Seanadóir ceaptha mar urlabhraí Gaeltachta ag Páirtí an Lucht Oibre

Deir Conradh na Gaeilge gur maith an rud ionadaíocht a bheith ag an teanga sa Dáil ach gur trua nár cheap an Lucht Oibre urlabhraí Gaeltachta sa Dáil

Seanadóir ceaptha mar urlabhraí Gaeltachta ag Páirtí an Lucht Oibre

Seanadóir atá ceaptha mar urlabhraí Gaeltachta ag Páirtí an Lucht Oibre a d’fhógair a mbinse tosaigh inniu.

Dúirt Conradh na Gaeilge gur trua nár cheap ceannaire an pháirtí Alan Kelly urlabhraí Gaeltachta sa Dáil.

Ceapadh an Seanadóir Marie Sherlock ina hurlabhraí gnóthaí fostaíochta, meán, ealaíon, cultúir agus Gaeltachta. Tá Sherlock ina haoire ag an bpáirtí sa Seanad chomh maith.

Tá beirt Teachtaí Dála a bhfuil Gaeilge acu ag Páirtí an Lucht Oibre, leascheannaire an pháirtí Aodhán Ó Ríordáin agus an t-iarcheannaire, Brendan Howlin, ach socraíodh gan cúram na Gaeltachta a leagan ar cheachtar acu.

Ceapadh Aodhán Ó Ríordáin ina urlabhraí oideachais, fiontraíochta agus trádála.

Ceapadh Brendan Howlin ina urlabhraí gnóthaí eachtracha, Breatimeachta, Tuaisceart Éireann agus dlí.

Beidh cúram na n-oileán ar an Teachta Dála Seán Sherlock a bheidh ina urlabhraí coimirce sóisialaí agus forbartha pobail agus tuaithe chomh maith.

Beidh ceannaire an pháirtí Alan Kelly ina urlabhraí sláinte agus míchumais.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur trua nár ceapadh duine de na Teachtaí Dála sin mar urlabhraí Gaeltachta sa Dáil.

“Léiríonn sé nach bhfuil cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i measc na dtosaíochtaí atá ag an bpáirtí. Guímid gach rath ar Marie Sherlock agus is maith an rud ionadaíocht a bheith ag an teanga sa Seanad ach is trua nár ceapadh urlabhraí sa Dáil,” arsa Julian de Spáinn.

Toghadh Marie Sherlock ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i nGlas Naíon-An Chabrach den chéad uair anuraidh agus toghadh í ar phainéal lucht saothair an tSeanaid i mí Aibreáin. Iaroifigeach ceardchumainn í atá cáilithe mar eacnamaí.

Dúirt an Seanadóir gur onóir a bhí ina ceapachán agus go mbeadh sí ag obair ar an nGaeltacht a chur chun cinn.

Fág freagra ar 'Seanadóir ceaptha mar urlabhraí Gaeltachta ag Páirtí an Lucht Oibre'

  • Seán Mag Leannáin

    An bhfuil Gaeilge aici?