Ráiteas Macron aistrithe go dtí gach teanga eile de chuid an AE seachas an Ghaeilge

Is cosúil an Ghaeilge a bheith 'de trop' d’Emmanuel Macron agus a ráiteas faoi thodhchaí na hEorpa aistrithe ag an Palais de l’Élysée go dtí gach teanga oifigiúil eile de chuid an AE

Ráiteas Macron aistrithe go dtí gach teanga eile de chuid an AE seachas an Ghaeilge

Aistríodh ráiteas mór a rinne Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron faoi thodhchaí na hEorpa go dtí gach teanga oifigiúil de chuid na hEorpa seachas an Ghaeilge.

In ainneoin gur maíodh ag an am go raibh an ráiteas á fhoilsiú i dteangacha oifigiúla an AE go léir, dheimhnigh Ambasáid na Fraince in Éirinn gur fágadh an Ghaeilge ar lár.

Nuair a foilsíodh an ráiteas i 28 nuachtán i dtús na míosa seo, mhaígh urlabhraí de chuid Macron gurbh í sin an chéad uair gur “labhair ceannaire stáit le muintir uile na hEorpa ina dteangacha féin”.

Ach nuair a d’fhiosraigh iar-státseirbhíseach an scéal le hAmbasáid na Fraince, fuair sé amach nárbh amhlaidh an scéal agus nár cuireadh ráiteas Macron ar fáil ach i 22 teanga den 23 teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh.

“Unfortunately President Macron’s tribune has not been translated into Gaelic. You will however find an English version on our website,” a dúradh sa bhfreagra a thug Ambasáid na Fraince ar Sheán Mag Leannáin, iar-státseirbhíseach agus Gaeilgeoir a labhraíonn  amach faoi chás na teanga sa státchóras.

Dúirt Mag Leannáin gur músclaíodh a shuim nuair a léigh sé na tuairiscí faoi ráiteas Macron a bheith ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an AE.

“Mar iar-státseirbhíseach, a raibh suim aige riamh i gcur chun cinn na Gaeilge i gcúrsaí Stáit agus riaracháin, thug mé faoi deara gur dúradh sna meáin go raibh an ráiteas tábhachtach seo ón Uachtarán Macron ar a fhís don Aontas Eorpach foilsithe i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais. ‘Bhuel!’, arsa mise liom féin, ‘féar plé do na Francaigh – chuir siad de stró orthu féin an ráiteas seo a aistriú go Gaeilge’.  Ach cá bhfuil an leagan Gaeilge le fáil?”

Ní fada gur cuireadh ó dhóchas Mag Leannáin, áfach. Nuair nach raibh aon leagan Gaeilge den ráiteas ar fáil sna meáin, lean sé air ag cuardach agus tháinig sé ar chóip den óráid i 22 teanga oifigiúil eile an Aontais ar shuíomh Rialtas na Fraince Gouvernement.fr.

Is ansin a shocraigh sé ríomhphost [i mBéarla] faoin gceist a sheoladh chuig Ambasáid na Fraince i mBaile Átha Cliath. Cúpla lá ina dhiaidh sin fuair sé an scéala nach raibh an ráiteas ar fáil i nGaeilge.

“Léigh mé an leagan Béarla. Taobh istigh den reitric phostúil ann ba léir gurb é an Breatimeacht agus a impleachtaí don Aontas Eorpach mar chumhacht mhór sa domhan ba mhó a bhí ag dó na geirbe ag an Uachtarán.

“Bheadh sé suimiúil an leagan Gaeilge a chuirfí ar smaointe ardnósacha an Uachtaráin ardnósaigh seo a léamh ach faraor géar níl sé sin le fáil. Ní thógfadh aon duine orthu é nár bhac na Francaigh le leagan Gaeilge a chur air nuair nach mbacann an Rialtas s’againne le leaganacha Gaeilge de mhór-óráidí ár gceannairí féin a chur ar fáil.”   

Fág freagra ar 'Ráiteas Macron aistrithe go dtí gach teanga eile de chuid an AE seachas an Ghaeilge'

  • Edel

    Náireach… cuireann sé seo brón orm. Tuigim cás na ndaoine a deir go dtuigeann muintir na hÉireann an Béarla agus mar sin cén úsáid é leagan Gaeilge, ach sa chás seo ina bhfuil óráid aistrithe go GACH TEANGA OIFIGIÚIL (agus is dócha go bhfuil teangacha ann cosúil le Welsh ina labhraítear na cainteoirí an Béarla chomh maith) agus níl leagan Gaeilge, cuireann sé sin náire, brón agus fearg orm.

  • Scáthán Caoch

    Níl Macron ach ag leanúint sampla náireach polaiteoirí na hÉireann.

  • Breathnóir

    Aontaím le tuairim thuasluaite Edel; ach is fiú lua nach dócha go n-aistreofaí an óráid go Breatnais ach an oiread mar ar an drochuair níl stádas oifigiúil ag an teanga sin san AE, in ainneoin líon na gcainteoirí dúchais (i bhfad níos airde ná líon na gcainteoirí dúchais Gaeilge).
    Is mór an náire nach bhfuil stádas oifigiúil ag leithéidí Catalóinis ach an oiread, a bhfuil na milliúin duine ann a labhraíonn í.

  • Eoin

    Níor aistríodh ráiteas Macron go Maltais ach an oiread, is teanga oifigiúil de chuid an AE í sin freisin (24 theanga oifigiúla atá ag an AE, seachas 23). Seans go ndearnadh é sin d’aon ghnó, fágadh ar lár na teangacha atá ag an dá thír san AE a mbeidh an Béarla fós ina theanga oifigiúil iontu tar éis imeacht na Breataine, agus tá sé curtha ar an taifead ag Macron gur mhaith leis an deis a thapú chun stádas na Fraincise a ardú sna hinstitiúidí Eorpacha tar éis an Bhreatimeachta.

  • Pól Ó Braoin

    Déanann an rialtas náireach FFFG anseo abhus an rud céanna agus gan ach béarla mar theanga oifigiúil sa tír seo.