PSNI – an teach ag dul i bhfuaire do Chaitlicigh?

Tá an tSeirbhís Phóilíneachta ag iarraidh a thuilleadh Caitliceach a earcú de bharr ganntanas atá ag teacht salach ar aisling lucht a bunaithe

PSNI – an teach ag dul i bhfuaire do Chaitlicigh?

Seirbhís phóilíneachta ionadaíoch ar an bpobal Caitliceach chomh maith leis an bpobal Protastúnach a thuillfeadh tacaíocht ó gach aicme agus dhá thaobh na deighilte. B’in í an tsamhail don PSNI nuair a bunaíodh é in ionad an RUC, an “fórsa Protastúnach a chosain an stát Protastúnach” mar a thug lucht a cháinte i measc náisiúnaithe air.

Caitlicigh ab ea 8% de chomhaltaí an RUC. Bhí ceartú ar an éagothroime i gcomhdhéanamh na foirne i measc na gcritéar le haghaidh scoth na póilíneachta a leag Coimisiún Patten síos don PSNI. Chuige sin rinneadh idirdhealú dearfach san earcaíocht don tseirbhís nua ag tús an chéid seo. An córas 50/50 a tugadh air; dá réir, ceapadh cóimhéid Caitliceach agus Protastúnach, beart a raibh aontachtaithe dubh dóite ina choinne, agus iad ag maíomh gur éagóir é. Mhol Patten go leanfadh an 50/50 go dtí go mbeadh 30% den PSNI ina gCaitlicigh i gcomhréir le líon na gCaitliceach san daonra ag an am.

Chomh luath is a bhí an líon ag druidim le 30% ghéill Státrúnaí na linne, Owen Paterson don bhrú ó aontachtaithe agus chuir sé deireadh le 50/50. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, i mí an Mhárta 2015 nocht scrúdú inmheánach san PSNI go raibh seans go dtógfadh sé tríocha bliain orthu dóthain Caitliceach a bheith acu le bheith ionadaíoch ar an bpobal. Thuig an chinnireacht gur chontúirt don phóilíneacht í an ganntanas sin.

Níor tháinig feabhas ar chúrsaí ó shin. Sna trí bhabhta earcaíochta is deireanaí bhí líon na n-iarrthóirí Caitliceacha an-íseal- 31%. Ní dheachaigh ach 19% ar aghaidh ag an gcéad chéim eile. Rinne an comhlacht Deloitte taighde thar ceann an PSNI féachaint cad a bhí ag cur bac ar iarrthóirí ón bpobal Caitliceach. B’údar mór imní iad cuid de na torthaí i dtuarascáil Deloitte “Understanding Barriers Affecting Police Officer Recruitment” i mí na Nollag seo caite. I measc na bpríomhchúiseanna nach gcuirfeadh daoine isteach ar phostanna san PSNI bhí tuairim a ngaolta agus a gcairde, an brath nach seirbhís uileghabhálach í an PSNI agus dearcadh diúltach bunaithe ar oidhreacht na bpóilíní a thug ar roinnt daoine an ‘RUC nua’ a thabhairt ar an tseirbhís. D’aithin Deloitte fadhbanna a bhain lena fhadálaí is a bhí an próiseas iontrála le dreasa éagsúla measúnaithe a mhair suas le bliain; d’éirigh céatadán ard de na hiarrthóirí as idir chéim a haon agus a dó.

An tseachtain seo d’fhógair an PSNI go raibh plean gnímh acu, bunaithe ar thuarascáil Deloitte, chun méadú suntasach a dhéanamh ar an ráta earcaíochta i measc na gCaitliceach. Ní ghabhfaidh siad i muinín 50/50 arís ach rithfear scéimeanna a bheidh dírithe ar Chaitlicigh agus ar cheantair náisiúnacha go sonrach le súil go mbeidh 50% d’iarrthóirí ón bpobal sin acu faoi cheann cúig bliana. Dúirt an LeasPhríomh-Chonstábla Drew Harris go mbeadh tacaíocht na bpolaiteoirí agus ceannairí pobail riachtanach chun an sprioc sin a bhaint amach. Gheall sé freisin go ndéanfaí leasuithe ar an bpróiseas iontrála chun é a ghiorrú; bhí daoine ag éirí as an bhfiontar scun scan mar gur thóg sé suas le bliain, cor a chuir brú breise ar Chaitlicigh a bhí ag ceilt ar a muintir gur chuir siad isteach ar an PSNI.

Ní féidir ionsaithe na n-easaontóirí poblachtacha a chur as an áireamh ach oiread. Caitlicigh ab ea an bheirt chomhaltaí den PSNI a mharaigh na heasaontóirí, chomh maith le móramh mór na ndaoine a d’ionsaigh siad. Is furasta a thuiscint dá bhrí sin go mbeadh gaolta ag tathant ar dhaoine óga gan a dhul sna póilíní.

Thairis sin, maítear go bhfuil líon na gCaitliceach a fhágann na póilíní níos airde ná grúpa ar bith eile. Cén fáth? Feachtas na n-easaontóirí is siocair le cuid den imeacht ach ní hé sin amháin é. Maítear go bhfuil fadhb leis an gcultúr sa tseirbhís – fuarthas amach le déanaí go raibh blas míleata ar an chúrsa oiliúna agus is baolach go bhfuil cuid de sin san atmaisféar i measc na bpóilíní chomh maith. Táthar ag dul i ngleic leis an traenáil lochtach. Seans nach mór scrúdú a dhéanamh freisin ar conas mar a chaitear le comhghleacaithe ón mionlach. Is minic a chloistear gur cultúr “fórsa” seachas cultúr “seirbhíse” atá san PSNI; cothaíonn sé sin ‘teach fuar’, nó ionad oibre ina mbeadh doicheall roimh Chaitlicigh. Ní bheidh barr feabhais ar an PSNI go dtí go gcuirfear é sin ina cheart.

Fág freagra ar 'PSNI – an teach ag dul i bhfuaire do Chaitlicigh?'