Polaiteoir as Baile Átha Cliath roghnaithe ag gach páirtí chun plé le cúram na Gaeltachta

Deir oifigeach pleanála teanga cheann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír gur údar imní é go bhfuil cúram na Gaeltachta leagtha ag na páirtithe móra go léir ar dhuine atá lonnaithe san ardchathair

Polaiteoir as Baile Átha Cliath roghnaithe ag gach páirtí chun plé le cúram na Gaeltachta

Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Fágann ceapachán Jack Chambers ina aire stáit Gaeltachta go bhfuil cúram na teanga leagtha ag gach páirtí polaitíochta ar ionadaí poiblí as Baile Átha Cliath.

Teachta Dála as Baile Átha Cliath Thiar é Chambers agus is i mBaile Átha Cliath-Ráth an Dúin a toghadh Catherine Martin, an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta.

Baile Átha Cliath Theas-Lár an dáilcheantar atá ag urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh

Marie Sherlock, Seanadóir as Baile Átha Cliath atá ceaptha ina hurlabhraí Gaeltachta ag Páirtí an Lucht Oibre.

Ceapadh an Seanadóir ina hurlabhraí gnóthaí fostaíochta, meán, ealaíon, cultúir agus Gaeltachta an tseachtain seo caite agus tá sí ina haoire ag an bpáirtí sa Seanad chomh maith.

D’fhógair an Comhaontas Glas mí na Bealtaine gurb é an comhairleoir contae agus Gael aitheanta Peter Kavanagh a n-urlabhraí Gaeltachta. Sheas Kavanagh in olltoghchán na bliana seo i mBaile Átha Cliath Thiar-Meán.

Dar le Dónall Ó Cnáimhsí, an tOifigeach Pleanála Teanga do cheantar Ghaoth Dobhair, gurb “údar mór imní agus frustrachais” é gur polaiteoirí as Baile Átha Cliath atá curtha i bhfeighil na Gaeltachta ag na páirtithe móra go léir.

“Tá mé cinnte gur Teachta Dála óg cumasach éirimiúil é Jack Chambers, a dhéanfaidh ionadaíocht mhaith ar mhuintir a dháilcheantair féin i mBaile Cliath Thiar chomh maith.

“Ach cén t-ábhar dóchais atá ina cheapachán do mhuintir na Gaeltachta? Ar leag sé cois ariamh inár measc, nó an ndúirt sé focal riamh ar ár son, an bhfuil fhios aige gurbh ann do phobal labhartha na Gaeilge?

“Tá imní orm nach bhfuil againn anse0 arís leis an chinneadh seo ach léiriú eile ar sheasamh na Gaeilge i gclár oibre an rialtais seo. Easpa suime, easpa físe agus mar sin easpa gnímh agus easpa dul chun cinn,” arsa Dónall Ó Cnáimhsí.

Fág freagra ar 'Polaiteoir as Baile Átha Cliath roghnaithe ag gach páirtí chun plé le cúram na Gaeltachta'

  • Bríd

    Meastú ar chuala na hurlabhraithe Gaeilge seo ar fad faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta? An bhfuil sé ann a thuilleadh? Faic le cloisteáil faoi. Cur amú airgid stáit & cur i gcéill ón mbarr anuas. Ní chun leasa na teanga ach ag tochras ar a gceirtlín féin atáfar!