Obair mhór déanta ag Mossy Mullins agus a chomrádaithe chun an sliotar glic a fhorbairt

Bhíodh difríocht mhór idir an iliomad cineál sliotair a bhíodh ar díol ach fágann an obair atá déanta le roinnt blianta anuas go bhfuil an fhadhb sin nach mór réitithe

Obair mhór déanta ag Mossy Mullins agus a chomrádaithe chun an sliotar glic a fhorbairt

Níos mó ná bliain ó shin, nuair a bhí mé páirteach sa tsraith teilifíse Underdogs ar TG4, bhuaileas leis an bhfear gnó uasal Mossy Mullins ó Chill Náile, Tiobraid Árann. Bhí seisean agus a chomhlacht ag déanamh urraíochta ar an tsraith agus oíche an chluiche mhóir ag deireadh na sraithe bhronn seisean mála sliotar orainn a bheadh á n-úsáid sa chluiche i gcoinne Phort Láirge.

‘Cé hé Mossy Mullins?’ a deir tú. Bhuel, bhí seisean agus a chomrádaí Rory Williams mar cheannródaithe ar fhorbairt an tsliotair ghlic bhuí. Breis is dosaen bliain ó shin, bhunaigh siad an comhlacht Greenfields Digital Sports Technology leis an sprioc sliotar ‘glic’ a chruthú. Ag an am bhí an t-uafás comhlachtaí ag cur sliotair éagsúla ar an margadh. Dar ndóigh bhí ‘caighdeán oifigiúil’ ag Cumann Lúthchleas Gael ach bhí difríocht sách mór idir na sliotair is fearr agus na cinn is measa a bhí ar an margadh céanna. D’eagraigh comhlacht Mullins agus Williams cruinniú le Coiste Forbartha na hIomána in 2011 agus is ar an lá sin a thosnaigh an turas.

Tá mórán gearán cloiste againn le tamall de bhlianta faoin fhaid a bhuailtear an sliotar i gcluiche an lae inniu ach, sin ráite, seachas na pocanna saora agus na pocanna amach, nach mbuailtear chomh fada sin chomh minic sin níos mó, ní bhuailtear an sliotar fada san imirt in aon chor. Ach le tamall de bhlianta, tá an tuairim láidir ann go gcaithfidh an sliotar a bheith díreach mar an gcéanna i bPáirc an Chrócaigh, Páirc Mhicheál Breathnach in Indreabhán, Páirc na nGael i Luimneach nó Páirc na nGael i Nua-Eabhrac.

In 2024 tá leagan difriúil ar fad againn den iománaíocht seachas mar a bhíodh againn, fiú 30 bliain ó shin. Tá an bhéim go hiomlán ar sheilbh na liathróide a choimeád agus pasanna gearra a thabhairt. Tá gá le sliotar nach gcailleann a chruth, nach súnn isteach aon uisce agus a dhéanann pé rud a iarrrann imreoir air a dhéanamh, imreoir atá níos láidre agus níos sciliúla leis an gcamán.

Ach thosaigh an fhorbairt seo níos faide siar ag tús na mílaoise nuair a thosaigh an Déiseach Pat Daly, a bhí mar stiúrthóir na gcluichí le CLG, ag obair ar chaighdeánú a dhéanamh ar an sliotar i gcomhpháirt le DCU. Thuig seisean agus a lán daoine eile go raibh an iomarca sliotar ar an margadh agus nach raibh caighdeánú cuí á dhéanamh orthu in aon chor.

Rinne DCU an t-uafás tástála chun teacht suas le caighdeán oifigiúil. Is cuimhin liom ansin go mbíodh CLG ag cur na sliotar ar fáil do na cluichí sinsir idirchontae agus ar na sliotair sin bhíodh DCU priontáilte. Ach de réir, a chéile, thosaigh na contaetha éagsúla ag úsáid a rogha féin sliotair arís.

Choinnigh siad orthu ag obair agus ag déanamh taighde ar an sliotar glic, áfach. In 2013 a baineadh triail as sliotair bhuí ar dtús ach thóg sé go dtí 2020 go raibh CLG lánsásta leis an sliotar buí agus tugadh isteach é do chraobh na bliana san.

In 2024, beidh an sliotar glic buí á úsáid sna cluichí idirchontae agus beidh an sliotar buí á úsáid i ngach cluiche club ó ghrád na mionúr suas. Sa todhchaí, sliotair bhuí ar fad a bheidh á n-úsáid sa spórt ársa seo, dar le CLG.

Faraor, fuair Mossy Mullins bás anuraidh. Nach eisean a bheadh bródúil as an dul chun cinn atá déanta ag an smaoineamh agus an fhadbhreathnaitheacht a bhí aige féin agus a leathbhádóir Rory Williams.

Chonaic mé go raibh liathróid pheile oráiste á húsáid sa Dome in Ionad Barr Feabhais CLG Chonnacht an Domhnach seo caite. Cá fhad uainn liathróid dhaite ghlic nua?

Fág freagra ar 'Obair mhór déanta ag Mossy Mullins agus a chomrádaithe chun an sliotar glic a fhorbairt'