Olc agus míshuaimhneas i gConamara faoi cheisteanna pleanála, tús curtha le feachtas nua

Tá cor nua i gceist na pleanála i gConamara agus feachtas ar bun ag lucht gnó a bhfuil an chuma air go bhfuil ag éirí leis aird na n-údarás a mhealladh

Olc agus míshuaimhneas i gConamara faoi cheisteanna pleanála, tús curtha le feachtas nua

Baintear an socrú faoi cé a gheobhaidh cead pleanála – agus cé nach bhfaighidh – as lámha na bpleanálaithe gairmiúla agus fágtar an cinneadh ag ceannasaí na rannóige pleanála. Cumann Tráchtála Chonamara atá ag cur an mholta sin chun cinn agus Comhairle Chontae na Gaillimhe atá ar aghaidh na bpiléar acu.

Tá an feachtas is tomhaiste agus is stuama atá feicthe faoi chúrsaí pleanála i gConamara le fada an lá eagraithe ag Cumann Tráchtála Chonamara le breis agus ráithe. Reáchtáladh cruinnithe le hionadaithe tofa an toghcheantair agus leis na Comhairleoirí Contae agus tháinig Príomhfheidhmeannach nua na Comhairle, Liam Ó Conghaile, amach ag casadh leo go Conamara.

Tá tuairimíocht ann go bhfuil feidhmeannas na Comhairle Contae –nó cuid acu, ar a laghad, ag éirí imníoch faoin gcaoi a bhfuil an córas pleanála sin acu féin ag obair. Ceaptar go bhfuil an feachtas seo i gConamara ag cur imní orthu freisin. De réir na dtuairiscí, tá plé déanta ar fheachtas comharthaí agus póstaeir ach táthar ag fanacht go fóilleach.

Is díol spéise é gur lucht gnó atá ag eagrú an fheachtais. Fuaireadar staitisticí agus eolas faoi chásanna pleanála sa gceantar agus chuireadar cáipéisí láidre le chéile.

Tá meáchan sna cáipéisí seo.

Déantar cur síos ar dhiúltú a rinneadh i mbaile mór an Chlocháin ar iarratais ar chead pleanála ar thithe ó gharda agus ó mhúinteoir a raibh postanna acu ansin. Fiafraítear cén fáth nach bhfuil an Chomhairle Contae ag tacú le daoine atá ag iarraidh cur fúthu sa gceantar fiú is go bhfuil laghdú eile ar an daonra sa gClochán agus sa gceantar máguaird.

Tugtar cuntas freisin ar bhainisteoir gnó in iarthar Chonamara nach bhfuil in ann cead pleanála a fháil ar thalamh a muintire agus ar bhainisteoir óstáin a diúltaíodh cé go bhfuil a mhuintir ar thaobh a athar agus a mháthar ina gcónaí i gConamara leis na glúnta. Tá trácht ar fhorbróir áitiúil ar tugadh droim láimhe le hiarracht a rinne sé ar scéim tithe a thógáil sa gClochán, fiú agus go bhfuil ganntan tithe ann agus léirítear iontas nár tugadh cead pleanála do naíolann sa gceantar.

Luaitear freisin an diúltú a rinne Comhairle Chontae na Gaillimhe ar Pháirc na Mara i gCill Chiaráin agus ar Ionad Glampála i sráidbhaile Charna.

Caithfear a rá go bhfuil na pleanálaithe gairmiúla sásta gur chloíodar leis an dlí pleanála agus leis na rúibricí sna cinntí a rinneadar. Ach, creideann cathaoirleach an Chumainn Tráchtála, John Sweeney, go bhfuil gá le dearcadh níos forleithne ar chúrsaí pleanála, agus ar chearta mhuintir Chonamara mar a fheictear an scéal don Chumann Tráchtála.

