‘Pócaí folamh is cloigeann tinn’, sin comhartha d’Oireachtas maith – Nell Ní Chróinín

Sa tsraith seo, chuir muid ceist ar roinnt daoine aitheanta faoina gceangal le mórfhéile na nGael. Nell Ní Chróinín, amhránaí ar an sean-nós as Gaeltacht Múscraí agus buaiteoir Chorn Uí Riada 2014 atá linn an uair seo

‘Pócaí folamh is cloigeann tinn’, sin comhartha d’Oireachtas maith – Nell Ní Chróinín

Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

An chéad Oireachtas gur cuimhin liom ná an ceann a bhí thiar sa Daingean in 2001. Bhí tigh tógtha ar cíos againn don tseachtain agus bhí an-spórt againn. Bhíos óg go maith ach is cuimhin liom a bheith ag ól fuílleach fizzy drinks agus ag ithe málaí tayto ag éisteacht le scoth an cheoil agus na hamhránaíochta, idir chomórtais agus seisiúin. Bhuaileas le han-chuid daoine óga ar m’aois féin. Táim fós cairdiúil leo agus bím ag súil go mór le bualadh leo gach bliain ag an Oireachtas.

An rud is fearr faoin Oireachtas….

Is ceann de bhuaicphointí na bliana domsa é. Níl aon rud níos deise ná bualadh suas leis na seanchairde a bhíonn ag freastal ar an Oireachtas gach bliain. Bíonn na Gaeil ar fad bailithe le chéile, in aonad amháin, ar feadh ceithre lá. Pé áit ina mbíonn an tOireachtas, bíonn atmaisféar iontach le braistint i measc an phobail a bhíonn ann. Bíonn gach éinne ar bís chun a bheith i láthair.

An rud is measa faoin Oireachtas …

Nuair a thagann an Domhnach agus tuigeann tú go bhfuil Oireachtas eile thart agus go bhfuil sé in am duit dul abhaile agus filleadh ar an obair!!

Cill Airne arís?

Caithfidh mé a rá go bhfuilim tar éis an-taitneamh a bhaint as Cill Airne. Tá Óstán an Iolair breá mór chun déileáil leis na sluaite a thagann ó chian is ó chóngar agus bíonn na daoine a bhíonn ag obair ann fíorchabhrach agus cairdiúil. Agus is dócha go gcabhraíonn sé  le muintir Mhúscraí go bhfuil sé breá cóngarach dúinn. É sin ráite, táim ag súil le himeacht go háit éigint eile. Bainim i gcónaí taitneamh as imeacht ar skite i bhfad ó bhaile chomh maith.

Comhairle don té atá ag freastal ar a chéad Oireachtas…

Déan iarracht dul chuig na himeachtaí éagsúla. Ceannaigh ticéad don deireadh seachtaine agus beidh tú ábalta freastal ar na rudaí ar fad. Téir chuig roinnt des na comórtais (idir dhaoine óga agus dhaoine fásta) chun blaiseadh beag a fháil den chaighdeán a bhíonn iontu. Bí cinnte dul chuig An Cabaret, club na féile, seisiún amhránaíochta istoíche agus ná bíodh aon chúthaile ort labhairt le daoine agus cairde a dhéanamh. Deis iontach ata ann do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge í a úsáid agus a chleachtadh. Thugas dream ón scoil ina rabhas ag múineadh cúpla bliain ó shin chuig an Oireachtas i gCill Airne mar bhíodar páirteach.

Club na Féile nó Corn Uí Riada?

Bhuel, Corn Uí Riada ar dtús gan amhras ar bith. Is é ceann dos na himeachtaí is mó i gcaitheamh an deireadh seachtaine agus ansan, chaithfeá dul chuig Club na Féile ina dhiaidh, chun clabhsúr a chuir leis an bhféile. Tá an dá rud chomh difriúil óna chéile, ach ní bheadh an tOireachtas mar an gcéanna gan iad.

Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?

Ní thógfainn an bpost! Dá mbeinn i bhfeighil air, bheinn ag obair i rith an Oireachtais agus ní bheinn ábalta taitneamh ceart a bhaint as! Ceapaim go bhfuil ardmholadh ag dul don gcriú ar fad atá bainteach lena rith.  Ní haon phost simplí atá ann agus reáchtáiltear an fhéile go seoigh gach bliain.

Céard is comhartha Oireachtas maith ann?

Mar a deir John Beag ina amhrán ‘Pócaí folamh is cloigeann tinn’!!

Chomh maith le foinn amhráin éagsúla a bheith ag imeacht timpeall i do cheann , ó Ghaeltachtaí éagsúla,  nó curfánna ó lúibíní agus bheidís sáite i do cheann ar feadh seachtain nó dhó i ndiaidh an Oireachtais.

Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

N’fheadar. Níl mórán seifteanna agam, agus má tá, ní dhéanann siad an bheart! Má tá freagra na ceiste sin ag éinne, abair leo é a chur i mo threo agus bainfidh mé triail as i mbliana.

Cén tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

Deacair ceann amháin acu a roghnú mar bhíodar, agus bíonn siad fós, ar fheabhas ar chúiseanna difriúla. Bhaineas an-taitneamh as an Oireachtas i gCathair na Mart agus i gCorcaigh.

Is dócha ná féadfainn riamh dearmad a dhéanamh ar Chill Airne 2014, nuair a thugas Corn Uí Riada liom, rud nach rabhas ag súil leis in aon chor leis. Beidh sé sin i mo chuimhne go deo. Chaithfinn an bhliain seo caite a lua chomh maith, nuair a bhuaigh fear Mhúscraí, Conchubhar Ó Luasa an corn agus is cuimhin liom go maith, muintir Mhúscraí ar fad in airde ar an stáitse i ndiaidh an chomórtais agus gach éinne in ardform. Bhí orthu an ruaig a chur orainn sa deireadh mar bhíodar ag réiteach do Chlub na Féile. Ní raibh fonn ar éinne againn stopadh ag canadh agus ag ceiliúradh.  Is dócha gurbh in mar a bhí nuair a bhuas féin an corn ach bhí an oiread san ionadh orm nach cuimhin liom mórán den cheiliúradh ar stáitse i ndáiríre. Bhí sé go hálainn a bheith ann do Chonchubhar an bhliain seo caite agus ceiliúradh a dhéanamh leis agus lena mhuintir agus a chairde.

Fág freagra ar '‘Pócaí folamh is cloigeann tinn’, sin comhartha d’Oireachtas maith – Nell Ní Chróinín'