Raic i gComhairle Ceantair Lár-Uladh mar gheall ar chomharthaíocht dhátheangach sráide

De réir scéim atá curtha i bhfeidhm i gComhairle Ceantair Lár-Uladh, féadfaidh an pobal iarratas a dhéanamh comharthaíocht dhátheangach a chrochadh

Raic i gComhairle Ceantair Lár-Uladh mar gheall ar chomharthaíocht dhátheangach sráide

Tá raic ann i gComhairle Ceantair Lár-Uladh mar gheall ar chomharthaíocht dhátheangach sráide. De réir scéim atá curtha i bhfeidhm ag an gComhairle, féadfaidh an pobal iarratas a dhéanamh comharthaíocht dhátheangach a chrochadh ar shráideanna.

Caithfidh duine atá ina chónaí sa cheantar iarratas a chur isteach chuig an gComhairle. Ina dhiaidh sin, déantar suirbhé ar an gcuid eile den phobal, agus, más léir go bhfuil níos mó ná dhá thrian den phobal sin ar son na comharthaíochta dátheangaí, crochfaidh an Chomhairle í.

Cuireadh a leithéid d’iarratas faoi bhráid na Comhairle ag cruinniú an tseachtain seo. Iarradh ar an gComhairle sráidainmneacha dátheangacha a chrochadh in eastáit nua tithíochta sa cheantar.

Mhol an Comhairleoir aontachtach Clement Cuthbertson gur cheart iarraidh ar an bpobal féin airgead a chur ar fáil leis na comharthaí dátheangacha a chur ar fáil. Cuireadh chun vóta an rún ach theip air nuair a vótáil deichniúr ina aghaidh agus triúr ar a shon.

Mhaígh Cuthbertson go raibh an chomharthaíocht dhátheangach “á brú ar mhionlaigh Lár-Uladh” agus go raibh “polaitíocht dheighilteach” ar bun ann.

Ach dúirt an comhairleoir Malachy Quinn ón SDLP go bhfuil daoine ag iarraidh an Ghaeilge a fheiceáil ar na comharthaí sráide ina gceantar féin.

“Ní hí seo an chéad uair a cuireadh scéim comharthaíochta dátheangaí i bhfeidhm. Ní hé go bhfuil siad le cur suas gach áit, nó in áit a bhfuil móramh aontachtóirí ann. Is éard atá i gceist anseo ná duine amháin, ar féidir leis achainí a dhéanamh na comharthaí a fháil ar a shráid féin. Tá siad á dtabhairt isteach mar tá na daoine á n-iarraidh.”

Tá fáilte curtha freisin ag Sinn Féin roimh na comharthaí nua, agus maíonn gur polasaí “cothrom, uileghabhálach agus aontaithe é”.

“Fáiltím roimh an scéim comharthaíochta dátheangaí agus molaim do gach duine ar mhaith leo go mbeadh comharthaí i nGaeilge agus i mBéarla ar fáil teagmháil a dhéanamh [leis an gComhairle]. Tugadh an polasaí seo chun cinn mar gheall ar an éileamh atá ann ó dhaoine atá ina gcónaí sa cheantar,” a dúirt John McNamee ó Shinn Féin.

Mhaígh sé go raibh seasamh an DUP ar a gceist “seafóideach” agus “gearr-radharcach” agus nach bhféadfaí a mhaíomh gur polasaí deighilteach atá i bpolasaí a chuireann an Béarla agus an Ghaeilge chun cinn.

“Tá an chosúlacht ar an scéal nach bhfuil anseo ach sampla eile den chur in éadan ceanndána na féiniúlachta Éireannaí. D’oibrigh Sinn Féin le páirtithe uile Lár-Uladh agus leanfaidh muid orainn á dhéanamh sin. Ba phróiseas uileghabhálach a bhí ann agus forbairt an pholasaí á plé, agus bhí fáilte roimh gach páirtí a bheith i láthair,” a dúirt McNamee.

Fág freagra ar 'Raic i gComhairle Ceantair Lár-Uladh mar gheall ar chomharthaíocht dhátheangach sráide'