Tá cruinniú lorgtha ag an ngrúpa feachtais Bánú le príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae na Gaillimhe, Liam Conneally, le stiúrthóir tithíochta na comhairle agus le stiúrthóir pleanála na comhairle,
le ceist na tithíochta sa Ghaeltachta a phlé.
D’iarr cathaoirleach eatramhach an ghrúpa, Donncha Ó hÉallaithe, cruinniú ar an triúr i litir a leagadh isteach chuig oifigí na comhairle contae le linn agóid a rinne Bánú taobh amuigh de na hoifigí tráthnóna.
Cuireadh síos sa litir ar na fadhbanna, mar a fheictear do Bhánú iad, atá ann leis an soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge i nGaeltacht na Gaillimhe. Maíodh sa litir gur “cuid mhór” den fhadhb “a laghad tithe sóisialta” a thógann an chomhairle contae sa Ghaeltacht.
“Tá dualgas reachtúil ar Chomhairle Contae na Gaillimhe ‘oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint, lena n-áirítear an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga phobail’ ach is a mhalairt atá ag tarlú de bharr polasaí tithíochta agus polasaithe pleanála,” a scríobhadh sa litir.
Éilítear inti go ndéanfaí athbhreithniú ar Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028 agus go ndéanfaí leasuithe air le go mbeidh an rannóg pleanála “ag comhlíonadh dualgais reachtúla maidir le hoidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint”.
Éilítear freisin go ndéanfaí athbhreithniú ar an bPlean Gníomhaíochta um Sheachadadh Tithíochta 2022-2026 le soláthar tithíochta sóisialta agus inacmhainne do phobal na Gaeltachta a chur san áireamh.
Leagadh amach sa litir na pointí a tarraingíodh anuas ag cruinniú poiblí a bhí ag Bánú ag tús na míosa in Indreabhán. Dúradh nach léir go bhfuil “aon straitéis forbartha tithíochta” ag an gcomhairle contae don Ghaeltacht agus gurb í Comhairle Contae na Gaillimhe “an t-údarás tithíochta is measa sa tír ó thaobh tithe sóisialta a chur ar fáil”.
Cáintear sa litir freisin cur chuige na comhairle contae maidir le cead pleanála a thabhairt do dhaoine ar mhaith leo teach nua a thógáil ar shuíomh i nGaeltacht na Gaillimhe. Maítear go bhfuil “cultúr láidir” ann ó thaobh daoine ag tógáil tithe dóibh féin agus go bhfuil plean forbartha an chontae “claonta” in aghaidh “fhorbairtí tithíochta taobh amuigh de bhailte agus sráidbhailte aitheanta”.
“Mar gur ceantar tuaithe an chuid is mó de Ghaeltacht Chonamara, gan aitheantas sráidbhaile ach ag an Spidéal agus an Cheathrú Rua, bíonn srianta agus constaicí roimh an duine Gaeltachta atá ag iarraidh tógáil in aon áit eile seachas ar thalamh criosaithe sa Cheathrú Rua agus sa Spidéal.
“Níl aon soláthar déanta sa Phlean Forbartha reatha do riachtanais tithíochta na gceantar Gaeltachta ón Spidéal go dtí an Ceathrú Rua, ná do Cheantar na nOileán, ná d’Iorras Aithneach,” a dúradh sa litir.
Maíodh go raibh an Ghaeltacht i mbaol mar gheall ar a laghad teaghlaigh óga atá sa cheantar agus go bhfuil polasaithe na comhairle ag cur leis an mbaol sin.
“Tá todhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht ag braith ar lánúnacha óga, ar cainteoirí Gaeilge iad, a bheith in ann maireachtáil sa Ghaeltacht agus clann a thógáil ann. Ach tá polasaithe pleanála na Comhairle Contae ag brú daoine mar sin amach as an nGaeltacht in áit a bheith ag cur na Gaeilge chun cinn mar theanga phobail,” a dúradh.
Fág freagra ar 'Oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta á cur i mbaol ag polasaithe pleanála – grúpa feachtais'