Beidh agóid ar siúl ag oibrithe ó Ollscoil na Gaillimhe ar an Cheathrú Rua inniu chun a éileamh ar Údarás na hOllscoile deireadh a chur le haon nasc atá acu le hinstitiúidí Iosrael láithreach bonn i bhfianaise an chogaidh in Gaza.
Tá lucht na hagóide ag iarraidh nach mbeadh nasc ar bith ag Ollscoil na Gaillimhe le hollscoileanna Iosrael, go háirithe Institiúid Teicneolaíochta Technion a bhfuil conradh ar fiú €1.5 milliún acu le hOllscoil na Gaillimhe.
Beidh an agóid ar siúl inniu ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua idir a 13:30 – 14:30pm, áit a bheas cruinniú ar siúl ag Údarás na hOllscoile.
Deir baill de choiste na stíobhard i SIPTU, Ollscoil na Gaillimhe gur cheart don ollscoil “dea-shampla” Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Ollscoil na Banríona, Béal Feirste a leanúint.
Chuir Coláiste na Tríonóide deireadh le haon nasc institiúideach a bhí acu le stát Iosrael, ina measc nascanna le hollscoileanna agus comhlachtaí comhpháirteacha. Tá sé deimhnithe ag Ollscoil na Banríona gur chuir siad deireadh le hinfheistíochtaí a raibh baint acu le hIosrael.
I mí Feabhra na bliana seo dúradh go raibh Ollscoil na Gaillimhe chun athbhreithniú a dhéanamh ar an tionscadal taighde ina raibh Technion páirteach. Dúirt Ollscoil na Gaillimhe le Tuairisc inniu go bhfuil “athbhreithniú á dhéanamh go fóill” ar an tionscadal taighde sin.
Dúirt Maitiú De Hál, nach raibh aon fhreagra faighte ó údaráis na hollscoile ag SIPTU ná an grúpa agóide An Fhoireann Ar Son na Palaistíne faoin scéal ó mhí Feabhra.
Dúirt Maitiú De Hál gur léir gur bhris Coláiste na Tríonóide na nascanna a bhí acu le hIosrael mar gheall “ar an bhrú a bhí ag teacht ón bhun aníos”.
Dúirt sé fosta gur “mór an trua” é nach raibh Ollscoil na Gaillimhe in ann “gníomhú chomh gasta is a bhí siad in ann i ndiaidh ionradh na Rúise ar an Úcráin”. Roinnt míonna i ndiaidh an ionraidh sin scar Ollscoil na Gaillimhe le hOllscoil Chathair Pheadair sa Rúis, a dúirt sé.
Fág freagra ar 'Oibrithe Ollscoil na Gaillimhe le dul i mbun agóide faoi nasc le hinstitiúidí Iosrael'