Raic idir Fianna Fáil agus Sinn Féin faoi ghealltanais toghcháin don Ghaeilge

 Agus é faoi agallamh ar Tuairimí Toghcháin, podchraoladh Tuairisc, dúirt aire stáit na Gaeltachta Thomas Byrne gur léir ó chur chuige Shinn Féin i leith na Gaeilge sa Tuaisceart nár cheart aon aird a thabhairt ar an méid atá geallta acu

Raic idir Fianna Fáil agus Sinn Féin faoi ghealltanais toghcháin don Ghaeilge

Tá achrann éirithe idir Fianna Fáil agus Sinn Féin faoi chás na Gaeilge agus na Gaeltachta agus na geallúintí toghcháin atá á ndéanamh ina thaobh.

Agus é faoi agallamh ar Tuairimí Toghcháin, podchraoladh nua Tuairisc, dúirt aire stáit na Gaeltachta Thomas Byrne nár cheart aon aird a thabhairt ar an méid atá geallta ag Sinn Féin.

“Ná bac le haon gheallúint atá ag Sinn Féin,” a dúirt Byrne, atá ag seasamh d’Fhianna Fáil sa Mhí Thoir.

“Nuair a chuaigh siad isteach sa rialtas i dTuaisceart Éireann ní raibh focal sa chlár rialtais ansin faoin nGaeilge…Ní raibh focal ansin.”

Dúirt sé go bhféadfaí “a lán a léamh” as an scéala nach raibh aon ní faoin teanga i gclár rialtais Stormont.

Bhí raic ann nuair a foilsíodh an cháipéis 88 leathanach Our Plan: Doing What Matters Mostmí Mheán Fómhair seo caite, mar gheall nach raibh aon tagairt ann don Ghaeilge ná do chearta teanga phobal na Gaeilge.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, atá ag seasamh i mBaile Átha Cliath Theas-Lár, go bhféadfaí brath ar Shinn Féin ó thaobh na Gaeilge agus gurb amhlaidh gur theip ar an rialtas í a chosaint agus a chur chun cinn.

“Tá Sinn Féin tar éis seasamh ar son na Gaeilge thuaidh agus taheas níos mó ná aon pháirtí eile, agus tá gach geallúint faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht inár bhforógra go hiomlán costáilte ionas gur féidir linn iad a chur i bhfeidhm i Rialtas, agus má thugtar deis domsa a bheith mar aire Gaeltachta is cinnte go mbeinn ag gníomhú dá réir agus de réir na bpolasaithe cuimsitheacha atá againn don Ghaeilge sa chóras oideachas, don tithíocht sa Ghaeltacht agus don dátheangachas,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh le Tuairisc.

Dúirt Ó Snodaigh gur chóir do dhaoine forógra Shinn Féin a chur i gcomparáid le geallúintí Fhianna Fáil agus Fhine Gael. “Déanann siad neamhaird don ghéarchéim atá imithe in olcas faoina stiúir. Ní bheidh clár rialtais ó dheas ag brath ar pháirtithe aontachtacha a bhí naimhdeach i gcónaí don Ghaeilge, agus mar sin tá deis as cuimse ag gach Gael polasaí an stáit seo a chur ar bhóthar na leasa le Sinn Féin.”

Chosain Thomas Byrne cinneadh Fhianna Fáil gan aon gheallúint a thabhairt go gceapfaí aire sinsearach a mbeadh príomhchúram na Gaeltachta air seachas an cúram sin a tharmligean le haire stáit mar atá tarlaithe

“Tá aire sinsearach Gaeltachta ag an rialtas seo faoi láthair. Tá Catherine Martin ina haire sinsearach Gaeltachta. Tá Gaeilge aici. Is mise an t-aire sóisearach, an t-aire stáit Gaeltachta. Déileálaim leis an nGaeltacht gach uile lá ach déanaim comhoibriú leis an Aire Catherine Martin.

“Tá Fianna Fáil ag rá go mbeidh roinn tuaithe pobail agus Gaeltachta againn agus nuair a chuireann Fianna Fáil airí sinsearacha nó airí stáit isteach i roinn ar nós roinn na Gaeltachta, bíonn Gaeilge ag na hairí stáit sin.”

“Sin ceann de na fáthanna gur ceapadh mise i m’aire stáit Gaeltachta i mí Aibreáin seo caite seo caite – tá Gaeilge agam, tá spéis agam sa Ghaeilge, táim ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus measaim go bhfuil sé sin déanta ag Fianna Fáil le linn na tréimhse ceithre bliana atáimid sa rialtas seo.”

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Seán Kyne, atá ag seasamh d’Fhine Gael i nGaillimh Thiar, go ndéanann sé “ciall” go mbeadh aire sinsearach ag plé leis an nGaeltacht gach lá, ach go mbíonn sé deacair teacht ar dhaoine atá oiriúnach don chúram sin, bíodh aireacht shinsearach nó stáit i gceist.

“Níl a lán Teachtaí Dála ann faoi láthair atá líofa i nGaeilge atá in ann gcuid oibre a dhéanamh i nGaeilge agus sin ceann de na fadhbanna,” a dúirt Séan Kyne agus é faoi agallamh ar Tuairimí Toghcháin.

Fág freagra ar 'Raic idir Fianna Fáil agus Sinn Féin faoi ghealltanais toghcháin don Ghaeilge'