Obair le déanamh ag Cill na Martra sula mbeifear in ann smaoineamh ar Pháirc an Chrócaigh

Bainfidh Cill na Martra áit amach i gcluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Peile na hÉireann má éiríonn leo Naomh Caoimhín, Caisleán Riabhach a chloí tráthnóna

Obair le déanamh ag Cill na Martra sula mbeifear in ann smaoineamh ar Pháirc an Chrócaigh

Shane O Duinnin agus Danny O Conaill. Pictiúr: ©INPHO/Laszlo Geczo

...
Cill na Martra v Naomh Caoimhín, Caisleán Riabhach – Páirc Uí Mhórdha, 2.30in (Beo ar Youtube Spórt TG4)[\infobox]

Nollaig chiúin a bhí ag peileadóirí Chill na Martra ach beifear ag súil anocht go raibh cúis mhaith lena staonadh agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na hÉireann.

Tar éis dóibh Craobh Idirmheánach na Mumhan a thabhairt leo an mhí seo caite den chéad uair riamh, casfaidh Cill na Martra ar Naomh Caoimhín, Caisleán Riabhach i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann agus na foirne sa tóir ar áit sa chluiche mór i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo chugainn.

Chuaigh fir na Gaeltachta ó neart go neart faoi chúram John Evans in 2023. Bhuaigh siad craobh an chontae mí Dheireadh Fómhair agus bhí bua mór acu in aghaidh Bhaile an Mhuilinn-Caisleán na Mainge as Ciarraí i gcúige Mumhan sular thug siad leo craobh an chúige le bua slachtmhar in aghaidh Naomh Pól, Mungairit, as Luimneach cúpla seachtain roimh an Nollaig.

Céim mhór chun cinn a bhí sa bhua sin ar Bhaile an Mhuilinn-Caisleán na Mainge i mbabhtaí leathcheannais na Mumhan. Tá forlámhas ag seaimpíní na Ríochta ar Chraobh Idirmheánach na hÉireann ó cuireadh tús leis an gcomórtas 20 bliain ó shin agus is iad Cill na Martra rogha na coitiantachta leis na geallghlacadóirí chun an chraobh a bhaint tar éis dóibh na Ciarraígh a chloí agus Craobh na Mumhan a bhuachan.

Murab ionann is na craobhacha idirchontae nó craobhacha sinsir na gclubanna fiú, bíonn sé deacair na craobhacha idirmheánacha a mheas agus a thuar. Ní fheictear na foirne céanna bliain i ndiaidh bliana agus feictear foirne ag teacht aniar aduaidh ar rogha na coitiantachta, mar a tharla do na Gaeil agus An Teampall Nua ó Chiarraí in 2022 agus 2020 nuair a sáraíodh iad sna babhtaí leathcheannais.

Bhain Naomh Caoimhín, Caisleán Riabhach áit amach sa chluiche seo tar éis dóibh Muine Mheá-An Mhainistir na Gaillimhe a chloí i gcluiche ceannais Chonnacht. Géarchoimhlint ar lá fuar, geimhridh a bhí i gceist ach bhí fir Ros Comáin chun tosaigh sa deireadh, 2-4 in aghaidh 0-8 agus na cúil faighte ag Eoghan O’Connell agus Nathan Bligh. Níl aon réalta mór idirchontae ag Naomh Caoimhín, rud a fhágann b’fhéidir go mbíonn ar gach imreoir a chuid a dhéanamh ach, sin ráite, imreoir tábhachtach dóibh é an tosach óg Adam McDermott, atá mar chuid de phainéal Ros Comáin.

Tá Naomh Caoimhín láidir i measc na gcosantóirí chomh maith ach cé go bhfuil leithéidí Sheáin Joyce, Jack Keane agus Michael Conroy ag déanamh go maith go dtí seo, tabharfaidh Cill na Martra a ndúshlán. Idir Dan Ó Duinnín, Micheál Ó Deasúna agus Maidhcí Ó Duinnín, tá triúr tosaithe acu atá breá ábalta slám scóranna a aimsiú agus is iomaí scór a chuireann leithéidí Damien Ó hUrdail, Ciarán Ó Duinnín nó Shane Ó Duinnín leo.

Tá Cill na Martra láidir chomh maith i lár na páirce agus chomh fada is a bheidh siad dírithe go hiomlán ar an gcluiche tráthnóna seachas a bheith ag smaoineamh cheana féin ar Pháirc an Chrócaigh, tá seans maith ann go mbeidh siad ag triall ar Bhaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo chugainn.

Fág freagra ar 'Obair le déanamh ag Cill na Martra sula mbeifear in ann smaoineamh ar Pháirc an Chrócaigh'