Rabhadh buí báistí agus fuarlaigh i 17 contae anocht is amárach 

Cuirtear fainic ar dhaoine atá ar bóthar a bheith cúramach mar go bhféadfadh fuarlaigh a bheith ar na bóithre agus go sceithfeadh aibhneacha a mbruacha

Rabhadh buí báistí agus fuarlaigh i 17 contae anocht is amárach 

Tá rabhadh buí báistí eisithe ag Met Éireann agus Met na Ríochta Aontaithe agus iad ag tuar go dtitfidh idir 30-50 mm báistí sna 24 uair an chloig óna 9.00 pm anocht. 

Cuirtear fainic ar dhaoine atá ar bóthar a bheith cúramach mar go bhféadfadh fuarlaigh a bheith ar na bóithre agus go sceithfeadh aibhneacha a mbruacha. Is measa an chontúirt i gceantair chrochta mar a mbeidh tulcaí ag rith le fána agus an baol ann go mbeadh bóithre faoi uisce. 

Tá an díle bháistí seo á tuar in 11 contae san iarthar agus sa tuaisceart – Gaillimh, Maigh Eo, an Mhí, Ros Comáin, Sligeach, Liatroim, An Longfort, í, an Iarmhí, Lú, An Cabhán agus Muineachán agus sna sé chontae ó thuaidh den teorainn – Aontroim, Ard Mhacha, an Dún, Fear Manach, Tír Eoghain agus Doire.

Tá rabhadh tugtha freisin ag lucht aimsire na Ríochta Aontaithe go bhféadfadh báisteach throm agus sneachta ar chnoic amárach agus Dé Céadaoin cur isteach ar an trácht sa taobh ó thuaidh den tír. 

Fág freagra ar 'Rabhadh buí báistí agus fuarlaigh i 17 contae anocht is amárach '