Plus ça change… ceist na bparáidí ar an méar fhada

Agus an proiséas polaitíochta leochaileach i gcónaí, is údar imní é ceist na bparáidí a bheith curtha ar an méar fhada ó thuaidh

29/9/2012. Ulster Covenant Parades
Pictiúr: Photocall Ireland

 

Tiocfaidh polaiteoirí Stormont le chéile sa Tionól den chéad uair i 2015 ar an dara lá déag den mhí seo.

Ní léir fós cén líon díobh a aontóidh leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan, go bhfuil “ré gheal nua” ar na bacáin i ndiaidh an chomhaontaithe a rinneadh roimh Nollaig.

Beidh siad san airdeall faoin ualach trom oibre a chuir an comhaontú ar an bhFeidhmeannas don tréimhse seo romhainn, ach beidh leathshúil, mura mbeidh an dá shúil féin, ag a bhformhór ar olltoghchán Westminster.

(Beifear ag vótáil ar an 7 Bealtaine seo chugainn agus tá an stocaireacht ar siúl cheana féin.)

As an 18 suíochán Parlaiminte i dTuaisceart Éireann, tá ocht gcinn ag an DUP, cúig cinn ag Sinn Féin, agus trí cinn ag an SDLP.

Suíochán amháin atá ag Alliance agus ceann amháín freisin ag aontachtach neamhspleach.

Ta an DUP ar a ndícheall ag iarraidh oirthear Bhéal Feirste a bhaint ar ais ó Alliance agus SF ag iarraidh deisceart Bhéal Feirste a bhuachan in áit an SDLP.

Áirítear go mbainfeadh an TUV greim as an DUP i dtoghchán Tionóil ach nach baol dóibh faoin gcóras ‘an chéad duine abhaile’.

Ansin féin, is taobh istigh den aicme aontachtach atá an choimhlint sin agus is é an scéal céanna é ar an taobh náisiúnach.

Murab ionann agus an Bhreatain, nó an Phoblacht, mar a bhfuil na mórpháirtithe faoi bhrú agus comhdhéanamh nó struchtúir na polaitíochta ag athrú, níl aon leagan amach nua le sonrú ó thuaidh.

Tá súil ag an DUP go mbeidh cóimheá na cumhachta acu agus, dá réir, ról tábhachtach i Westminster. Tá beithígh níos láidre ná iad sa tóir ar an ngort sin freisin, áfach, náisiúnaithe na hAlban san áireamh.

De ghnáth, cuireann feachtas toghcháin moill ar obair an Fheidhmeannais – nó stop iomlán. Faoi théarmaí an Chomhaontaithe is deireanaí, áfach, tá liosta spriocanna leagtha amach.

Ina measc sin, tá buiséad le haontú agus an córas leasa shóisialaigh le leasú roimh dheireadh na míosa seo.

Ina theannta sin, tá spriocanna eile socraithe do na míonna romhainn agus monatóireacht le déanamh ar an obair.

Beidh gá le hathrú iompair agus feabhas ar an gcaidreamh idir an DUP agus Sinn Féin chun na cúraimí faoin gcomhaontú a chur i gcrích.

Ní údar dóchais a bhfuil tarlaithe roimhe seo.

I bhfianaise agóidíocht na bpáirtithe aontachtacha ar fad, an DUP go háirithe, mar thaca le máirseálaithe Oráisteacha, is údar imní é ceist na bparáidí a bheith curtha ar an méar fhada.

Bíonn an proiséas polaitíochta leochaileach i gcónaí; d’fhéadfadh timpiste ar bith é a lagú ach ní gá saoi ná fáidh chun rabhadh a thabhairt faoin dúshlán seo.

I gcomparáid le fairsinge na bhforálacha airgeadais sa chomhaontú, díol suntais is ea a laghad spáis a thugtar do cheist a chothaíonn achrann gach bliain, na paráidí dílseacha.

“Ba cheart, i bprionsabal, freagracht as paráidí agus agóidí a bhaineann leo a dhílarú chuig Tionól Thuaisceart Éireann,” a deirtear.

Chuige sin, éilítear moltaí (aontaithe) ó oifig an Chéad Aire agus an Leas-Chéad Aire faoi dheireadh an Mheithimh, coicís roimh bhuaicphointe chontúirteach shéasúr na máirseála.

Nuair a d’aontaigh an DUP agus SF moltaí faoi pharáidí cheana, thug an tOrd Oráisteach an t-eiteachas dóibh agus dá bharr sin chlis an DUP ar an margadh.

Ní léir go bhfuil athrú meoin tagtha ar an DUP ach fiú dá mbeadh, níl leide ar bith tugtha faoi sheasamh nua ag na hOráistigh ná ag an gcosmhuintir ar an dá thaobh, i dtuaisceart Bhéal Feirste, cuir i gcás.

Tá áisíneachtaí úra le bunú chun déileáil le scáth na dTrioblóidí. Beidh le feiceáil cé mhéid faisnéise a bheidh na húdaráis agus na paraimíleataigh toilteanach a roinnt go hionraic leis na forais sin.

Tá tús curtha ag aonad den PSNI le fiosrú nua faoi Dhomhnach na Fola agus faoi na litreacha a sheol an Bhreatain chuig iarbhaill den IRA sealadach a bhí ar a dteitheadh.

Údar suntais é go leanfar le hionchoisní ar nós an chinn faoi shléacht Bhaile Uí Mhurchú. Theip ar iarracht na Breataine agus an DUP sna cainteanna iad a chur isteach in aon líon le hoidhreacht na dTrioblóidí.

Maítear go dtarraingeoidh na coistí cróinéara sin aird i 2015.

I measc na n-ábhar eile a mbeifear ag faire orthu, tá Staid Chumann Lúthchleas Gael i bPairc Mhic Easmainn in iarthar Bhéal Feirste.

Tá plean CLG do staid do thinreamh 38,000 in aimhréidh ó d’éirigh le háitritheoirí i mBaile Andarsain i gcás cúirte ina choinne.

Beidh aird lucht agóide in aghaidh fraiceála i gContae Fhear Manach agus a gcomharsain i gContae Liatroma ar dhúshlan cúirte atá comhlacht fraiceála idirnáisiúnta a thabhairt d’Aire Stormont, Mark H Durkan, a dhiúltaigh ceadúnas dóibh.

Tá cás cúirte eile in aghaidh Durkan fógartha ag a chomh-Aire, Arlene Foster, ón DUP, i dtaca le pleanáil i mBéal Feirste.

Ceist eile do 2015 ná an gcuirfear deireadh le nós airí (ón DUP , go hiondúil) a bheith ag cur an dlí ar a gcomhghleacaithe.

 

Fág freagra ar 'Plus ça change… ceist na bparáidí ar an méar fhada'