Raic faoi chomharthaí bóthair i nGaeilge amháin do bhaile i nGaeltacht na Gaillimhe

Tá scríofa ag Ceantar Bardasach Bhaile Átha an Rí/Órán Mór chuig Aire Stáit na Gaeltachta agus iad ag iarraidh go gceadódh sé go mbeadh ‘Claregalway’ le feiceáil ar chomharthaí bóthair do Bhaile Chláir

Raic faoi chomharthaí bóthair i nGaeilge amháin do bhaile i nGaeltacht na Gaillimhe

Tá comharthaí bóthair aonteangacha do Bhaile Chláir na Gaillimhe ag cur “mearbhall” ar thiománaithe.

Dar le Frank Kearney, comhairleoir contae de chuid Fhine Gael, go bhfuil na comharthaí bóthair, atá i nGaeilge amháin, ar mhótarbhealach an M17/M18 “ag cruthú go leor fadhbanna”.

De réir tuairisc sa Connacht Tribune tá scríofa ag Ceantar Bardasach Bhaile Átha an Rí/Órán Mór chuig Aire Stáit na Gaeltachta agus iad ag iarraidh go gceadódh sé go mbeadh ‘Claregalway’ le feiceáil ar na comharthaí.

Mhaígh Frank Kearney go raibh daoine “trína chéile” mar gheall ar na comharthaí ag acomhail 19 agus 20 ar an mótarbhealach.

“Síleann daoine gurb ionann Baile Chláir agus Belclare. Síleann daoine eile ‘an dtabharfaidh sé seo go dtí Inis nó an Clár sinn?’. Go traidisiúnta Claregalway a bhíodh ar na comharthaí bóthair.

“Ní hamháin sin ach deir an comhartha ‘Baile Chláir R354’ agus tá an méid sin féin mícheart. Tá  Baile Chláir nó Claregalway ar an N83 agus ní ar an R354. Tá na comharthaí mícheart agus cuireann siad mearbhall ar dhaoine agus ba chóir iad athrú,” arsa Frank Kearney, comhairleoir contae de chuid Fhine Gael.

Tá Baile Chláir ina cheantar oifigiúil Gaeltachta agus de réir Acht na dTeangacha 33 (2) níl aon fheidhm ná éifeacht leis an leagan Béarla de logainmneacha Gaeltachta agus ní ceadmhach ach an leagan Gaeilge de na logainmneacha sin a úsáid ar chomharthaí bóthair.

Cé go bhfuil Baile Chláir ina cheantar Gaeltachta, de réir Dhaonáireamh 2016 níl ach 2.7% de phobal thoghroinn Bhaile Chláir ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras Oideachais.