Rachaidh toghadh Joe Biden chun tairbhe d’Éirinn ar dhá chúis

Cuirfidh toghadh Joe Biden brú ar rialtas na Breataine aird níos mó a thabhairt ar leas an oileáin seo

Rachaidh toghadh Joe Biden chun tairbhe d’Éirinn ar dhá chúis

Níl lántoradh an toghcháin uachtaránachta sna Stáit Aontaithe lánchinnte fós agus an colún seo á scríobh, agus tá feachtas dlíthiúil in aghaidh a dhíbeartha ón Teach Bán á bhagairt ag an uachtarán Trump.

Mar sin féin is dóichí ná a mhalairt, má bhreathnaítear ar chlaonadh náisiúnta na bhfigiúirí, gur Joe Biden a insealbhófar i mí Eanáir mar uachtarán nua. Beidh dea-thionchar nach beag ag a theacht i gcumhacht ar chúrsaí na tíre seo agus ar an gcaidreamh idir Éirinn, an Ríocht Aontaithe agus Aontas na hEorpa.

Cuirfidh móramh na bPoblachtánach sa Seanad srian ar a chur chuige i Meiriceá féin ach beidh cead agus cumhacht aige, mar a bhíonn ag gach uachtarán, cuid mhór dá mhianta a chur i bhfeidhm thar lear. B’fhéidir go deimhin gur mó an fonn a bheidh ar Joe Biden a chur chuige pearsanta a thaispeáint taobh amuigh de Mheiriceá mar gheall ar an bhfreasúra a chuirfidh bac air ina thír fhéin.

Níor dhúirt duine ar bith sa rialtas abhus focal go poiblí i bhfabhar Biden ná in aghaidh Trump le linn an fheachtais toghcháin thall. Bhí a meon soiléir nó intuigthe áfach i ngach comhrá príobháideach. Is dlúthchuid de mheon gach rialtas Éireannach é tacú le comhthuiscint agus le comhoibriú idirnáisiúnta agus le rialtais eile a aontaíonn le cur chuige dá leithéid.

Ní bheidh aiféala ar pháirtí ar bith i dTeach Laighean mar sin go mbeidh deireadh go luath le ré Donald Trump – fear a rinne a dhícheall an bonn a bhaint de chomhar domhanda na gcomharsan ó chuaigh sé in oifig ceithre bliana ó shin. Chuir Biden i gcuimhne do chách Dé Céadaoin go léireodh sé meon éagsúil ó thús dá dtoghfaí é nuair a dúirt sé go bhfillfeadh na Stáit Aontaithe i mí Eanáir ar rannpháirtíocht i gComhaontú Pháras ar Athrú Aeráide – 77 lá tar éis do Trump na Stáit a tharraingt amach as.

Sheachain an Taoiseach tagairt ródhíreach a dhéanamh don toghchán nuair a ceistíodh é Dé hAoine faoin scéal is deireanaí ó Washington. Beidh an rialtas ag tnúth, a dúirt Micheál Martin, le buanchothú an chaidrimh láidir idir an dá thír, cibé duine a thoghfar faoi dheireadh, agus mar sin de. Ach dúirt an Taoiseach go gcaithfí gach vóta sa toghchán a chomhaireamh – rud atá á éileamh ag Biden agus á cháineadh ag Trump.

Is ar an 16 Meán Fómhair a d’eisigh Joe Biden ráiteas gairid tábhachtach faoi chúrsaí na tíre seo (ní raibh focal le rá ag Trump faoi chúrsaí na hÉireann le linn an fheachtais). Ní ligfí don Bhreatimeacht, a dúirt sé, dochar a dhéanamh do Chomhaontú Aoine an Chéasta a chuir síocháin i réim i dTuaisceart Éireann. Dar leis go mbeadh margadh nua trádála idir na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain ag brath (1) ar aird a thabhairt ar an gComhaontú agus (2) ar theorainn chrua a sheachaint.

Chríochnaigh Biden an giolc inar leag sé amach a thuairim leis an bhfocal “Period” – focal a úsáidtear i mBéarla Mheiriceá más mian le duine a thabhairt le fios nach nglacfar le tuairim ar bith eile.

Ar ndóigh ní dheimhneoidh teacht in oifig Joe Biden go dtiocfar ar réiteach maidir le gach argóint faoin mBreatimeacht idir an rialtas agus an tAontas Eorpach. Ach má chuimhnítear ar a ndúirt ceann comhairle Theach na nIonadaithe Nancy Pelosi i mí Mheán Fómhair (“Don’t mess with the Good Friday accords”), neartaíonn toradh an toghcháin an teachtaireacht láidir sin, teachtaireacht nach féidir neamhshuim a dhéanamh di i Londain.

Beidh an ceangal muintearais idir Joe Biden agus Éire chomh tábhachtach b’fhéidir lena mheon le linn a thréimhse in oifig. Thug sé cuairt ar fhód dúchais a shin-sin-sin-seanathar i mBéal an Átha i gContae Mhaigh Eo in 2016. Is i mBaile an Teampaill i gcontae Lú a rugadh a shin-seanathair ar thaobh a mháthar Jean Finnegan.

Déan talamh slán de go dtiocfaidh sé ar cuairt ar Éirinn arís idir seo agus 2024, agus go gcuirfidh a thoghadh brú ar rialtas na Breataine aird níos mó agus níos leanúnaí a thabhairt ar leas an oileáin seo idir an dá linn. Ní beag san.

Fág freagra ar 'Rachaidh toghadh Joe Biden chun tairbhe d’Éirinn ar dhá chúis'

  • Eoin Ó Murchú

    B’fhéidir go bhfuil an ceart ag Cathal. Má théann Biden ag cogadh in aghaidh na Rúise, nach mbeidh níos mó saighdiúirí Meiriceánacha ag taisteal trí aerfort na Sionainne? Sin tuilleadh táillí dúinne, fiú má cheadaítear dona saighdiúírí sin earraí a cheannach saor ó cháin.

  • Poraic o'hEipicín

    Níl trácht ar bith ar an Ghin san Bhroiinn.
    Is rud an-tábhachta é sin.