh céanna ariamh ag an DUP féin.

Gan dabht, baineann cuid de le milleán a sheachaint. Mas féidir iachall a chur ar Shinn Féin freagracht a ghlacadh as scor Stormont is amhlaidh is fearr leis an DUP é. Ach nach bhfuil Sinn Féin ag iarraidh milleán a sheachaint freisin? Ní léir go fóill cén breithiúnas a dhéanfaidh siad. Cuirfidh siad san áireamh an dearcadh a bheadh ag vótóirí ó dheas ar theip Stormont; ar éigean a shiúilfidh siad amach má mheasann siad go gcaillfidís vótaí sa Phoblacht dá bharr.

D’fhágfadh sé sin Stormont ina phraiseach ar fad, ag bacadaíl ar aghaidh gan tada a dhéanamh.

D’fhéadfaidís sin a dhéanamh go dtí nach mbeadh rogha ar bith ag an dá rialtas ach géilleadh go raibh an fiontar marbh. Má tathar chun teip iomlán a sheachaint ní mór do na páirtithe agus na rialtais gníomhú anois – ní sa bhfómhar i ndiaidh dhá mhí saoire. D’uireasa beart críochnúil, is ag saothrú an bháis a bheidh an córas.

Fág freagra ar 'Rás Stormont chóir a bheith rite?'