Ní fhéadfadh sé nár thug tú faoi deara gur thit an t-uafás báistí in iarthar na hEorpa le tamall de mhíonna anuas – a bhuíochas sin, ar ndóigh, don athrú aeráide.
B’fhéidir gur thug tú faoi deara, freisin, go bhfuil ardú ar líon na ráigeanna buinní. B’fhéidir go raibh ort féin sciuird a thabhairt ar an leithreas gan choinne, agus faoi dheifir, uair nó dhó ó thosaigh séasúr na báistí (mar a thabharfar ar an ngeimhreadh i gcuid mhór den Eoraip feasta, measaim.)
B’fhéidir nár rith sé leat go bhfuil baint idir an dá rud. Ach d’eisigh taighdeoirí de chuid na n-ospidéal ollscoile UMC i gcathair Amsterdam san Ísiltír, rabhadh an tseachtain seo caite go bhfuil ardú, den chéad uair leis na scórtha bliain, ar líon na ráigeanna buinní ar fud an domhain agus gurb é an t-athrú aeráide – nó, níos cruinne, na ráigeanna troma báistí a tharlaíonn dá bharr – is cúis leis sin.
‘Is féidir leis na córais séarachais cur thar maoil má thiteann go leor báistí in achar gairid agus gan choinne, agus ar an gcaoi sin is féidir le víris, le baictéir agus le paraisítí scaipeadh go héasca,’ a deir Vanessa Harris, duine de na taighdeoirí ó UMC Amsterdam. ‘Tá sé seo ag tarlú ar fud an domhain, sna tíortha saibhre freisin.’
Cé hiad na daoine is mó a bhíonn i mbaol má bhuaileann an bhuinneach iad? Páistí óga agus seanóirí, gan dabht. Agus d’fhéadfá a bheith ag súil leis: cúpla lá i ndiaidh do thaighdeoirí UMC Amsterdam a rabhadh a eisiúint, bhuail ráig den noraivíreas an t-ionad cúraim do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu mar a bhfuil cónaí ar mo mháthair, 30 ciliméadar siar ó thuaidh ó chathair Amsterdam.
Bhí mo mháthair i measc na n-áitritheoirí a tholg an víreas.
Víreas coitianta go leor atá sa noraivíreas; meastar gurb é is cúis le 50 faoin gcéad de na cásanna buinní. Ní galar an-tromchúiseach é – bíonn an t-othar i gceart tar éis lá nó dhó – ach mothaíonn an té a mbíonn sé air an-tinn. Chaith mo mháthair bhocht an Domhnach ag caitheamh amach agus ag rith go dtí an leithreas, agus mar bharr ar an donas, ar eagla go dtolgfadh a thuilleadh daoine fós an víreas, cuireadh i gcoraintín ina seomra féin í ar feadh cúpla lá.
Ar ndóigh tá an bhuinneach sách dona má thuigeann tú céard atá ag tarlú – ach mura dtuigeann, toisc go bhfuil d’inchinn á creimeadh ag galar Alzheimer? An t-aon rud a thug faoiseamh dom agus mé ag cuimhneamh ar chás mo mháthar ná nach bhfuil cuimhne ghearrthréimhseach ar bith fágtha aici, rud a chiallaíonn, tá súil agam, nach dtabharfaidh sí faoi deara cén t-achar a mhairfidh an ráig den víreas agus cén t-achar a bheidh uirthi a chaitheamh léi féin ina seomra féin.
Go dtí seo, shíl mé gur dhá scéal éagsúil a bhí i scéal athrú na haeráide agus i scéal an ghalair ghránna atá ar mo mháthair. Dhá scéal atá ag tarlú ag an am céanna, ach dhá scéal ar leith. Ach tuigim anois gur scéal atá in athrú na haeráide atá fite fuaite le gach scéal eile ar domhan, agus go ndéanfaidh sé gach drochscéal níos measa fós.
Fág freagra ar 'Ráigeanna báistí agus ráigeanna buinní'