Pléadáilte neamhchiontach ag Donald Trump i 34 cúis choiriúil

Baineann na cúiseanna le taifid ghnó bhréige a chur le chéile le hintinn calaois a dhéanamh agus coireanna eile a cheilt

Pléadáilte neamhchiontach ag Donald Trump i 34 cúis choiriúil

Phléadáil Donald Trump neamhchiontach i gcúirt in Manhattan tráthnóna i ngach ceann de 34 cúis a cuireadh ina leith maidir lena bhaint le cás inar íocadh airgead ionas nach sceithfí eolas faoi.

Dúirt ionchúisitheoir dúiche Manhattan, Alvin Bragg. gur inis Trump bréaga “arís is arís eile” chun coireanna a bhain le toghchán uachtaránachta 2016 a cheilt.

Baineann an cás le híocaíochtaí a deineadh le linn an toghcháin sin – íocaíochtaí le haisteoir i scannáin phornagrafaíochta, le mainicín Playboy agus le doirseoir.

Baineann an 34 cúis leis an íocaíocht a deineadh leis an aisteoir amháin.

Seo an chéad uair riamh go bhfuil cúiseanna coiriúla á dtabhairt in aghaidh iaruachtaráin i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Baineann na cúiseanna go sonrach le taifid ghnó bhréige a chur le chéile le hintinn calaois a dhéanamh agus coireanna eile a cheilt.

“Sháraigh an tseift seo dlí toghchánaíochta Nua-Eabhrac, a deir gur coir atá ann dul i mbun comhcheilge chun iarrthór a chur chun cinn go mídhleathach,” a dúirt ionchúisitheoir dúiche Manhattan, Alvin Bragg.

Sa chúirt in Manhattan, dúirt an Breitheamh Juan Manuel Merchan gur i mí na Nollag a bheidh Trump os comhair na cúirte arís. Leagfar síos sceideal do réamhthriail Trump ansin, ach ní thosnóidh an triail féin go dtí 2024.

Dúirt ionchúisitheoir dúiche Manhattan, Alvin Bragg, go bhféadfaí tús a chur leis an triail mí Eanáir na bliana seo chugainn ach thug lucht dlí Trump le fios go mbeidh siad ag iarraidh go gcaithfí amach an cás.

Tá tús á chur i mí Feabhra leis an réamhthoghchán d’ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtánaigh do thoghcán uachtaránachta 2024.

Tógadh méarlorg ag an díotchúiseamh, ach d’aontaigh a lucht dlí le hionchúisitheoir dúiche Manhattan nach gcuirfí glais lámh ar an iar-Uachtarán atá ag seasamh don Teach Bán arís.

Nuair a tháinig deireadh leis an díotchúiseamh, scaoileadh saor Trump le filleadh ar Florida.

D’eagraigh cuid de lucht tacaíochta agus cuid de lucht cáinte Trump agóidí gar de chúirt choiriúil Manhattan.

Ní chuirfidh an cúiseamh áirithe seo aon chosc ar Donald Trump a bheith mar iarrthóir d’ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtánaigh ná a bheith ina Uachtarán arís ar na Stáit Aontaithe.

Vótáil Ard-Ghiúiré Déardaoin seo caite ar son Trump a dhíotáil mar chuid d’fhiosrúchán fada a rinne Oifig Ionchúisitheoir Dúiche Manhattan.

Bhain an fiosrúchán agus na cúiseanna coiriúla leis na líomhaintí gur íoc Trump $130,000 ar ais lena iar-aturnae, Michael Cohen, mar chúiteamh ar íocaíocht a deineadh le Stormy Daniels, aisteoir a deir go raibh caidreamh gnéis aici leis an iaruachtarán.

Rinne Cohen an íocaíocht le Daniels sna laethanta roimh thoghchán uachtaránachta 2016, ionas nach sceithfeadh sí an scéal faoin gcaidreamh a deir sise a bhí aici le Trump.

Deir Trump nár tharla a leithéid de chaidreamh. Géilleann sé gur thug sé an t-airgead ar ais do Cohen, ach deir sé nach ndearna sé aon rud a sháraigh aon dlí.

Cé go raibh díotáil Trump dírithe ar chás Stormy Daniels, tá dhá íocaíocht eile luaite leis an gcás chomh maith.

I gcás amháin acu, d’íoc an National Enquirer, $30,000 le fear a bhí ina dhoirseoir tráth ag Trump Tower, fear a mhaígh go raibh eolas aige faoi pháiste a bhí ag Trump taobh amuigh den phósadh.

Bhain an cás eile le híocaíocht a dhein an National Enquirer le Karen McDougal, mainicín Playboy, a bhí ag iarraidh scéal faoi chaidreamh gnéis a dhíol.

Tá an-mhuinín ag Trump go mbeidh sé in ann leas a bhaint as an díotáil seo le tuilleadh tacaíochta a bhailiú dá fheachtas le filleadh ar an Teach Bán.

Tá earraíocht á baint aige féin agus a lucht feachtais as an ngairm chúirte chun airgead a bhailiú dá fheachtas.

An tSeirbhís Rúnda, Rannóg Póilíní Nua-Eabhrac agus oifigigh na cúirte in Manhattan a bhí i mbun comhordaithe ar shlándáil ócáid stairiúil an lae inniu.

 

Fág freagra ar 'Pléadáilte neamhchiontach ag Donald Trump i 34 cúis choiriúil'