Jack Chambers ceaptha ina aire stáit Gaeltachta ach ceist faoina chumas Gaeilge

Dheimhnigh an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil inniu go bhfuil an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil as Baile Átha Cliath Thiar ceaptha ina aire stáit Gaeltachta

Jack Chambers ceaptha ina aire stáit Gaeltachta ach ceist faoina chumas Gaeilge

Tá Jack Chambers, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil as Baile Átha Cliath Thiar, ceaptha ina aire stáit Gaeltachta.

Dheimhnigh an Taoiseach Micheál Martin an méid sin sa Dáil inniu, i ndiaidh dó a fhógairt go raibh Dara Calleary le ceapadh ina Aire Talmhaíochta in áit Barry Cowen, ar tugadh bata agus bóthar inné dó.

De réir suirbhé a rinne Tuairisc.ie i measc na bpáirtithe polaitiúla i mbliana, níl Jack Chambers i measc na dTeachtaí Dála ag Fianna Fáil a bhfuil Gaeilge líofa acu.

Is í an tslat tomhais a bhí againn sa suirbhé sin maidir le líofacht ná dóthain Gaeilge chun agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge.

Níor thug Fianna Fáil ná Jack Chambers le fios go raibh Gaeilge aige ach oiread nuair a rinneadh a mhacasamhail de shuirbhé in 2016 nuair a toghadh Chambers chun na Dála den chéad uair.

Tá ceisteanna curtha ag Tuairisc.ie chuig Fianna Fáil agus chuig Jack Chambers féin faoina chumas Gaeilge.

De réir scéalta áirithe tá beagán Gaeilge ag an Teachta Dála óg. Deir Conradh na Gaeilge go raibh plé ag an eagraíocht leis “go háitiúil” agus go bhfuil dóthain den teanga aige chun “comhrá” a dhéanamh.

Dúirt comhfhreagaí poalitíochta Nuacht TG4, Sorcha Ní Riada, tráthnóna, gur mhaígh Chambers féin le déanaí go bhfuil “beagán Gaeilge” aige.

Bhí amhras ann ar feadh tamaill faoi cad a bhí i ndán d’aireacht stáit na Gaeltachta nuair a d’fhógair an Taoiseach ceapachán Dara Calleary sa Dáil inniu.

D’fhógair Micheál Martin go raibh Chambers á cheapadh ina Phríomh-Aoire agus go raibh a phost mar aire sóisearach sa Roinn Airgeadais á thabhairt do Sheán Fleming. Ach níor luaigh an Taoiseach beag ná mór an Ghaeltacht ná cúrsaí spóirt, an dá chúram eile a bhí ar Calleary le trí seachtaine anuas.

Is nuair a lorg an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly agus urlabhraí airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty, soiléiriú maidir lena raibh i ndán d’aireacht na Gaeltachta a dheimhnigh an Taoiseach go raibh na cúraimí go léir a bhíodh ar Dhara Calleary á mbronnadh ar Jack Chambers.

Tá Jack Chambers, atá 29 bliain d’aois, ina Theachta Dála ó 2016, Rugadh Jack Chambers sa Ghaillimh ach d’aistrigh sé lena mhuintir go dtí Baile Átha Cliath nuair a bhí sé óg.

Tá sé cáilithe mar dhochtúir ó mhí Mhárta na bliana seo, agus tá céim sa dlí agus sa pholaitíocht aige ó Choláiste na Tríonóide. chomh maith.

Bhí conspóid mhór ann nuair a cheap Enda Kenny an Teachta Dála de chuid Fhine Gael Joe McHugh ina aire stáit i Roinn na Gaeltachta in 2014 toisc easpa Gaeilge a bheith air. Bhí daoine in amhras faoi thionscnamh pearsanta foghlama teanga a bheith á dhéanamh d’aireacht na Gaeltachta.

D’fhógair Enda Kenny, a bhí ina Thaoiseach ag an am, go rachadh McHugh ar “aistear teanga” le linn dó a bheith ina aire stáit don Ghaeltacht, rud a rinne McHugh le flosc agus le fonn ina dhiaidh sin.

I bpobalbhreith náisiúnta a rinne an comhlacht Millward Brown ar son Tuairisc.ie in 2014, dúirt 61% de dhaoine nár chóir don Taoiseach Enda Kenny duine a cheapadh mar Aire na Gaeltachta nach raibh líofa sa Ghaeilge.

Dúirt 20% de na rannpháirtithe nach botún a bhí ann.

D’fhógair an Taoiseach sa Dáil aréir go raibh bata agus bóthar tugtha aige don Aire Talmhaíochta, Barry Cowen, agus níos lú ná trí seachtaine caite sa phost aige.

Bhí Cowen sáinnithe i gconspóid faoin scéala gur cuireadh cosc tiomána trí mhí air in 2016 mar gheall ar a bheith ag tiomáint agus deoch ólta aige.

D’fhág imeacht Cowen ón gcomhaireacht go rabhthas ag tuar go mbeadh Aire Stáit nua Gaeltachta á cheapadh gan mhoill agus tháinig an tuar faoin tairngreacht tráthnóna sa Dáil.

Fág freagra ar 'Jack Chambers ceaptha ina aire stáit Gaeltachta ach ceist faoina chumas Gaeilge'

  • Seán Mag Leannáin

    Dearmad glan déanta ar an nGaeilge ag Micheál Martin go dtí gur chuir Catherine Connolly agus Pearse Doherty í ar a shúile dó agus ansin ceapann sé dailtín sotalach a bhfuil dearmad déanta ar a chuid Gaeilge aige ina Aire Stáit don Ghaeltacht agus don Ghaeilge. Náireach amach is amach. An Ghaeilge curtha, gan chónra gan searmanas, i gCré na Cille ag Fianna Fáil le tacaíocht ó Fhine Gael agus na Glasaigh. An bhfuil tada le rá ag Éamon (Dev Óg) Ó Cuív faoi.

    “Is nuair a lorg an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly agus urlabhraí airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty, soiléiriú maidir lena raibh i ndán d’aireacht na Gaeltachta a dheimhnigh an Taoiseach go raibh na cúraimí go léir a bhíodh ar Dhara Calleary á mbronnadh ar Jack Chambers.”

  • Poraic o'hEipicín

    Cad faoí Éamon O’Coive. ???.