Oíche Nollag 2024
Canann an cór carúil ghairdis
don leanbh a rugadh sa stábla
is máthair ag leagaint
a naíonáin i gcliabhán
de chonamar coincréite
i gcathair chreachta Ghaza
an spéir os a cionn
breac le réalta tine
a phléascann
go bodhrach go fód
ó tá a ordú áir
athnuaite
ag Héaróid.
Is uafaire léi
tost an tsaoil
ná tormán na bpléasc.
Leanann an cór ar aghaidh
ag canadh in ard a ngutha,
Déanaigí gairdeas!
*Foilseoidh Éabhlóid an cnuasach nua filíochta Scéal Ó Charolina le Áine Uí Fhoghlú i mí Feabhra 2026. Cnuasach trítheangach ina mbeidh aistriúcháin Spáinnise agus Béarla ann freisin
Fág freagra ar '‘Oíche Nollag 2024’ le Áine Uí Fhoghlú'