Mura bhfuil dul amú orm is é Príomhfheidhmeannach CLG i gConnachta John Prenty an té is faide d’ardoifigigh na heagraíochta sin atá i mbun a chúraim. Ní hin amháin a fhágann gur fiú éisteacht leis nuair a labhraíonn sé.
Tá formhór a shaoil caite ag Prenty i mbun chuile ghné a bhaineann le Cumann Lúthchleas Gael – lena chumann Béal Átha hAmhnais mar imreoir agus mar oifigeach, ansin ina rúnaí ar Choiste Mhaigh Eo agus ó 1994 i gceannas ar CLG an chúige.
Taithí a dhéanann máistreacht más fíor. Ach ní mór treallús ar leith a bheith faoin duine nó go mbainfear leas agus buntáiste as a bhfuil múinte ag an saol dóibh.
Níl aon easpa de sin ar an bhfear seo ach an oiread. Beidh an cruthúnas is deireanaí ar sin le feiceáil arís faoi cheann cúpla mí le hathoscailt an chruinneacháin a shéid an Stoirm Eowyn chun bealaigh an t-am seo anuraidh agus é tógtha in athuair ag ceannáras CLG ar an mBeacán.
Ní nós leis an bhfear seo a dhul ar chúl scéithe lena chuid tuairimí ach an oiread, rud nach samhlófá go minic leis an eagraíocht lena mbaineann sé – ba chuid de thraidisiún CLG ariamh gur seasamh le chéile a dhéanann na baill, iadsan is sinsearaí go háirid. Mura mbíonn John ar aon intinn leis an móramh, ní chuireann sin aon srian air labhairt amach.
Anuas ar sin, is minic an ceart a bheith aige.
Sa tuairisc bhliantúil a chuir sé roimh Chomhaire Chonnacht an tseachtain seo thagair John Prenty don phlean Cumann Lúthchleas Gael, an Cumann Camógaíochta agus Cumann Peile na mBan a bheith ceangailte le chéile faoin am a dtiocfaidh an bhliain seo chugainn – faoin bpiliúr atá tú le cúpla bliain mura bhfuil tú eolach ar an gcoiste atá i mbun oibre faoi stiúir Mháire Mhic Giolla Íosa féachaint a leithéid a dhéanamh ó thoiligh na heagrais chéanna in 2022 go mba é ba mhian leo.
Obair thónáisteach atá idir lámha acu. Ní taobh le driseacha cosáin atá rompu ach aistear atá lán le guaiseacha.
Ní hé nach bhfuil fonn ar fhormhór bhaill na gcumann go mbainfidís ceann cúrsa amach a fhágann sin amhlaidh, ná go deimhin aon bhlaiseadh den ghnéasachas a bheith ag baint leis an scéal.
Cé gur luaigh Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael Iarlaith Ó Broin go bhféadfadh costas €500 milliún a bheith ag baint leis an gcónascadh, ach ní mb’fhada gur shéan Uachtarán an Chumainn Camógaíochta Brian Ó Maoilia sin.
“I know there’s a lot of talk about the cost of integration and sometimes the cost of infrastructure is conflated with the cost of integration.
“Integration is not inventing women and it’s not inventing camogie or ladies football. They exist and they play on those pitches and they play in and use those dressing rooms already.
“Those dressing rooms in a lot of those pitches do need to be upgraded but the cost of upgrading that infrastructure is not a cost of integration, it’s a cost of upgrading infrastructure,” a dúirt sé ar Raidió RTÉ2FM.
Do na hathruithe a thiocfas ag leibhéal na gclubanna agus na gcontaetha is mó a thagraíonn John Prenty a mholann breis ama a thabhairt don achar ina ndéanfar an cónascadh agus tabhairt faoi ón mbun aníos seachas ón mbarr anuas.
Tharlódh an ceart a bheith aige agus ní féidir é a bhréagnú nuair a deir sé gurb iad na clubanna agus na contaetha a chinnteoidh go mbeidh rath ar an gcónascadh seo, ach é a theacht ar an saol.
“Our County Committee and Provincial Councils are dependent on the support and willingness of our clubs to make it work. What is needed now are measured intentional steps to achieve the goal of integration ensuring effectiveness and thoroughness in our actions. As the Romans say Festina lente,” a deir sé.
Ó bheith ag caint le daoine a chastar orm, tá 100% acu ar son an chónasctha ach tá imní orthu siúd atá gníomhach i gCumann Lúthchleas Gael go háitiúil nach bhfuil ag teacht ón mbarr ach ach ráitis ghinearálta aontais ó na páirtithe atá i gceist.
