Radharc ní ba iontaí ná an sneachta dearg! Daidí na Nollag i gceartlár na Gaeltachta i mí an Mhárta!

Dara Ó Baoill, Oifigeach Forbartha le Glór na nGael, a chuir chugainn an pictiúr de Dhaidí na Nollag agus é ar cuairt gan choinne ar Indreabhán i gConamara ar maidin

Radharc ní ba iontaí ná an sneachta dearg! Daidí na Nollag i gceartlár na Gaeltachta i mí an Mhárta!

Chonacthas radharc ní ba iontaí ná an sneachta dearg in Indreabhán i gConamara ar maidin  – Daidí na Nollag ag siúl an bhóthair dó féin.

Dara Ó Baoill, Oifigeach Forbartha le Glór na nGael, a bhí ar shiúlóid é féin síos go dtí cladach an Tí Mhóir in Indreabhán ar maidin, a chuir chugainn an pictiúr de Dhaidí na Nollag agus é i gceartlár na Gaeltachta i dtús mhí an Mhárta.

Mhaigh Dara Ó Baoill gur mhínigh Daidí na Nollag dó “go raibh sé ar saoire théis Nollaig ghnóthach a bheith aige”.

“Ar a bhealach go Lanzarote a bhí sé nó gur cuireadh na heitiltí ar ceal. Labhair muid ar feadh cúpla nóiméad. Agus é ag cuimhneamh siar  ar an Nollaig seo caite dúirt sé gur bhain sé an-sásamh as bualadh leis na páistí uilig a labhair Gaeilge ag na hócáidí a d’eagraigh Glór na nGael agus dreamanna eile,” a dúirt Dara Ó Baoill le Tuairisc.ie.

Pictiúr: Dara Ó Baoill

Dúirt Ó Baoill go ndúirt Daidí na Nollag leis go raibh sé “ag tnúth le bualadh le páistí na Gaeltachta arís an Nollaig seo chugainn”.

“Dúirt sé liom go raibh súil aige go bhfuil páistí uile na hÉireann ag baint sult as an sneachta inniu agus go mbeidh siad uilig ag spraoi le linn Sheachtain na Gaeilge,” arsa Dara Ó Baoill, Oifigeach Forbartha le Glór na nGael.

Fág freagra ar 'Radharc ní ba iontaí ná an sneachta dearg! Daidí na Nollag i gceartlár na Gaeltachta i mí an Mhárta!'

  • Caitríona Nic Seoin

    Roghnaigh Daidí na Nollag áit galánta le dul ar shaoire, in áit Lanzarote!