‘Plandaí Trom ag Trasnú’ – mearbhall ar Ghaeilgeoirí faoi chomhartha bóthair i nDún na nGall

Deir Rannóg na Gaeilge i gComhairle Contae Dhún na nGall go bhfuiltear chun dul i dteagmháil leis na Seirbhísí Bóithre chun drochaistriúchán ar chomhartha bóthair a phlé

‘Plandaí Trom ag Trasnú’ – mearbhall ar Ghaeilgeoirí faoi chomhartha bóthair i nDún na nGall

Tá comhartha bóthair ag bun na hEaragaile i gcontae Dhún na nGall ag cur mearbhall ar Ghaeilgeoirí. 

‘Plandaí trom ag trasnú’ atá scríofa ar an gcomhartha, ach ní cosúil go bhfuil aon ghá le bitheolaí ná luibheolaí le mistéir na n-ollphlandaí seo a réiteach ná ní dócha go mbeidh scannán uafáis á dhéanamh faoi scéim Cine 4 bunaithe ar na fathaigh seo plandaí.

Drochaistriúchán ar ‘Heavy Plant Crossing’ sa mBéarla is cúis leis an mearbhall.

Deir Seán Ó Daimhín, Oifigeach Seirbhísí Gaeilge i gComhairle Contae Dhún na nGall, go bhfuil sé i gceist ag Rannóg na Gaeilge dul i dteagmháil leis na Seirbhísí Bóithre “chun an comhartha a phlé” agus “le réiteach a fháil air chomh luath agus is féidir”.

“Níl a fhios ag an Rannóg s’againne ag an bhomaite cé a rinne an t-aistriúchán sa chás seo,” ar sé.

Tá obair ar bun sa gceantar faoi láthair agus cosán sábháilteachta á réiteach do dhaoine atá ag dreapadh Sliabh Earagail. Tá costas €630,000 ar an gcosán. 

Fág freagra ar '‘Plandaí Trom ag Trasnú’ – mearbhall ar Ghaeilgeoirí faoi chomhartha bóthair i nDún na nGall'

  • Pádraig O'hEipicín

    innealra trom,

  • An Teanga Bheo

    Neantóga is docha ag trasnú an bhóthair

  • Tiarnán de Fréine

    Trifidí i nDún na nGall. Giorraíonn beirt bóthar!

  • Caoimhín Ó Tuathaigh

    A Thiarna déan trócaire orainn!

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Téamh domhanda, gan dabht!