Airgead agus áiseanna na clocha is mó ar a bpaidríní siúd. Má thagann an cónascadh caithfidh siad géilleadh dó mar a dhéanann CLG fré chéile le rialacha imeartha agus aon athrú eile a thagann ón mbarr.
Ach ní hionann an tionchar a bheas ag an gcónascadh ar chuile chumann in Éirinn agus de réir chosáin an tsaoil mar atá sé le blianta beaga anuas beidh éagsúlacht mhór ag baint leis an gcaoi a mbeidh ar chlubanna na tíre déileáil leis.
Faoi láthair is mór atá idir na fadhbanna atá le sárú ag clubanna tuaithe seachas na cinn a bhfuil ar a leathbhádóirí sna bailte agus sna cathracha móra ag dul i ngleic leo.
Ganntanas áiseanna de bharr an mhéadaithe ollmhór atá ag teacht ar a mballraíocht is ábhar imní do go leor díobh siúd. Easpa imreoirí is mó atá ag goilliúint ar chlubanna tuaithe na linne seo, go leor acu chomh lagaithe sin nach bhfuil acu ach dul i bpáirt leis an bparóiste béal dorais – fiú ceangal idir trí cinn acu sin in áiteacha.
Bhí dreas comhrá agam an lá faoi dheireadh le fear as Tuaisceart na Gaillimhe atá sáite go domhain i bPeil Ghaelach an cheantair sin le dhá scór bliain. Chomhair sé amach dosaen club a sholáthar imreoirí d’fhoirne na Gaillimhe lena linn féin. Is í a bharúil gur timpeall ar cheithre cinn acu a bheas ag seasamh ar a gcosa féin faoi cheann 10 mbliana – beidh an chuid eile cónasctha lena chéile ar mhaithe le fanacht beo.
“Sin é an cónascadh is práinní i mo phobalsa,” a deir sé “cé nach ionann sin agus a rá go bhfuil aon locht agam ar an gceann eile, ach oiread.”
Idir an dá linn, tá sé ag dul rite leis an 134 club i mBleá Cliath áiseanna imeartha a aimsiú dá gcuid ball. Ní fada go mbeidh ar chuid acu ballraíocht a dhiúltú, a dúradh sa tuarascáil a chuir Príomhfheidhmeannach CLG an chontae Fionbarra Ó Mathúna ina thuairisc bhliantúil a foilsíodh le teacht na Nollag.
144 páirc imeartha atá faoi úinéireacht chlubanna na príomhchathrach. Leis an ardú daonra ina gcuid abhantracha fágann sin fiú iadsan a bhfuil a leithéid acu ar thóir ar pháirceanna eile. Bíonn siadsan agus na clubanna nach bhfuil páirceanna imeartha ar bith acu ag brath ar pháirceanna atá faoi úinéireacht na n-údarás áitiúil, scoileanna nó oird eaglasta. Cé go bhfuil tuairim 300 acu siúd le fáil ní leor sin. Ní costas fánach a bhaineann leo ach oiread – €1.5 milliún sa mbliain a íocann clubanna eatarthu.
Beidh níos mó ná sin i gceist i gcás cónasctha.
Cúis neamhghnách a bhí ag duine eile agus é ag fáiltiú roimh a theacht siúd – an seans a bheadh ann go gcuirfeadh sé srian, nó fiú maolú ar an gcaiteachas a dhéanann contaetha na tíre ar a gcuid foirne, suimeanna atá ag méadú as cuimse chuile bhliain.
Eatarthu, chaith na 32 contae os cionn €45.5 milliún ar a gcuid foirne in 2025. Níl ach 5 chontae sa tír a bhí taobh le caiteachas níos lú ná milliún euro – Fear Manach, Longfort, Liatroim, Sligeach agus Ceatharlach. Bhí costas beagnach €700,000 ar an gcontae ba bharainní acu.
Bhí costais foirne os cionn €2m ar Thiobraid Árann, Gaillimh, Corcaigh, Luimneach, Ciarraí agus Dún na nGall agus Áth Cliath i bhfoisceacht mbeannaí Dia dó sin.
“Mura mbeadh ann ach go mbeadh orthu an pota airgid a roinnt le foirne na mban, b’fhéidir go gcuirfeadh sin srian ar an gcuid den chaiteachas gan chiall atá ar bun faoi láthair,” dar leis-sean.
Fág freagra ar 'Ón mbun aníos a chaithfear tabhairt faoin gcónascadh idir CLG, Peil na mBan agus an Cumann Camógaíochta'