Ordú aslonnaithe tugtha do na milliúin daoine i ndiaidh ceann de na creathanna talún is mó riamh

Lean tonnta súnámaí crith talún mór amach ó chósta na Rúise a bhain 8.8 amach ar an scála Richter

Ordú aslonnaithe tugtha do na milliúin daoine i ndiaidh ceann de na creathanna talún is mó riamh

Tá cósta na Seapáine agus Stáit Aontaithe Mheiriceá buailte ag na tonnta súnámaí a lean an crith talún mór amach ó chósta na Rúise a bhain 8.8 amach ar scála Richter.

Tharla an crith talún mór, ceann de na creathanna talún is mó riamh ar cuireadh ar an taifead é, gar do leithinis Kamchatka in oirthear na Rúise ag 11:25am, am na háite.

Tugadh ordú aslonnaithe do na milliúin daoine sa tSeapáin, sa Rúis, ar chósta thiar Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i Meiriceá Theas agus i Meiriceá Láir.

Tugadh ordú aslonnaithe do bhreis is 1.9 milliún duine sa tSeapáin.

Deineadh íosghrádú sa tSeapáin ar na foláirimh súnámaí a bhí i bhfeidhm do chuid mhór den oileánra cé gur fágadh in áit níos faide na foláirimh do cheantair sa tuaiscirt.

Tá foláirimh fós i bhfeidhm i go leor tíortha eile.

Bhris tonnta, a bhí 5.7 troithe níos airde ná mar is gnáth, ar chósta Haváí, ach dúirt na húdaráis ansin go raibh an t-ordú aslonnaithe a bhí i bhfeidhm ar an oileán curtha ar ceal agus go raibh sé sábháilte do dhaoine dul abhaile.

Bhí an baol go ndéanfaí dochar mór imithe, a dúradh.

Fág freagra ar 'Ordú aslonnaithe tugtha do na milliúin daoine i ndiaidh ceann de na creathanna talún is mó riamh'