Ochón, ochón tá a phort seinnte ag mo Hotpoint beag cróga

Shíl ár gcolúnaí go minic cheana go raibh an triomadóir  réidh, ach tháinig sé slán i gcónaí…

Ochón, ochón tá a phort seinnte ag mo Hotpoint beag cróga

‘Sin é, is dóigh. Tá sé imithe cinnte!’ a dúirt mé agus tocht i mo ghlór. Cúig bliana déag a bhí déanta aige, ach anois, bhí an chuma ar an scéal go raibh deireadh leis is nach raibh aon leigheas i ndán dhó.

‘Níl ann ach dryer, maith a’ bhean,’ a dúirt Fear an Tí, ‘beidh muid in ann ceann eile a fháil.’

Is dóigh go bhféadfá a rá go raibh beagán an iomarca ceana agam ar an triomadóir céanna. Nach é a shábháil na laethanta fada ag faire ar aiteall? A tharrtháil muid ó chrochadh na stocaí beaga ar an gcliath éadaí? A d’fhuascail sinn ó thíorántacht an triomaigh?

Nach iomaí lá go raibh an Hotpoint beag ina thinteán teolaí, ina lá gréine, ina shamhradh síoraí againn.

Shíl muid go minic cheana go raibh sé réidh, ach tháinig sé slán.

Am éicint in 2013 a stop an doras ag obair, ach fuair muid amach go n-oibreodh sé dá dtabharfá buille maith dhó le do cheathrú. In 2016 a bhí orainn athrú  go dtí cic beag tréan faoi lámh an dorais.

Tráthnóna éicint i rith an gheimhridh, tréimhse dhúshlánach do thriomadóir ar bith, ná bac le triomadóir beag cróga ar an dé deiridh, a fuair mé an chéad leid gur ghearr go mbeadh a phort clagarnach seinnte.

‘An bhfaigheann tú boladh dó in áit éicint?’ a d’fhiafraigh mé d’fhear an tí, an tráthnóna cinniúnach sin.

Boladh lag ceimiceáin a bhí faighte agam ar an aer, agus shíl mé ar dtús go mb’fhéidir go raibh pláta plaisteach fágtha ar an sorn agam trí dhearmad. (Ní hé go mbím ag fágáil plátaí plaisteacha ar an sorn te go rialta ná go bhfuil sé déanta cheana agam, ná tada mar sin, ach is dóigh go bhféadfadh sé tarlú).

‘Ní fhaighim,’ a d’fhreagair sé.

Theip orm go dtí níos deireanaí an tráthnóna sin nuair a d’fhill mé ar an gcistineach théis na gasúir a chur a chodladh. Bhí an doras dúnta idir an dá linn agus deis ag an múch nimhiúil cruinniú is láidriú.

Tharraing muid amach an meaisín agus chonaic go raibh poll á dhó sa bplocóid ón triomadóir.

‘Ní fhéadfadh go bhfuil sé sin go maith,’ a dúirt mé le fear an tí.

‘Athróidh mé an phlocóid,’ a dúirt sé.

Agus d’athraigh agus d’oibrigh an triomadóir arís agus bhí go maith agus ní raibh go holc. Go dtí arú inné.

‘Ar thriail tú an phlocóid a athrú?’ a d’fhiafraigh mé d’fhear an tí agus dóchas i mo ghlór.

‘Thriail,’ a d’fhreagair sé.

‘Is níl an cic ag obair?’ a d’fhiafraigh mé.

‘Tá sé imithe,’ a dúirt sé, ‘tá sé imithe.’

Fág freagra ar 'Ochón, ochón tá a phort seinnte ag mo Hotpoint beag cróga'

  • Aine Ni Fhiannusa

    Tá meangháire ar mo phus ag léamh an scéal truabhéalach seo! Bhí Hotpoint (meásín níocháin) agam fhéin ó 1989 go dtí 2016 – dochreidte gan dabhat! Ó ba chara liom é an mheásín seo, agus is minic gur fhreastal sé ar níocháin na comharsa nuair a scriosadh na gadgets nua a bhí acu le triomadóir agus filters de gach saghas. Bhí mé goilte nuair a fuair ‘Jimmy’ “taom croí” agus stop an droma ag obair. Duairt fear an tsiopa gur am do Jimmy bás a fháil go ndíolfadh sé ceann nua liom! Ochón agus Ochón! Chuaigh Jimmy go dtí an teach athchúrsála agus tá Hotpoint breá nua le gach sórt clár faighte agam. Slán leat a chara dhílis, ní bheidh do leithéid arís ann!