Obama na Ríochta Aontaithe agus a cheangal le Gaeltacht Chonamara

Is de bhunadh na bhForbacha i gCois Fharraige Chuka Umunna, duine de na polaitroirí is aitheanta i Sasana

Obama na Ríochta Aontaithe agus a cheangal le Gaeltacht Chonamara

Obama na Ríochta Aontaithe atá baiste air. Chuka Umunna a toghadh den chéad uair in 2010 agus a bhí á lua le ceannaireacht Pháirtí an Lucht Oibre go dtí le ríghairid. Tá sé imithe uathu anois agus é ina phríomh-urlabhraí ag an Independent Group (Grúpa Neamhspleách) nua – na feisirí sin a bhfuil míshástacht mhór orthu go léir le cur chuige na bpríomhpháirtithe agus a bhfuil rún acu a bpáirtí féin a bhunú.

An lá ar bunaíodh an grúpa neamhspleách úd i mí Feabhra i mbliana thagair Umunna dá chúlra féin. Leath-Afracach agus ceathrú cuid Éireannach agus Sasanach, a dúirt sé. Ba chuimhin liom rud éigin a léamh faoin gcúlra Éireannach úd agus chuaigh mé i mbun tochailte. Is beag a shíl mé go mbeadh ceangal chomh mór sin idir mo chúlra féin agus a chúlra siúd.

Mac é Chuka Umunna le Patricia Milmo agus Bennett Umunna. Ba as an Nigéir a athair, a maraíodh i dtimpiste ghluaisteáin san Afraic i 1992 nuair a bhí Chuka trí bliana déag.

Is ar thaobh a mháthar, Patricia Milmo, atá ceangal aige le hÉirinn. Iníon ise le Helenus Pádraic Seosamh Milmo, dlíodóir a bhain cáil amach mar chuid d’fhoireann ionchúisithe rialtas na Breataine i dtrialacha Nuremburg sna 1930idí.

Rugadh Milmo in Eas Géitine i gContae Luimnigh sa mbliain 1908. Ba mhac é le Daniel Patrick Milmo a raibh a shaibhreas déanta aige in Texas sna Stáit Aontaithe agus a d’fhill go hÉirinn agus é os cionn trí scór bliain d’aois. Ansin a phós sé Kathleen White as Eas Géitine. Dar le Seán Milmo (uncail le Chuka Umunna) ar labhair mé leis an tseachtain seo caite ba náisiúnach í Kathleen a bhí ina ball de Chonradh na Gaeilge. Ise a roghnaigh Pádraic agus Seosamh mar dhara agus tríú hainm ná mac. Domhnall ab ainm don mhac is sine sa teach agus Peadar an tríú mac.

Tá teipthe orm deimhniú a fháil ar na sonraí a bhaineann le haistriú an teaghlaigh go dtí na Forbacha, an áit arb as mé féin, ach creideann Seán Milmo gur seanuncail de chuid Helenus a d’fhág cuid de thalamh na mBlácach sna Forbacha ag an teaghlach agus gur mheall sin go Gaeltacht Chonamara iad.

De réir dhaonáireamh 1911 bhí Kathleen White Milmo ina baintreach agus í féin agus a clann ag cur fúthu i mBaile na hAbhann sna Forbacha. Ansin, ar ndóigh, a bhí Teach Mór na bhForbacha tráth agus cónaí ar na Blácaigh ann ar feadh na gcéadta bliain.

Bhí Helenus dhá bhliain d’aois. Tá griangrafanna ag an teaghlach, a dúirt Seán Milmo, dá athair ina shuí ar chéimeanna an tí mhóir sna Forbacha agus san áit a raibh Marino Cottage ag an am. Sin láthair Óstán Chois Fharraige sa gCoisméig Mór.

Fuair sé a chuid oideachais i Scoil Naomh Gerard i mBré i gContae Chill Mhantáin sula ndeachaigh sé go Sasana chun an chuid eile dá chuid oideachais a fháil i Scoil Downside in Somerset. Cháiligh sé mar dhlíodóir tar éis dó freastal ar choláiste Trinity, in Cambridge.

Le linn an dara cogadh domhanda chuaigh Milmo chun oibre le seirbhísí faisnéise MI5. Bhí sé ina bhall den fhoireann dlí a bhí ag rialtas na Breataine le linn trialacha na Naitsithe in Nuremburg agus bhí sé lárnach sna fiosrúcháin a rinneadh faoi Kim Philby, an gníomhaire le MI6 a bhí ina spiaire ag an Aontas Sóivéadach agus a thréig an Bhreatain le dul chun na Rúise i 1963.  Ceapadh Milmo ina Bhreitheamh Ard-Chúirte i 1964.

Bhí Chuka Umunna deich mbliana d’aois nuair a bhásaigh a sheanathair i 1988. Dlí a rinne sé féin ag an Ollscoil agus le linn dó a bheith ag obair mar dhlíodóir i Londain chuaigh sé le Páirtí an Lucht Oibre a bhí faoi cheannas Tony Blair ag an am. Toghadh ina fheisire é in 2010 agus chuir sé leis an móramh a bhí aige in 2015 agus 2017. Thacaigh sé go láidir le Ed Miliband mar cheannaire ach d’éirigh as an mbinse tosaigh ach ar ceapadh Jeremy Corbyn sa ról sin.

Bhí an reifreann agus feachtas an Bhreatimeachta cinniúnach i saol polaitiúil Umunna. Is ina thoghcheantar in Streatham ab airde a bhí céatadán na ndaoine a bhí ag iarraidh  fanacht san Aontas Eorpach, 79.5%. Tá sé glórach in aghaidh an imeachta ó ritheadh an reifreann agus tacaíonn sé le feachtas an ‘People’s Vote’ don dara reifreann. Ní mó ná sásta a bhí sé riamh le cur chuige an Lucht Oibre i leith an Bhreatimeachta agus chuaigh sé leis an ngrúpa nua neamhspleách i mí Feabhra seo caite. Tá sé ina phríomh-urlabhraí acu ó shin.

Is beag a chreideann go mbeidh aon tionchar mór ag an ngrúpa ar an bpolaitíocht sa Bhreatain agus tá ceisteanna go leor anois faoina bhfuil i ndán do Umunna i saol na polaitíochta. Más aon leid a chúlra beidh sé seiftiúil agus uaillmhianach mar a bhí a mhuintir roimhe.

Agus mé féin ag dul soir abhaile ar cuairt na laethanta seo ritheann sé liom go minic – nach fánach an áit an bhfaighfeá breac.

Fág freagra ar 'Obama na Ríochta Aontaithe agus a cheangal le Gaeltacht Chonamara'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An spéisiúl.

  • séamus mac seáin

    scéal iontach . togha iriseoireachta