Áth Cliath v Ciarraí – Páirc an Chrócaigh, 3.30in (Beo ar RTÉ & BBC)
Den seachtú huair déag, casfaidh peileadóirí Chiarraí agus Átha Cliath le chéile i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir na hÉireann agus caibidil eile i scéal na coimhlinte idir na contaetha seo romhainn i bPáirc an Chrócaigh inniu.
Roimh na babhtaí ceathrú ceannais, dúradh go raibh craobh na bliana seo ar cheann de na cinn ab oscailte riamh agus measadh go raibh sé nó seacht gcinn d’fhoirne a d’fhéadfadh í a bhuachan. Seo muid anois, áfach, agus piardaí na bpiardaí ar ais sa chluiche ceannais. 38 craobh shinsir atá buaite ag Ciarraí go dtí seo, 30 atá ag Áth Cliath agus iad i bhfad, i bhfad chun tosaigh ar aon dream eile.
Cé go dtaitníonn le daoine nach as Ciarraí nó Baile Átha Cliath iad foirne eile a fheiceáil ag buachan na craoibhe anois agus arís, níl aon amhras ach gurb iad na foirne a rachaidh chun páirce inniu na foirne is láidre sa tír. Níl an bhearna chomh mór sin idir iad agus an chuid eile ach, aon uair gur tugadh dúshlán Chiarraí agus Átha Cliath sna cluichí móra, bhí an cumas iontu a gcéilí comhraic a shárú.
Measadh go raibh an dá fhoireann i mbaol sna babhtaí ceathrú ceannais agus iad ag tabhairt aghaidh ar shean-naimhde, Maigh Eo i gcás Átha Cliath agus Tír Eoghain ag fanacht ar Chiarraí, ach thug siad greadadh don dá dhream.
Is sna babhtaí leathcheannais a tháinig an brú. Bhí Ciarraí chun deiridh ar Dhoire théis beagnach 65 nóiméad den chluiche idir na foirne coicís ó shin ach, nuair ba ghá, ghlac siad ceannas ar an gcoimhlint le cúig phointe as a chéile chun teacht slán. Tharla an rud céanna d’Áth Cliath in aghaidh Mhuineacháin. Bhí na foirne ar comhscór théis uair an chloig imeartha, na hUltaigh ag coinneáil le hÁth Cliath an t-am uile ach, in uair na cinniúna, thug foireann Dessie Farrell rúid agus chuir siad Muineachán de dhroim seoil.
Níl chaon dream gan locht, áfach. Ceaptar go fóill gur féidir brú a chur ar líne lánchúil Átha Cliath má chuirtear liathróid isteach i dtreo na lántosaithe, mar a rinne Maigh Eo sa chéad leath sa chluiche ceathrú ceannais sin, agus is féidir cic amach Stephen Cluxton a chur faoi bhrú freisin nuair a thagann an deis.
I gcás Chiarraí, beidh Áth Cliath ag iarraidh Tadhg Morley a tharraingt amach an pháirc ionas nach mbeidh sé in ann an chosaint bhreise sin a thabhairt do líne lánchúil na Ríochta. D’éirigh le Ciarán McFaul Dhoire é sin a dhéanamh sa chluiche leathcheannais idir na foirne agus chruthaigh Doire roinnt deiseanna ar chúil sa chluiche céanna, go háirithe nuair a bhíodar ag gearradh isteach ón chliathán.
Ní hiad laigí na bhfoirne a mheallfaidh na sluaite chun breathnú ar chluiche an lae inniu, áfach, ach chun David Clifford, Seán O’Shea, Gavin White, James McCarthy, Brian Fenton, Con O’Callaghan agus tuilleadh nach iad a fheiceáil faoi lán seoil. Pé rud faoin choimhlint idir Áth Cliath agus Ciarraí, ní éireodh duine bréan go deo de bheith ag féachaint orthu siúd agus iad ag déanamh gaiscí.
Fág freagra ar 'Piardaí na bpiardaí chugainn arís i gcluiche ceannais na hÉireann'