“Is cosúil, de bharr a bhfuil de laincisí ar chúrsaí pleanála i gConamara gur féidir a theacht ar chúiseanna nach dtabharfar cead pleanála,” a deir John Sweeney. “Ach,” a deir sé “is iomaí sin cúis atá ann freisin go dtabharfaí cead pleanála; tá muidne ag iarraidh an bhéim a chur ar an cúiseanna fabhracha agus daonna sin.”

Is ar an gcúis sin atá an moladh curtha chun cinn ag Cumann Tráchtála Chonamara go dtiocfadh chuile iarratas ar theach cónaithe do mhuintir na háite faoi bhráid an bhainisteora pleanála. Bíodh na pleanálaithe gairmiúla ag plé leis na dintiúir theicniúla ach fágtar an cinneadh iomlán ag an gceannasaí. Bheadh ar an duine ceannais seo cúinsí go leor eile a chur sa gcomhaireamh agus níor ghá dó glacadh le dearcadh an phleanálaí uilig go léir.

“Gan pobal óg, ní mhaireann pobal,” a deir John Sweeney. “Murar féidir cead pleanála a fháil, tá muid uilig ag dul le fána. Seo cruóg phráinneach i gConamara.”

Taispeánann na cáipéisí atá ullmhaithe ag Cumann Tráchtála Chonamara go bhfuil sé geall le bheith dodhéanta ag duine óg i gConamara a theacht ar theach dá cuid/chuid féin anois mura dtógann siad féin an foirgneamh sin.

Is ar éigean go bhfuil sé inrásta ag duine as an gceantar teach a cheannach nó teach a fháil ar cíos i gConamara anois. Mar shampla, de réir fiosrúcháin a rinne an Cumann Tráchtála ní raibh ach trí theach a bhí ar fáil le ligean ar cíos sa bhfadtéarma ag deireadh Lúnasa i gConamara – ceann i mBéal an Daingin, ceann i Ros an Mhíl agus ceann i Rinn Mhaoile.

Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an Cumann Tráchtála neartaithe go mór agus an dearcadh i réim go dteastaíonn comhoibriú ar fud Chonamara. Bhí eagraíochtaí chomh fada ó dheas leis an gCeathrú Rua agus chomh fada ó thuaidh leis an Líonán ag tacú le haidhmeanna an Chumainn Tráchtála ag an gcruinniú a bhí ag an gCumann sin le Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe le deireanas.

Dúirt Príomhfheidhmeannach na Comhairle Contae, Liam Ó Conghaile, ag an gcruinniú sin go dtuigtear go bhfuil olc agus míshuaimhneas i gConamara faoi cheisteanna pleanála. Ach, a deir sé, caithfear glacadh leis nach dtiocfaidh chuile iarratas ar chead pleanála slán tríd an gcóras. Tá, a deir sé, dlíthe láidre náisiúnta bainteach leis an gcóras agus ní féidir le Comhairle Chontae na Gaillimhe éalú uathu sin.

Ach tá sé tugtha síos – agus fianaise acu, a deir siad – ag oifigigh dheonacha an Chumainn Tráchtála go bhfuil diúltaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe do 3,000 iarratas pleanála in imeacht trí bliana. Sin, a dúradar, figiúr atá cuid mhaith níos airde ná mar atá tarlaithe i gcontaetha eile a bhfuil cosúlachtaí acu le Gaillimh.

Táthar ag cur Chomhairle Chontae na Gaillimhe go snaidhm i rópa san gcaismirt phleanála seo. Tuigeann siadsan nach go réidh a théann lucht gnó, ar nós an Chumainn Tráchtála, i mbun gnímh ar an gcaoi seo. Tuigeann an Chomhairle Contae go bhfuil brí agus bunús leis an bhfeachtas. An dtuigeann siad cén chaoi a gciúnófar é?

Fág freagra ar 'Olc agus míshuaimhneas i gConamara faoi cheisteanna pleanála, tús curtha le feachtas nua'

  • Tomás

    Thar am an tromaíocht ar mhuintir na Gaeltachta a stopadh ó lucht an aineolais ón taobh amuigh.