Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Darán Ó Droma

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le Darren Ó Droma ón Rinn, ceoltóir agus fear pobail

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Darán Ó Droma

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go dtí Ceann Heilbhic sna Déise chun labhairt le Darren Ó Droma faoin tragóid a sciob léi beirt chairde leis agus a spreag é chun tús a chur le snámh carthanachta.

Labhraíonn sé le Helen faoin gcumhacht a bhaineann le spiorad pobail agus leis an gcairdeas. Labhraíonn Darren chomh maith faoin timpiste ar pháirc na himeartha a d’fhág ar leathshúil é agus ar an tréimhse a raibh ailse air.

Sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ í ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla.  Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Darán Ó Droma'