Rachaidh sé dian ar Thiobraid Árann spás a aimsiú i gcoinne Phort Láirge

Tá na Déise i ndiaidh cúig cinn de chluichí a bhuachan i ndiaidh a chéile agus an córas céanna imeartha acu gach babhta

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Agus gan aon duais mhór buaite le tamall fada acu, cé a cheapfadh cúpla mí ó shin go mbeadh foireann iomána na nDéise ar thóir duaise móire don dara uair sa bhliain?

Nuair a deineadh an tarraingt do chraobh na Mumhan, cheapas go mbeadh Corcaigh agus Tiobraid Árann sa chluiche ceannais agus gur ag na Tiobradaigh a bheadh an bua.

Ach thaispeáin Port Láirge go bhfuil mianach iontu nuair a chuireadar Loch Garman de dhroim seoil sa cluiche deireanach de Roinn 1B sa tsraith. Ina dhiaidh sin rinne siad an beart céanna ar Ghaillimh, ar Thiobraid Árann agus ar Chorcaigh.

Ansin mheas gach duine go mbeadh ceacht foghlamtha ag Corcaigh agus go mbuafaidís ar na Déise sa chluiche craoibhe. Níor fhoghlaim agus tá na Déise fós ann agus an ghaoth sna seolta acu. 

Tá an goile céanna chun oibre taispeánta acu i ngach cluiche ó thosach na bliana agus caithfidh go bhfuil an painéal lán le muinín i láthair na huaire.

Ach, dar ndóigh, beidh foireann eile amárach ann agus dúil mhór acu sa chorn a thabhairt abhaile leo freisin. Níl aon rud fiúntach buaite ag Tiobraid Árann faoi stiúir Éamoinn Uí Shé agus beidh na himreoirí ag déanamh a seacht ndícheall chun é sin a réiteach.

Seamus Callinan. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Seamus Callinan. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Bhíodar i bhfad níos fearr ná Luimneach don chuid is mó den chluiche an lá cheana. Léirigh na tosaithe, go háirithe John O’Dwyer agus Seamus Callinan, na scileanna ar ardchaighdeán atá acu.

Ach amárach rachaidh sé níos déine orthu spás a aimsiú i gcoinne an chórais dlúthchosanta atá á chur i bhfeidhm go slachtmhar ag foireann óg na nDéise.

Tá an córas sin feicthe ag Éamonn Ó Sé agus a chuid imreoirí go minic i mbliana ach go dtí seo níor éirigh le haon fhoireann teacht timpeall air.

Sa chluiche leathcheannais bhí smacht ag an Tiobradaigh ar an imirt sa chéad leath ach diaidh ar ndiaidh tháinig na Déise aniar agus, níos tábhachtaí ná aon rud eile, chloígh siad lena gcóras le linn an ama.

Níl aon dabht ach go bhfuil éacht déanta ag Derek McGrath agus a chuid imreoirí go dtí seo i mbliana ach tá na duaiseanna is mó fós le buachan.

Amárach a bhronnfar an chéad cheann eile acu sin agus, bunaithe ar an méid atá feicthe againn go dtí seo, is ag Port Láirge atá an lámh in uachtar. Tá acu an rud atá ag teastáil ó na foirne go léir an t-am seo bliana – seasmhacht. Tá na Déise i ndiaidh cúig cinn de chluichí a bhuachan i ndiaidh a chéile agus an córas céanna acu gach babhta. Níl aon chúis nach féidir leo an beart a dhéanamh arís amárach.

Ina dhiaidh sin, tá an-taithí ag imreoirí Thiobraid Árann ar an gcraobh. Tá chuid maith cluichí móra imeartha ag an gcuid is mó acu faoi seo, agus ní gan fhiúntas é an taithí sin. Anuas air sin, tá roinnt tosaithe den scoth acu. Measaim, áfach, go bhfuil níos mó muiníne ag Port Láirge agus aghaidh á tabhairt acu ar an gcluiche seo, cé go mb’fhéidir go mbraithfeadh siad uathu amárach Pauric Mahony.

Ní dóigh liom go mbeidh mórán eatarthu agus gach seans go gcríochnóidh sé ar an gcuma chéanna leis an gcluiche ceannais peile Dé Domhnaigh seo caite.

Níor mhaith liom an toradh a thuar. 

Tá an tuairim ann go bhfuil craobh tuillte ag Éamonn Ó Sé agus a fhoireann ach bheadh sé go hiontach d’fhoireann óg na nDéise an corn seo a bhuachan.

Fág freagra ar 'Rachaidh sé dian ar Thiobraid Árann spás a aimsiú i gcoinne Phort Láirge'