Os cionn 500 cóip de nuachtán Gaeilge le cur ar ceant inniu

Le linn na 1970idí agus 1980idí a foilsíodh na heagráin ar fad sa bhailiúchán atá le cur ar ceant in Uíbh Fhailí

Os cionn 500 cóip de nuachtán Gaeilge le cur ar ceant inniu

Tá breis agus 500 eagrán de INNIU, an nuachtán Gaeilge ab fhaide a mhair, le cur ar ceant ar maidin.

“Bailiúchán iontach”, “annamh” agus “seoid do lucht taighde” an cur síos atá ag Purcell Auctioneers in Uíbh Fhailí ar an bhailiúchán, ina bhfuil 570 eagrán den nuachtán Gaeilge seachtainiúil.

Sa bhliain 1943 a bunaíodh INNIU agus tháinig an t-eagrán deireanach amach i 1984.

Ba iad Proinsias Mac an Bheatha, Risteard Ó Glaisne, Ciarán Ó Nualláin, an chéad eagarthóir, agus baill den ghrúpa Glúin na Buaidhe, a d’eascair as craobh de chuid Chonradh na Gaeilge, a bhunaigh an nuachtán.

Le linn na 1970idí agus 1980idí a foilsíodh na heagráin ar fad sa bhailiúchán atá le cur ar ceant. Deirtear go bhfuil grianghraif agus ailt sna nuachtáin a léiríonn imeachtaí cinniúnacha na tréimhse sin, ina measc scéalta faoi na trioblóidí ó thuaidh, tuairiscí faoi chuairt an Phápa agus cúrsaí polaitíochta ó dheas.

Tá idir €500-1,00o á lorg ar an bhailiúchán agus “suim mhór” á léiriú ann, a deir an ceantálaí Conor Purcell.

“Is annamh a thiocfá ar bhailiúchán chomh mór leis an gceann seo. Seasann sé amach agus meallann sé go leor suime. Is cinnte go ndíolfar é.”

Dúirt Purcell go raibh sé “deacair a mheas” cé mhéad airgid a chaithfear ar bailiúchán INNIU mar nach raibh bailiúchán chomh mór leis ar díol aige cheana.

Dúirt Purcell chomh maith go raibh “borradh mór” tagtha faoin suim atá á cur in ábhar Gaeilge go ginearálta.

“Tá suim mhór á cur ag daoine in ábhar Gaeilge agus i leabhair Ghaeilge de gach cineál le tamall anuas. D’fhéadfadh gur nuachtán nó úrscéal nó leabhar filíochta a bheadh ann. Tá suim mhór á cur san fhocal scríofa Gaeilge agus an-tóir ar aon ábhar i nGaeilge,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Os cionn 500 cóip de nuachtán Gaeilge le cur ar ceant inniu'

  • Fearn

    Óicé, cé a cheannaigh? Cé mhéid? agus cad chuige?