Plean athoscailte an stáit don samhradh aontaithe ag an Rialtas

Tabharfar cead bóthair ar fud na tíre do dhaoine ón 10 Bealtaine agus beidh cead ag trí líon tí cruinniú le chéile i ngairdíní tí

Plean athoscailte an stáit don samhradh aontaithe ag an Rialtas

Pictiúr: Sarko Lazarov / RollingNews.ie

Tá plean athoscailte an stáit don samhradh aontaithe ag an Rialtas agus tabharfar cead bóthair ar fud na tíre do dhaoine ón 10 Bealtaine.

Déanfaidh an Taoiseach Micheál Martin na socruithe nua díghlasála a fhógairt go hoifigiúil tráthnóna.

Ar an 10 Bealtaine chomh maith a bheidh seirbhísí pearsanta amhail gruaigeadóirí ar ais i mbun oibre. Beidh músaeim, dánlanna agus leabharlanna ar oscailt arís an lá sin agus beidh spóirt foirne ceadaithe.

Tabharfar cead seirbhísí eaglasta a reáchtáil agus beidh slua 50 duine ceadaithe ag aifrinn, póstaí agus sochraidí. Ní bheidh cead ach ag seisear ag bainiseacha taobh istigh agus 15 ag bainiseacha taobh amuigh.

Beidh cead ag trí líon tí cruinniú le chéile i ngairdíní tí ón 10 Bealtaine.

Ón lá céanna amach beidh cead ag daoine ó theaghlach amháin a bhfuil an vacsaín faighte acu bualadh taobh istigh le daoine ó theaghlach amháin nach bhfuil an vacsaín faighte acu.

Ar an 17 Bealtaine a osclóidh na siopaí i gceart.

Beidh cead gnó ag óstáin, tithe lóistín, lóistín féinfhreastail agus carbháin ar an 2 Meitheamh agus beidh cead seirbhís faoin aer ag tithe tábhairne agus bialanna ar an 7 Meitheamh. An lá céanna a osclófar linnte snámha agus ionaid aclaíochta.

Ar mhaithe le cothrom na Féinne in earnáil an fháilteachais, tabharfar cead do thithe ósta nach gcuireann aon bhia ar fáil oscailt ag an am céanna leis na cinn eile agus freastal ar a gcuid custaiméirí faoi na srianta céanna.

Is ionann sin agus a rá go mbeadh deireadh leis an gcoinníoll go gcaithfeadh tithe ósta béile téagartha a chur ar fáil dá mba leo oscailt. An té a raibh fonn óil air, bhíodh air luach €9 de bhéile a cheannach i mbialanna agus tithe ósta nuair a scaoileadh na srianta de bheagán an uair dheiridh.

Fág freagra ar 'Plean athoscailte an stáit don samhradh aontaithe ag an Rialtas'